Monday, January 14, 2013

Scoil i gCill Dara

Gaelscoil nua do Chill Dara Thug an t-Aire Ruairí Quinn fios don phobal inniu go bhfuil bunscoil lán-Ghaeilge nua le hoscailt i mBaile Chill Dara i Meán Fómhar na bliana seo. San fhógra céanna chuir an tAire in iúl go bhfuil tús á chur leis an dara cuid den suirbhé ar thuismitheoirí mar gheall ar dhífheistiú scoileanna ón eaglais Chaitliceach.

Deir Ard-Rúnaí An Foras Pátrúnachta, Caoimhín Ó hEaghra, “Tá ríméad orainn do mhuintir Chill Dara. Tá éileamh ollmhór do scoil lán-Ghaeilge sa cheantar rud atá léirithe sna liostaí feithimh a bhíonn ag na scoileanna lán-Ghaeilge eile sa cheantar. Tá An Foras Pátrúnachta buíoch don Roinn as freagra dearfa a thabhairt ar a n-iarratas ar son mhuintir Chill Dara.”
Dífheistiú Scoileanna Caitliceacha
Ó thaobh Dífheistiú Scoileanna Caitliceacha tá tús á chur leis an dara cuid den suirbhé ar 38 ceantar ar fud na tíre. Tá an tAire ag iarraidh ar thuismitheoirí ó na ceantair seo dul ar líne agus an suirbhé a líonadh roimh an Aoine, 08 Feabhra 2013. Is féidir an suirbhé a fháil ar suíomh na Roinne nó is féidir gach eolas a fháil ar ár suíomh ag www.foras.ie. Deir Ó hEaghra "deis iontach é seo do thuismitheoirí ar mhaith leo oideachas lán-Ghaeilge a chur chun cinn ina gceantar. Is fiú dóibh an suirbhé a líonadh agus scoil lán-Ghaeilge faoi An Foras Pátrúnachta a roghnú’. Creidimid go bhfuil ceart ag gach dalta oideachas trí Ghaeilge a fháil má tá sé uathu. Seo deis do thuismitheoirí an ceart sin a lorg.” 

Tá An Foras Pátrúnachta ag soláthar éagsúlacht agus iolrachas agus ag freastal ar éileamh thuismitheoirí ó bunaíodh é i 1993. Beidh eolas cuimsitheach mar gheall ar an bpróiseas ar a suíomh agus beidh siad ar fáil chun eolas a sholáthar ar bhuntáistí oideachas lán-Ghaeilge, an sainspiorad Ilchreidmheach nó fúinn mar phátrún.

No comments:

Post a Comment