Thursday, March 22, 2012

Ag tógáil do theaghlaigh le Gaeilge!


Plé agus taighde ann ar na fadhbanna a bhaineann leis, agus conas iad a shárú

Fairis na mílte teaghlach sa Ghaeltacht, cónaíonn na céadta teaghlach Gaelach eile taobh amuigh den Ghaeltacht sna bailte, sna cathracha, agus thar lear.

Anailís agus cur síos atá sa leabhar seo, Thógamar le Gaeilge Iad, ar na teaghlaigh Gaelacha seo i gcoitinne, agus go háirithe ar na fadhbanna lena gcaithfidh siad streachailt gach lá, idir scolaíocht, comhluadar, rialtas áitiúil, seirbhísí pobail, acmhainní foghlama agus siamsaíochta, meáin, cearta sibhialta agus eile.

Ach tuar dóchais atá sa leabhar seo, atá foilsithe ag Coiscéim. Taispeántar an chaoi ina bhfuil pobal cainteoirí dúchais ag teacht chun cinn sna cathracha, ainneoin easpa tacaíochta ó na húdaráis, agus mar atá an eagraíocht Comhluadar, a thosaigh sna nóchaidí le cúpla scór teaghlach, anois ag freastal ar bhreis agus 650 teaghlach.

Thar aon rud eile, ámh, tugann an leabhar seo dóchas do dhuine ar bith atá ag déanamh machnaimh ar thógáil clainne le Gaeilge. Cuirtear síos, ní amháin ar na míbhuntáistí, ach ar na buntáistí agus an luach saothair a bhaineann le páistí a thógáil le Gaeilge. Taispeántar freisin go bhfuil daoine go leor ag glacadh leis an dúshlán seo cheana féin.

Pointí
• Tá Gaeilge á labhairt mar theanga teaghlaigh ar fud na hÉireann agus thar lear.
• Tá eagla mar sin féin ar go leor tuismitheoirí (go háirithe siúd nach cainteoirí dúchais iad) go bhfuil a bpáistí ag foghlaim drochGhaeilge (rud nach fíor, den chuid is mó).
• Tá roinnt tuismitheoirí den tuairim go bhfuil drochthionchar ag scoileanna ar Ghaeilge a bpáistí.
• Maireann roinnt teaghlaigh Gaelacha faoi scáil dhorcha Hugo Hamilton. Chun lipéad na héadulaingthe a sheachaint, roghnaíonn roinnt tuismitheoirí gan socraithe daingne teanga a bheith acu ina dteaghlaigh, rud a mhilleann cúrsaí teanga iontu go tapa.
• Is féidir páistí a chur ag labhairt Gaeilge gan dua ná strus, ach an cur chuige ceart a bheith agat.
• Foghlaimeoirí, seachas cainteoirí dúchais, is ea cuid suntasach de na tuismitheoirí nua.
• Níl mórán freastail á dhéanamh ar dhéagóirí le Gaeilge go fóill.

No comments:

Post a Comment