Sunday, June 30, 2013

An tUltach: "Fearg, suaitheadh intinne agus díoma.."


Is mar seo a chéad chualamar inné (29 Meitheamh) faoi nuacht an gníomh, nó easpa gníomh seo ó Fhoras na Gaeilge. Níos déanaí sa lá bhí sceal níos doimhne ag "An Tuairisceoir" faoin scéal - "Deireadh le maoiniú an tUltach." Is cosúil nach bhfaigheann An tUltach ach £16,000 sa bhliain mar sin is cosúil nach bhfuil mórán le sabháil trén dtarraingt siar seo!

Mar a deireann duine ar facebook aréir: "Mura bhfuil sé de dhualgas ar an Fhoras tacaíocht thabhairt do leithéidí "An tUltach", rud a dhéanann freastal maith ar lucht na Gaeilge, ní thuigim cad iad na dualgaisí atá orthu go díreach."

Ceist mhaith!

Pleanáil teanga?
Tá se deacair a creidiúnt go bhfuil an Foras, nó na Rialtais atá taobh thiar de dairíre faoin dteanga nó faoi pobal na Gaeilge. Ó tháinig FG/LO i gcumhacht is deacair a fheiscint cén maitheas, nó cén spéis atá acu sa teanga. Mar a dúirt an Coimisinéir Teanga - post atá siad le h-íosgrádú - "...i státchóras na tíre, agus ar scáth aon choiscéim a tugadh chun tosaigh, ba chosúil go raibh péire á dtabhairt ar gcúl...” (Tuairisc Márta 2013). Dúirt sé ag an gcéad cruinniú idirnáisiúnta de Choimisinéirí Teanga i mí Bealtaine. Sé an teachtaireacht láidir atá a fháil ag pobal na Gaeilge ón státchóras ná: "Labhraigí Gaeilge le chéile ach nár labhair linne í!"

Tá píosa scríofa ag Réamonn Ó Ciaráin, Cathaoirleach An tUltach a míoníonn an scéal, stair agus tabhacht na h-irise agus a chuid mothúcháin féin faoi:

Bunaíodh an tUltach sa bhliain 1924 agus tá sí ar an Iris Ghaeilge is sine atá á foilsiú go fóill. An bhliain seo chugainn beidh an Iris ag ceiliúradh 90 bliain ar an fhód. Tá síntiúsóirí ag An tUltach in achan chontae in Éirinn agus go leor thar lear fosta.

Bhí ardmholadh ag An Dr. Regina Uí Chollatáin ina tuairisc ‘Tuarascáil ar straitéis úr maidir le Foras na Gaeilge i leith earnáil na meán Gaeilge clóite agus ar líne - Athláithriú agus athshealbhú teanga’, a choimisiúnaigh Foras na Gaeilge, don tUltach,

Mionghearrthóir an Fhorais?
‘Tá An tUltach ag cothú phobal na Gaeilge agus scríbhneoirí ó bhí 1924 ann., Ta sí ar an iris Ghaeilge is faide ar an saol gan bhriseadh. [sic] Tugadh ardán, do na scribhneoirí móra Ultacha ann thar na blianta – Seosamh Mac Grianna, 'Máire' agus Niall Ó Dónaill ina measc. Foilsítear ábhar le scribhneoirí ár linne, féin sa lá atá inniu ann – Gréagóir Ó Dúill, Cathal Ó Searcaigh, Gearóid Mac Lochlainn agus mórán eile. Cuirtear ábhar ar fáil d’fhoghlaimeoirí agus, scoileanna, bíonn agallaimh ann le daoine atá i mbéal an phobail agus pléitear, ceisteanna móra an lae.’,


‘Seirbhís fhiúntach á soláthar ar phobal ar leith agus ag éirí go maith leis an iris freastal ar chanúintí an tuaiscirt agus an iarthuaiscirt sa chomhthéacs sin agus i gcomhthéacs an eagrais, Comhaltas Uladh’.,

‘Tá an fóram seo éifeachtach agus tarraingteach. Ta claonadh Ultach ar dhearadh agusar ábhar na hirise féin agus cloítear leis an gcur chuige seo a thugann tús áite dophobal ar leith. De thoisc fadsaoil na hirise fosta feileann an chruth ina bhfuil sí faoi, láthair don phobal úd ach tugann an blag ardán eile agus stádas eile dá réir don iris. Tásaibhreas agus luach ar leith leis an iris seo sa dóigh go bhfuil gné an chanúnachais agbaint léi. Gné eisceachtúil de na meáin Ghaeilge chlóite agus ar líne í seo nach bhfuil á saothrú ag an leibhéal céanna i bhfóraim eile iriseoireachta atá maoinithe ag Foras na Gaeilge’.,

‘Tá caighdeán ard gairmiúlachta le feiceáil ar an iris seo agus is léir go bhfuil polasaí agus straitéis ar leith eagarthóireachta agus bainistíochta a leanúint ag an bhfoireann atá ina bhun’.,


Éiríonn leis an iris seo ábhar fiúntach, spreagúil, spéisiúil a sholáthar don, spriocphobal a bhfuil sí ag freastal air ach tá an spriocphobal aitheanta in ábhar na hirise. Tá gné chaomhnú an chultúir Ultaigh le braistint go láidir ar ábhar agus ar dhearadh na hirise ach cuireann sé seo leis an iris seo seachas a mhalairt, mar is léir go bhfuiltear ag cloí le polasaí ar leith eagarthóireachta., &, ‘Tá maoiniú eile a chur ar fáil don iris seo o Chomhairle na n-Ealaíon i dTuaisceart Éireann agus tá 3.95% de mhaoiniú na meán clóite agus ar líne d’Fhoras na Gaeilge a chaitheamh air seo. Is fiú an táirge atá a sholáthar do phobal na Gaeilge an caiteachas seo’.,


Fearg, suaitheadh intinne agus díoma orm leis an scéal nach mbeidh maoiniú ar fáil!

Cad chuige nach bhfuil An tUltach luaite GO FÓILL ag Foras na Gaeilge sa phlean nua maoinithe. Tá míniú de dhíth. Tá 90 bliana d'oidhreacht shaibhir taobh thiar dínn.

Bheinn go mór faoi chomaoin agat ach cibé tionchar atá agat a Ghaeil mhaithe a úsáid leis an scéal seo a chur ina cheart.


Tuesday, June 4, 2013

Mí-ionracas nach spreagann dóchas! Teip eile!


“Mí-ionracas” curtha i leith dara scéim teanga na gCoimisinéirí Ioncaim

Tagann dara scéim teanga de chuid Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 i bhfeidhm ar an 4ú lá Meitheamh 2013. Nuair a tháinig Acht na dTeangacha Oifigiúla i bhfeidhm os cionn deich mbliana ó shin, ba chuid lárnach den acht iad scéimeanna teanga na gcomhlachtaí poiblí a leag amach gealltanais i leith seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge.

Tá amhras léirithe ag an scátheagraíocht ar earnáil dheonach na Gaeilge, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, maidir le cur i bhfeidhm agus riaradh na scéimeanna teanga go dtí seo, agus ní thugann an scéim nua seo de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim aon chúis dóchais don Chomhdháil.

I mí Aibreáin na bliana seo, tharraing Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge aird an phobail ar scéim teanga úr na Roinne Oideachais agus Scileanna ag léiriú ní hamháin nár thóg an dara scéim ar na gealltanais a bhí leagtha amach sa chéad scéim, ach gur cuireadh ar neamhní cuid de na gealltanais a bhain le seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge don phobal.

Ach oiread le scéim teanga na Roinne Oideachais agus Scileanna, chuaigh céad scéim teanga na gCoimisinéirí Ioncaim in éag sa bhliain 2008, agus thóg sé go dtí anois, cúig bliana níos déanaí don Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an dara scéim a dhaingniú.

Arís, ach oiread le scéim teanga na Roinne Oideachais agus Scileanna, léirítear go bhfuil easpa tiomantas ón státchóras i gcoitinne do chur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla ag teacht chun cinn nuair atá frásaí ar nós “Mar a cheadaíonn acmhainní” agus “ar choinníoll go bhfuil acmhainní ar fáil” scríofa tar éis mórchuid na ngealltanas.

Is iomaí leithscéal atá le léamh idir na línte sa cháipéis a dhéanann cur síos ar an scéim úr. Maidir leis an suíomh idirlín, tugtar le fios sa scéim úr: “Nuair nach bhfuil ábhar Gaeilge ar fáil, cuirfear nasc don ábhar Béarla ar fáil, i dteannta le míniú cuí don chustaiméir. Cuirfidh an nasc seo in iúl go bhfuil an leathanach ceann scríbe i mBéarla amháin”. Ní thugtar le fios, céard is “míniú cuí” ann, nó conas a mbeidh a fhios ag an bpobal cén chuid den suíomh ar cheart a bheith i nGaeilge nó cén chuid ar cheart a bheith i mBéarla amháin.

Leanann an dara scéim le gealltanais na chéad scéime, go gcuirfear 20% de phreasráitis ar fáil go dátheangach go comhuaineach ar shuíomh gréasáin na gCoimisinéirí. Tugtar le fios sa scéim freisin go mbeidh ar a laghad fógra amháin Gaeilge ann do gach deich bhfógra Béarla foilsithe in aon fheachtas de chuid na gCoimisinéirí.

Sa scéim úr, liostáiltear 30 foilseachán agus leagtar síos an sprioc go mbeidh na foilseacháin seo ar fáil ar líne nó le priontáil i nGaeilge nó i bhformáid dhátheangach roimh dheireadh na Scéime sa bhliain 2016.

Dar le Stiúrthóir Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Kevin De Barra, go bhfuil scéim teanga na gCoimisinéirí Ioncaim “mí-ionraic” agus deir sé go dtéann an scéim “go hiomlán i gcoinne spiorad an Achta”. Dar le De Barra go bhfuil “oiread bealaí éalaithe sníofa isteach sa téacs go mbaintear go hiomlán de chumhacht an Choimisinéara Teanga chun géilliúlacht na scéime a chinntiú. I gcás na sprice chun 30 foirm trí Ghaeilge a sholáthar roimh 2016, tá tuairim is 80% díobh sin ar fáil cheana féin, agus tá sé mí-ionraic a bheith ag leagan síos mar sprioc i scéim nua obair atá curtha i gcrích cheana féin”.