Tuesday, January 31, 2012

Gearchéim earnáil deonach na Gaeilge!

Ráiteas ó Iar-Uachtaráin Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge ar an tSamhail Nua Mhaoinithe atá beartaithe ag Foras na Gaeilge
Is mian linne, mar Iar-Uachtaráin ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, a bhfuil 24 balleagraíochtaí inti, an ráiteas seo a dhéanamh ag uain atá chomh cinniúnach d’earnáil dheonach na Gaeilge.

Na fíricí
Faoi ghlás!
1. Is cuid fhíorthábhachtach den pholaitíocht dhaonlathach nua-aimseartha í earnáil phobail dheonach bheoga, agus aithnítear seo timpeall na cruinne. I stáit dhaonlathacha éiritheacha, is minic a thugtar cúnamh seachtrach chun rannpháirtíocht sa stát a chinntiú ón tsochaí shibhialta eagraithe, ar nós an chúnaimh a thug an tAontas Eorpach do thíortha iarchumannacha in Oirthear na hEorpa.

2. Tá Gluaiseacht Dheonach na Gaeilge, agus na heagrais a bhaineann léi, nasctha ar bhealach domhain le bunú an Stáit agus leis an bhforbairt a tháinig ina dhiaidh sin ar pholasaithe teanga na tíre ceannasaí. Ní hamháin go raibh na polasaithe seo ceannródaíoch ag an am, ach cuireadh i bhfeidhm iad le linn blianta deacra geilleagracha. Faoi theidil éagsúla, chabhraigh Earnáil Dheonach na Gaeilge leis an Stát chun gnéithe pobalbhunaithe na bpolasaithe sin a chur i bhfeidhm, agus ina ról, atá uathúil don earnáil dheonach, chun ionadaíocht a dhéanamh thar ceann lucht labhartha na Gaeilge agus a mianta siúd a chur faoi bhráid an Stáit. Tá ról níos leithne ag earnáil dheonach na Gaeilge sa tsochaí Éireannach ná mar a léirítear sa téarma “tríú hearnáil”. Go deimhin, nuair a bunaíodh an áisíneacht stáit, nó quango, Foras na Gaeilge, d’fhonn athchothromú a dhéanamh ar ionad na Gaeilge i dTuaisceart Éireann, aistríodh chuig an áisíneacht nua tríd Acht a bunaithe 1999, ó Roinn an Aire a bhí freagrach astu go dtí sin, na feidhmeanna maoinithe i leith ocht gcinn d’eagraíochtaí deonacha, thuaidh agus theas.

3. Is mór idir inné agus inniu, a deir an seanfhocal. Is dócha go bhfuil an Stát sa droch-chaoi chéanna anois is a bhí nuair a tionscnaíodh polasaithe teanga ar dtús tar éis a bhunaithe. Aithníonn an earnáil dheonach státmhaoinithe é seo, agus tá sí sásta freagairt de réir mar a theastaíonn, ach is gá gur trí phróiseas aontaithe rannpháirteach a dhéanfar seo, agus é sin go sonrach sna réimsí polasaithe sin nach ndéanfaidh dochar aimhleasach d’fhorbairt nó do chur chun cinn na Gaeilge ó thuaidh agus ó dheas sa todhchaí. Is gá go mbainfí úsáid as critéir chuí, nuair atá ‘luach ar airgead’ á mheas sna réimsí sóisialta, cultúrtha agus intleachtacha.

4. Is uirlis athraithe thútach atá i bhfreagra na háisíneachta maoinithe, Foras na Gaeilge, agus athrú aontaobhach á bheartú ó bhunmhaoiniú go maoiniú gearrthréimhseach iomaíoch oscailte bunaithe ar thionscadail –
is athrú é seo le himpleachtaí fadtéarmacha a fhágfaidh drochbhail ar an nGaeilge ó thuaidh agus ó dheas.

5. Is léir go raibh freagra na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas (Béarla) do mholadh an Fhorais tugtha i bhfolús eolais, toisc nár tugadh deis dóibh siúd is mó a bheidh thíos leis na hathruithe molta seo léiriú ar na himpleachtaí a chur faoi bhráid na Comhairle, bíodh an léiriú sin ó na heagrais bhunmhaoinithe nó uathu siúd a bhaineann leas as saothar na n-eagras.

6. Má tá rath le bheith ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge nó leis an gcur chuige nua i dTuaisceart Éireann, is sa phobal, tríd an bpobal, agus le taithí an phobail a bhainfear seo amach.

7. Bíodh seo déanta d’aon turas nó ná bíodh, is iad iarmhairtí loma na samhla nua maoinithe atá molta ag Foras na Gaeilge ná go mbeidh eagraíochtaí deonacha fadbhunaithe dhícheallacha ligthe i léig.

8. Mar IarUachtaráin ar eagraíocht abhcóideachta ionadaíoch a bunaíodh i 1943, airímid go gcaithfeadh go bhfuil réiteach níos fearr ar an scéal seo ná mar atá á mholadh ag Foras na Gaeilge. Teastaíonn seirbhísí leanúnacha chomh maith le tionscnaimh nua ón nGaeilge agus ó phobail labhartha na teanga, agus tá sé seo tuillte acu. Cuirimid na moltaí a leanas chun cinn, moltaí maoinithe agus moltaí struchtúrtha, i dtreo réiteach a fháil a bheidh inghlactha ag cách.

9. Beidh buiséad de dhíth chun tabhairt faoi na scéimeanna ócáidiúla atá á moladh. B’fhéidir an buiséad sin a roinnt ar bhealaí eile.

9.1 Bealach 1:
Blocbhuiséad áirithe trí bliana a ainmniú do shaothar na n-eagraíochtaí sa phobal agus Comhchoiste a bhunú ar a mbeadh ionadaithe tofa ag na heagraíochtaí agus ionadaithe ainmnithe ag Foras na Gaeilge d’fhonn an bhuiséad sin a riaradh de réir coinníollacha dochta. Shaorfadh Bealach 1 foireann an Fhorais chun obair eile ar son na Gaeilge a bheith ar siúl acu.

9.2 Bealach 2:
I dteannta an bhlocbhuiséid sin, buiséad ar leith a bheith á riaradh ag Foras na Gaeilge féin ar chóras scéimeanna ar bhonn iomaíoch mar atá á dhéanamh acu le scéimeanna eile.

10. Mar chríoch, ní fiúntach comhairliúchán poiblí mar atá beartaithe a thionscnamh ar ábhar chomh tromchúiseach mura bhfuiltear sásta bealaí eile a iniúchadh chomh maith, an status quo ina measc, ar bhonn an daonlathais ar a laghad.
Is é ár moladh struchtúrtha mar sin, ná Grúpa ionadaíoch a bhunú, faoi Chathaoirleacht neamhspleách, chun féidearthachtaí a phlé ionas go dtiocfar ar réiteach comhaontaithe, atá bunaithe ar na fíricí go léir atá ar fáil, le cur faoi bhráid na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas.

Is sinne le meas,

Helen Ó Murchú (1995 – 1998) (2010 – 2011)
P.T. Mac Ruairí (2004 – 2010)
Caitríona Ní Cheallaigh (2001 – 2004)
Pádraig Mac Donncha (1998 – 2001)
Liam Mac Mathúna (1992 – 1995)
Pádraig Ó Ceithearnaigh (1987 – 1992)

Friday, January 27, 2012

Aon lá amháin

Maith dúinn an tSacs-Bhéarla!
Seo an lá deireannach abhneachtaí & suirbhé a chuir isteach don athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Tá deis mhór againn fós an acht a láidriú agus brú a chur leis an gcinneadh chun Oifig an Choimisinéara Teanga a dhúnadh mar oifig neamhspleách agus í a chur faoi Oifig an Ombudsman a athrú.

Ta sé go hiontach an obair ar fad ata déanta agat agus ag pobal na Gaeilge agus Gaeltachta trí chéile le daoine a mhealladh chun suirbhéanna agus aighneachtaí a líonadh agus a chur chuig an Roinn. Chuir an Roinn in iúl do Chonradh na Gaeilge ar an Luain seo caite go raibh 381 suirbhé curtha chucu agus tá a fhios acu ó shin go bhfuil ar a laghad 500 suirbhé sa bhreis ar sin curtha ar aghaidh.

Níl ach 46 aighneacht, áfach, curtha chucu ag an bpointe seo. Is ceart mar sin an brú deireanach a chur orthu agus daoine a mhealladh, ach go háirithe, le haighneachtaí a chur chuig an Roinn mar ábhar práinneach. 

moltaí do na haighneachtaí mar anseo (i bhfoirm MS Word - le cuid mhaith de na moltaí ón Siompóisiam i TCD an Satharn seo caite chomh maith le moltaí ón Tóstal agus an Coimisinéir Teanga  san áireamh). Más féidir linn dá bhféadfá-sa, a léitheoir, TRIÚR ar a laghad a mhealladh le haighneachtaí a chur chuig an Roinn sa chéad 4 lá eile. 

Is féidir teacht ar na haighneacht ar-líne ag: Aighneacht_Ar Line!

Roinn na Gaeltachta ar mhaidin Dé Chéadaoine le cabhair uait!
Dar ndóigh, ní bheidh deireadh leis an bhfeachtas ar an 31 Eanáir. Mar sin bí ag faire ar an eolas faoin gcéad chéim eile!

Tuesday, January 17, 2012

Eolaire gairme á eagrú ag Poball Chluian Tarbh

Tá Pobal Chluain Tarbh, eagras deonach, ag ceiliúradh 40 bliain a bhunaithe i mbliana.  

Ó bunaíodh Pobal Chluain Tarbh tá sé mar aidhm aige cuidiú le cur chun cinn na Gaeilge i gcoitinne, go háirithe i ngnáth cúrsaí an tsaoil.  Mar chuid den gceiliúradh tá sé beartaithe acu eolaire gairme agus ceirde a chur ar fáil mar áis do dhaoine ar fud na hÉireann gur mian leo a n-gnó a dhéanamh trí mheán na Gaeilge.  Feictear do Phobal Chluain Tarbh go mbeadh toradh leanúnach ar a leithéid de eolaire a chuirfeadh ábhar clianta ar an eolas faoi lucht gairme agus ceirde na Gaeilge i ngnáth cúrsaí an tsaoil.  

Dá forleithne is a bhíonn eolas faoi a leithéid seo de eolaire is ea is mó seans a bheidh ann go leathnófaí usáid na Gaeilge i ngnáth cursaí an tsaoil.  Mar a deir an seanfhocal “Ní neart go cur le chéile”"Ba mhór ag Pobal Chluain Tarbh dá gcuirfeá do ghaolta agus do chairde le Gaeilge ar an eolas faoin bhfiontar seo; agus go ndéanfá féin agus do chairde le Gaeilge clárú ann." a deireann Séamus Mac Giolla Ruaidh
Cathaoirleach Phobal Chluain Tarbh.   

D’fhonn an eolaire a bhunú tá foirm cláraithe do lucht gairme agus ceirde le fáil, inar féidir saineolas faoin a réimse gairme nó ceirde a thabhairt, ullmhaithe agus  fáil air trí ríomhphost a sheoladh chuig pobalchluaintarbh@gmail.com.  

Beidh fáil ar an eolaire féin ar an seoladh ríomhphoist céanna agus déanfar athbhreithniú ar an eolaire gach ráithe. Nil aon costas cláraithe nó eile i gceist.

Thursday, January 12, 2012

Leasú chun feabhais!

Tá sé i gceist ag  Scoil an Dlí agus Oifig na Gaeilge,  Coláiste na Tríonóide, i gcomhar le  Craobh na gCeithre Chúirteanna de Chonradh na Gaeilge (le tacaíocht ó Ghuth na Gaeltachta), Siompóisiam Poiblí a reáchtáil ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 i gColáiste na Tríonóide ar an Satharn 21 Eanáir 2011.
#achtgTCD - an haischlib a úsáidtear don siompóisiam seo

'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003: Leasú chun feabhais' a bheidh mar theideal ar an Siompóisiam seo, atá á chur ar siúl i gcomhthéacs an athbhreithnithe atá fógartha ag an Rialtas maidir le feidhmiú na reachtaíochta agus a héifeachtachta.

Seo mar a leanas leagan amach an tSiompóisiam:
Na Cainteoirí

Seán Ó Cuirreáin

Ar an 23 Feabhra 2004 a ceapadh Seán Ó Cuirreáin ina chéad Choimisinéir Teanga de réir Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.
Athcheapadh ar an mbealach céanna é do thréimhse eile 6 bliana ar an 23 Feabhra 2010.
Tá feidhmeanna agus cumhachtaí an Choimisinéara Teanga leagtha amach san Acht agus tá neamhspleáchas iomlán aige ina ról mar Choimisinéir Teanga.
Aonghus Dwane
Tá Aonghus Dwane ag obair le Coláiste na Tríonóide mar Oifigeach Gaeilge (sheol an Coláiste a scéim teanga i 2010). Is aturnae é, agus nuair a bhí sé ag obair le hOifig an Stiúrthóra Ionchúisimh Phoiblí, bhí sé bainteach le scéim teanga na hoifige sin.
Dáithí Mac Cárthaigh

Is abhcóide é Dáithí Mac Cárthaigh. Chomh maith leis sin tá sé mar chomhordaitheoir Dlí agus Gaeilge le hÓstaí an Rí. Tá sé ina chónaí i Ráth Chairn.
Julian de Spáinn
Tá Julian de Spáinn mar Ard-Rúnaí ar Chonradh na Gaeilge ó 2005 agus roimhe sin bhí sé mar Bhainisteoir ar Sheachtain na Gaeilge Teo. Bhí sé mar Uachtarán ar Aontas na Mac Léinn in Éirinn i 2000/01.
Éamonn Mac Niallais

Tá Éamonn Mac Niallais mar urlabhraí le Guth na Gaeltachta (feachtas neamhpholaitiúil, traspháirtí é Guth na Gaeltachta atá dírithe ar chás na Gaeilge agus na Gaeltachta). Chomh maith leis sin tá Éamonn mar Riarthóir Ionad Ghaoth Dobhair d'Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.


1. 10.00 - 11.45 SEISIÚN 1 
SÚIL SIAR A CHAITHEAMH AR FHORFHEIDHMIÚ NA REACHTAÍOCHTA Ó 2003 I LEITH.
Aitheasc ón gCoimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, maidir le taithí a oifige féin; aitheasc ó ionadaí as Roinn na hEalaíona, na hOidhreachta agus na Gaeltachta agus léargas a fháil ó Oifigeach Gaeilge in eagras poiblí maidir le cur i bhfeidhm na reachtaíochta go hinmheánach in eagras.

2. 12.00-13.30 SEISIÚN 2
LÉARGAIS A FHÁIL AR ÉIFEACHTACHT NA REACHTAÍOCHTA.
Dáithí Mac Cárthaigh BL maidir le cur i bhfeidhm na reachtaíochta sa chóras dlí;
Julian de Spáinn, Ard Rúnaí Chonradh na Gaeilge maidir le dearcadh eagras Ghaeilge ar éifeachtacht na reachtaíochta agus a dtuairimí lena fheabhsú;
Éamonn Mac Niallais ón bhfeachtas pobail Guth na Gaeltachta maidir leis an chaoi a fheidhmíonn an reachtaíocht ar son cearta teanga ar an talamh sna Gaeltachtaí agus na leasuithe a mheasann siad atá de dhíth.

3. 14.00-15.00 SEISIÚN 3
RÉIMSE LEATHAN TUAIRIMÍ AR CHEIST NA REACHTAÍOCHTA, NA H-ATHBHREITHNITHE AGUS A FHEABHSAITHE.
Tá siad siúd bailithe le chéile ó ionadaithe na n-eagras Ghaeilge agus ó dhaoine aonair, trí Fhóram Plé oscailte a éascú. Eimear Ní Chonaola (TG4) a bheidh i mbun an Fhóram Plé.Is í Eimear Ní Chonaola an príomhláithreoir nuachta ar TG4. Is an Spidéal di ó dhúchas agus is céimí í d'Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Beidh sé mar aidhm ag an Siompóisiam páipéar cuimsitheach a chur le chéile, bunaithe ar imeachtaí an lae, ar na ceisteanna uile atá le tabhairt san áireamh agus athbhreithniú an Rialtais ag dul ar aghaidh. Déanfar é seo trí Rapporteur /Tuairisceoir a fháil, a leanfaidh imeachtaí an lae go géar agus a thabharfaidh faoi pháipéar a chur le chéile. Cuirfear é seo ar fáil don Rialtas mar ábhar cúnaimh don phróiseas athbhreithnithe.

Beidh an ócáid seo oscailte do mhic léinn, cleachtóirí dlí agus phobal mór na Gaeilge, mar aon le hionadaithe ó na heagrais Ghaeilge, agus gach éinne le spéis san ábhar, agus beidh fáilte ar leith roimh ionchur san Fhóram Plé.

Cuirfear sólaistí ar fáil. Tosóidh imeachtaí an lae ag 10.00am le fáilte ón Ollamh Gerry Whyte ó Scoil an Dlí, Coláiste na Tríonóide, agus le cúpla focal ó Eithne Reid O’Doherty BL, rúnaí, Craobh na gCeithre Chúirteanna.