Sunday, May 27, 2012

Sáréacht Cholmáin!


Aitheantas don sáréacht atá déanta ag Colmán Ó Raghallaigh ar son Leabhair do Pháistí in Éirinn.
Jenny Murray (CBI), Áine Ní Ghlinn (Leiritheoir), Colmán Ó Raghallaigh agus Mags Walsh (CBI)
Roghnaítear eagraíocht nó duine gach bhliain ag an CBI (Béarla) mar aitheantas ar an sarobair  atá déanta acu in earnáil leabhair do pháistí in Éirinn.

Le seacht mbliana déag anuas tá Colmán Ó Raghallaigh ag saothrú leis mar scríbhneoir agus mar fhoilsitheoir Gaeilge. Bíonn nuálaíocht le brath i gcónaí i saothar Cholmáin – ní hamháin sna leabhair a tháinig óna pheann féin (An Táin, Scéalta Ruairí agus go leor leor eile)  ... ach bíonn nuálaíocht le brath freisin sna leabhair ar fad a fhoilsíonn a chomhlucht Cló Mhaigh Eo.  

I gCló Mhaigh Eo tugann Colmán deis do scríbhneoirí Gaeilge rudaí úra, rudaí spéisiúla a chruthú sa teanga.

Saturday, May 5, 2012

Gaeilge i gColáiste na Trionóide

Iarratais á nglacadh anois le haghaidh Scéim Dhartraí na Chéad Bhliana 2011-2012


Oifig na Gaeilge TCD ag glacadh anois le hiarratais ar Scéim Chónaithe Dhartraí (Halla na Tríonóide), do mhic léinn a bheidh ag teacht go dtí Coláiste na Tríonóide i 2012. Tá 12 áit á dtairiscint do 2012-2013.

Colm MacGearailt, Tiarnán Ó caithin agus
Caitriona Ni Mhaolchathaigh ó Scéim
Chónaithe TCD ag baint sult as Éigse na Tríonóide
Tá an Fhoirm Iarratais anseo.  Tabharfar tús aite d'iarratais a fhaightear in Oifig na Gaeilge ar/roimh an Déardaoin 31 Bealtaine 2012. Tá na hiarratais le sheoladh chuig "Scéim Chónaithe Dhartraí", Oifig na Gaeilge, An Téatar Thiar, Colaiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath 2.

Díolfar deontais €1,000 do na mic léinn ar na coinníollacha seo leanas:
An Ghaeilge a labhairt ina saol laethúil san árasán ina bhfuil siad.
Páirt ghníomhach a ghlacadh in imeachtaí Gaeilge an Choláiste agus i saol an Choláiste i gcoitinne.
Foirm a shíniú roimh ré á dhearbhú go gcomhlíonfaidh siad coinníollacha na Scéime.
Tuairiscí a thabhairt ag deireadh an chéad téarma agus ag deireadh an dara téarma d’Oifigeach Gaeilge an Choláiste ar na slite inar chomhlíon siad coinníollacha na Scéime
Beidh ar na mic léinn féin íoc as an iostas seo. Téann an deontas i dtreo costaisí a laghdú dóibh.

Eolas breise
Tá an Scéim seo á riaradh ag Coiste na Gaeilge i gcomhar le Maor Halla na Tríonóide d’fhonn úsáid na Gaeilge a chur chun cinn i saol Choláiste na Tríonóide.

Déanfaidh Coiste na Gaeilge suas le 12 áit ar an Scéim a thairiscint ar bhonn na n-iarratas seo. Dréachtfar liosta feithimh freisin, ar eagla nach n-éireodh le gach éinne den chéad dream áit a fháil sa Choláiste féin.

Coinneofar aon eolas a thugtar dúinn príobháideach agus faoi rún.

Déanfar iarratais a mheas ar bhealach cothrom.

Díolfar leath an deontais i ndiaidh na Nollag agus an leath eile ag deireadh na bliana acadúla. Sa chás nach mbeidh na coinníollacha á gcomhlíonadh ag mac / iníon léinn, beidh sé de cheart ag an gCoiste a b(h)allraíocht sa Scéim a scor.

Eagraíonn mic léinn na scéimeanna neart imeachtaí Gaeilge ar nós céilithe, turais, ciorcail chomhrá, tóraíocht taisce agus scóráil sciobhtha. Tugann siad cuairt ar an Oireachtas gach bliain. Bíonn siad páirteach in imeachtaí Éigse na Tríonóide, seachtain Gaeilge an Choláiste. Bíonn réimse leathan cúrsaí á leanúint ag mic léinn na scéimeanna, ó leigheas go dlí agus ón fhealsúnacht go Gaeilge. Tagann siad ag gach cearn den tír, Tuaisceart Éireann san áireamh.