Friday, August 30, 2013

An triú leibhéal bainte amach ag Gaelchultúr!

Stádas mar choláiste tríú leibhéal bainte amach ag Gaelchultúr - Coláiste na hÉireann!
Tuairisc ar aitheasc an Choimisinéara Teanga ag oscailt Coláiste na hÉireann (3 Meán Fomhair 2013)

Tá stádas mar institiúid tríú leibhéal bainte amach ag an gcuideachta, Gaelchutúr. Tá an t-ainm Coláiste na hÉireann roghnaithe ag Gaelchultúr don institiúid nua seo. Cuirfear tús leis an gcéad chúrsa de chuid an choláiste, Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán, ag deireadh mhí Mheán Fómhair. Mairfidh an clár seo trí sheimeastar ar fad agus beidh sé ag leibhéal 9 de Chreatoibre Náisiúnta na gCáilíochtaí.
Éamonn Ó Dónaill

“Tá an-lúcháir ar Ghaelchultúr an stádas mar choláiste a bhaint amach,” a deir Éamonn Ó Dónaill, Stiúrthóir Oideachais na cuideachta, “agus is cúis bhróid dúinn é bheith mar an chéad institiúid tríú leibhéal lán-Ghaeilge. “Tá súil againn go rachaidh an tionscadal nua seo i bhfeidhm ar phobal na Gaeilge, ní hamháin in Éirinn ach ar fud na cruinne, agus go n-éireoidh leis rian láidir agus dearfach a fhágáil ar earnáil an oideachais in Éirinn.”

Tá an Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán dírithe orthu siúd a bhfuil cumas maith sa Ghaeilge acu cheana féin ach ar mian leo scileanna aistriúcháin a fhoghlaim nó cur leis na scileanna atá acu sa réimse sin. Tá sé oiriúnach chomh maith do dhaoine a bhíonn ag obair trí mheán na Gaeilge ar bhonn laethúil – múinteoirí agus iriseoirí, mar shampla – ar mian leo barr feabhais a chur ar a gcuid scileanna scríofa Gaeilge. Rachaidh an cúrsa chun sochair freisin dóibhsean ar spéis leo post a bhaint amach mar aistritheoir, riarthóir nó dlítheangeolaí in institiúid de chuid an Aontais Eorpaigh.
Beidh an fhoghlaim chumaisc i gceist sa chúrsa, is é sin, meascán den staidéar ar líne, de ranganna beo ar líne, agus de léachtaí agus ranganna teagaisc sa seomra ranga. Beidh na seisiúin sa seomra ranga ar siúl Satharn amháin sa mhí i gceanncheathrú Choláiste na hÉireann/Ghaelchultúir i lár chathair Bhaile Átha Cliath. De bhrí go mbeidh go leor d’ábhar an chúrsa le fáil ar shuíomh ríomhfhoghlama Ghaelchultúir, ranganna.com, tá an chuideachta dóchasach go n-éireoidh leo mic léinn a mhealladh ó gach cearn den tír.

Tá Bord Rialachais ceaptha ag Coláiste na hÉireann ar a bhfuil triúr cainteoirí Gaeilge a bhfuil taithí na mblianta acu in earnáil an oideachais tríú leibhéal. Is iad baill an bhoird ná: an Dr Fionnbarra Ó Brolcháin, an té a chuir tús le Fiontar in DCU; an Dr Bríona Nic Dhiarmada, Ollamh le Scannánaíocht, Teilifís agus Drámaíocht in Ollscoil Notre Dame; agus an Dr Liam Dolan, Ollamh le Luibheolaíocht in Ollscoil Oxford.

Ba é an comhlacht rialtais Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann (QQI) (Béarla) a bhronn an stádas mar institiúid tríú leibhéal ar Ghaelchultúr. Bunaíodh QQI in 2012 nuair a tugadh le chéile ceithre dhream éagsúla, HETAC agus FETAC ina measc, a bhí ag plé le teastasú agus le dearbhú cáilíochta.

No comments:

Post a Comment