Monday, February 20, 2012

"Níl aon riachtanas dlíthiúil..." Bus Átha Cliath

..seachas na Gael?
Chuireas teachtaireacht chuig Bus Éireann le déanaí faoi nach Bus Átha Cliath ach Dublin Bus atá ar a suíomh acu. Tá jab mhaith déanta anois acu de na comharthaí ama ag na stáid bhus sa cathair (taobh amuigh de botúin ait ó am go chéile mar seo ag an Nollaig. Ach bhí ar an Coimisinéir Teanga brú a chuir ortha é sin a dhéanamh.  Níl Gaeilge ar bith ar an suíomh acu (Dublin Bus) afach!

Seo an comhfhreagras:

A Chara
Bhí sé de nós agam dul chuig busathacliath.ie chun teacht ar eolas faoin clár ama na mbusanna i mBaile Átha Claith ach níl sé ag obair anois! Ar athraing sibh bur ainm in iomlán go Béarla anois. Cé fáth?
Déanam an rud céanna le Iarnród Éireann agus cé nach bhfuil iarnrodeireann.ie ann anois chuireann sé go uaithoibríoch chuig an suíomh agus URL nua mé.
Le meas

Eoin, a chara,
Go raibh maith agat as ucht ár gcuid airde a tharraing ar an ábhar seo. Tá an suíomh gréasáin www.busathacliath.ie i mbun feidhme. Is féidir le fostaithe de chuid Bus Átha Cliath breathnú air go hinmheánach ag baint úsáide as ríomhairí na cuideachta agus tá iniúchadh á dhéanamh againn faoi láthair ar an bhfáth nach féidir breathnú ar an suíomh go seachtrach.
Is mise le meas,
Maria
Maria Brennan
Acting Media and Communications Manager
Media and Communications Department, Dublin Bus,

Maria,
Gura maith agat.
Feicim nach bhfuil an eolas le fáil i nGaeilge ar an suíomh. Céard iad na pleannana atá agaibh leis an obair sin a dhéanamh agus go mbeidh muid i ndán an eolas a léamh agus ticéidí a órdú i nGaeilge ann?
Beir bua!

Eoin, a chara,

Níl suíomh gréasáin Bhus Átha Cliath ar fáil ach i mBéarla amháin faoi láthair.

Ag an bpointe seo, níl sé i gceist againn leagan Gaeilge den suíomh gréasáin a chruthú. Tá roinnt cúiseanna leis seo:
  • Tá Bus Átha Cliath gafa le staid airgeadais deacair de thoradh an chúlaithe. Bheadh costas suntasach i gceist le haistriúchán a dhéanamh ar an bhfaisnéis agus na háiseanna uile atá ar fáil ar ár suíomh gréasáin i láthair na huaire.
  • Bheadh acmhainn tiomnaithe ag teastáil le suíomh gréasáin Gaeilge a choinneáil chun a chinntiú go gcoimeádfaí an fhaisnéis suas chun dáta agus cruinn. Mar shampla, is féidir an chuid News Story den suíomh gréasáin againn a nuashonrú ar an toirt anois le faisnéis seirbhíse. Mar an soláthraí iompair phoiblí is mó i mBaile Átha Cliath, tá ár gcuid seirbhísí faoi réir athruithe um bainistiú tráchta ar bhonn laethúil. Má tharlaíonn tionóisc sa chathair, is minic go gcuirtear seirbhísí ar mhalairt slí ar gearrfhógra agus seans nach leanfadh sé seo ach achar gairid ama. Déantar ár rannóg News Story a nuashonrú go gasta leis an bhfaisnéise seo do chustaiméirí agus bheadh acmhainn bhreise de dhíth chun leagan Gaeilge den rannóg úd a sholáthar chun a chinntiú go n-aistreofaí an cineál seo faisnéise go cruinn ar bhonn tráthúil.
  • Níl aon riachtanas dlíthiúil ann leagan Gaeilge den suíomh gréasáin a sholáthar.

Tá súil agam nach gcruthaíonn sé seo aon mhíchaoithiúlacht duit.
Is mise, le meas,

Maria Brennan
Acting Media and Communications Manager

Is minic a faightear freagraí mar sin.

De gnath is ceist "aistriúchán" ó Bhéarla go Gaeilge, atá i gceist ach cén fáth nach féidir stuif a scríobh i nGaeilge agus a aistriú go Bearla. Meas tú cén cineál a deanadh faoi "chostas aistriúcháin" ansin?

1 comment:

  1. Is í an bhuncheist ná 'cad chuige nár fhostaigh siad duine le hardchumas ar an Ghaeilge acu sa chéad dul síos?' Tá sé beagnach dochreidte, 9 mbliana i ndiaidh síneadh Achta na dTeangacha Oifigiúla go mbíonn, is cosúil, formhór na gcomhlachtaí poiblí sona sásta leanstan ar aghaidh leis an tseandóigh i mbíodh acu, inarbh fhéidir le achan rud a bheith aonteangach i mBéarla amháin. Díol mór spéise agus crá croí do ghaelphobal Átha Cliath go raibh ar Bhus Átha Cliath na comharthaí fíor-ama a tharraingt anuas agus iad a chur dátheangach - dá ndéanfadh siad i gceart sa chéad áit é, cha bheadh costas airgid sa bhreis i gceist ar chor ar bith.

    ReplyDelete