Tuesday, May 17, 2011

Teagascóirí á lorg!

Painéal de theagascóirí á chur le chéile ag Forbairt Naíonraí Teoranta

Forbairt Naíonraí Teoranta (FNT) ag lorg teagascóirí na luathbhlianta ó fud fad na tíre chun painéal a chur le chéile. Cuireann FNT cúrsaí aitheanta agus neamhaitheanta ar fáil trí Ghaeilge, dírithe ar an earnáil luathóige, go príomha Naíonraí Gaelacha.

Má tá tú suim agat sna luathbhlianta agus cáilithe chun ceardlann a thabhairt ar ábhar ar leith, nó má tá taithí agat ar mhodúil CDBO (FETAC) a mhúineadh, déan teagmháil linn.

Tá spéis faoi leith ag FNT sna hábhair a leanas: Modúil Cúram Leanaí CDBO Leibhéal 5 & 6, An Ghaeilge, Garchabhair, Fiontraíocht agus Airgeadais, Sábháilteacht Bia, Idirchultúrachas agus Comhionannas.

Moltar don té a bhfuil spéis aige bheith ar phainéal de theagascóirí FNT ríomhphost a sheoladh chuig eolas@naionrai.ie faoin 31 Bealtaine 2011.

Monday, May 9, 2011

Ruaille buaile ó Rí-Rá

Anois go bhfuil nuashonrú déanta ar fheidhmchlár Raidió Rí-Rá tá an cairtstáisiún Gaeilge ag iarraidh leagan úr an app a chur go barr chairteacha iTunes!

Tá na mílte daoine tar éis feidhmhchlár Raidió Rí-Rá don iPhone a íoschóipeáil in aisce ó iTunes ó seoladh é ag tús 2010, agus is féidir le héisteoirí cluas a chur leis an gcairtstáisiún Gaeilge tríd an iPhone s'acu ag am ar bith de ló 's d'oíche, tríd an bhliain ar fad, leis an app nuashonraithe anois.

Dúirt Cathaoirleach Raidió Rí-Rá, Traic Ó Braonáin : "Bhí agus tá an-tóir go deo ar app Raidió Rí-Rá chun scoth an cheoil ó na cairteacha a chloisteáil, á chur i áthair trí Ghaeilge 24/7. Anois is féidir le héisteoirí amharc ar shuíomh Raidió Rí-Rá, cairdeas a dhéanamh linn ar Facebook, agus an nuacht is déanaí a fháil ó shruth RSS ar an leagan nua den app ar an suíomh."

Is é Raidió Rí-Rá an t-aon stáisiún a sheinneann ceol ó na cairteacha ar fad trí mheán an Gaeilge tríd an bhliain ar fad ar-líne, le cláracha á gcur i láthair ag an óige, don óige. Tá súil ag an cairtstáisiún go gcuirfidh an nuashonrú seo feidhmchlár Raidió Rí-Rá i mbarr 25 na gcairteacha íoslódála iTunes an tseachtain seo.

Dúirt Aodhán Ó Deá, láithreoir Raidió Rí-Rá: "Tá Raidió Rí-Rá ag dul ó neart go neart le tamall anuas agus theastaigh uainn feidhmchlár an stáisiúin a fhorbairt chun sin a chur in iúl dár lucht éisteachta iPhone. Leis an nuashonrú seo, táimid ag iarraidh ar éisteoirí a rá lena gcairde go bhfuil áis iontach cheoil agus Ghaeilge ar fáil dóibh ó Raidió Rí-Rá gan costas ar bith, agus iad a spreagadh leis an app a íoschóipeáil in aisce ón suíomh inniu."

Sa bhreis ar chraoladh ar-líne tríd an bhliain ar fad, bíonn Raidió Rí-Rá ag craoladh beo ar an gcóras FM le linn mhí an Mhárta gach bliain ó bhí 2009 ann agus é ina stáisiún oifigiúil ag Seachtain na Gaeilge, féile idirnáisiúnta ar son na teanga, le trí bliana anuas. Bhí teacht ar níos mó ná milliún daoine ar Raidió Rí-Rá agus é ar FM i gcathracha ar fud na hÉireann le linn mhí an Mhárta 2011.

Is é an craoladh sealadach le linn mhí an Mhárta gach bliain an chéad chéim i dtreo stáisiún raidió Gaeilge don aos óg a chur ar an gcóras náisiúnta FM go lánaimseartha, dar le Traic Ó Braonáin, agus tá Raidió Rí-Rá de shíor ag iarraidh teacht ar mhodhanna éisteachta nua ionas gur féidir le daoine éisteacht leis an gcairtstáisiún Gaeilge aon uair gur mian leo, ar nós tríd an app iPhone nua.

Tá obair idir lámha ag Raidió Rí-Rá chun feidhmchlár Android a fhorbairt faoi láthair, tá an cairtstáisiún ag amharc ar fhéidearthachtaí dul ar an gcóras DAB agus tá siad ag dul i dtreo na teilifíse digití amach anseo chomh maith. D'eisigh Raidió Rí-Rá Albam Rí-Rá i gcomhar leis an Irish Daily Star le linn an chraolacháin i mí an Mhárta 2011 freisin, albam le hamhráin ó na cairteacha aistrithe go Gaeilge ag leithéidí The Rubberbandits, The Coronas, Fox Avenue agus eile.

Thursday, May 5, 2011

Tacaíocht ealaíne don spórt!

Beidh Na Gaeil Óga, CLG, i gcomhpháirt leis an ealaíontóir aitheanta Ultach Seán Pól Ó Flanagáin ag eagrú taispeántas ealaíne ina rachaidh 25% de bhrabús gach pictiúr a dhíoltar i dtreo an Chumann seo, Cumann Lúthchleas Gael lán-Ghaeilge na príomhchathrach. Seolfaidh Niamh Ní Shúilleabháin, láithreoir ALT Éire, clár ealaíne agus ceol ar Raidió na Life ag a 7.i.n. ar an 18 Bealtaine i gClub Chonradh na Gaeilge.

Le linn mí Bealtaine beidh Na Gaeil Óga, CLG ag tabhairt faoi chomórtas tiomsaithe airgid ina rachaidh foirne de bheaga in iomaíocht le chéile chun príomhdhuais an chomórtas a bhaint amach trí an méid is mó airgid a bhailiú don Chlub nua. Is é ballraíocht saol leis an Chlub príomhdhuais an chomórtas agus le linn na míosa tabharfaidh na grúpaí éagsúla faoi chlár dúshlánach d’imeachtaí tiomsaithe airgid.

Is é seo céad taispeántas ealaíne Sheáin Phóil Uí Fhlanagáin i mBaile Átha Cliath. Leanann Athimprisean a bhéas ar siúl ag Club Chonradh na Gaeilge le linn mí Bealtaine ón taispeántas an-ráthúil - Impressions Part 1, ag an Gailearaí Gerard Dillon i mBéal Feirste i mí Eanáir.

Iardhalta de chuid an Ghaelcholáiste iomráite Coláiste Feirste, tá Baitsiléir Ealaíon sa Mhínealaíon agus san Ealaíon Fheidhmeach bainteach amach Uí Fhlanagáin ó Ollscoil Uladh. Tá seónna indibhidiúla déanta aige i mBéal Feirste agus i nDún na nGall agus tá coimisiúin faighte aige le haghaidh dearadh leabhair agus dearadh seite.

Dúirt Seán Ó hAdhmaill as Na Gaeil Óga, CLG, “Tá an-áthas orainn go bhfuil ealaíontóir aitheanta cosúil le Seán Pól Ó Flanagáin sásta tacú leis an chlub nua s’againn agus gur sampla seo de na naisc gur féidir a chothú i measc na healaíne agus gnéithe eile den chultúr Gaelach ar leas a chéile.”
Lean sé “Cuirtear fáilte roimh chách ag an seoladh oifigiúil, agus deis ar dóigh a bhéas píosa ealaíon ar ardchaighdeán a fheiceáil, an píosa ealaíne a phlé leis an ealaíontóir agus a cheannach más spéis leat. Ar bharr sin, beidh a fhios agat gur ag tacú le togra Gaelach sa phríomhchathair a bhéas tú agus tú ag ceannach pictiúr ag taispeántas Athimprisean.” 

Leanfaidh an taispeántas ealaíne idir an 18 – 25 Bealtaine i gClub Chonradh na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair, B.Á.C. 2.  Tá leathanach ócáide Facebook bunaithe don ócáid dar teideal Reimpressions
Tá an taispeántas ealaíne seo coiméadaithe ag Tony Strickland.