Thursday, November 13, 2014

Níl "aon dualgas reachtúil teanga ar an Údarás ná ar an tSeirbhís" Cheadúnais Tiomána!

Tá na hAirí, agus gach Aire ó 2006, ina suí ar an rud seo ó 2006. An mbeidh sé deanta roimh 2016? 
Ina suí ar a dtóineacha bhreá Gaelacha?
Tá an ceadúnas tiomána beacnach as dáta agam agus thosigh mé ag iarraidh fháil amach faoin nós nua atá fógratha len é a athnuachán. Rinne mé "Ceadúnas Tiomána" a fháil tré Google agus cé go raibh suíomh deas ag Comhairle Chontae Chorcaí ba léir go raibh sé as dáta.

Ansin cas mé ar an Bhéarla, (teanga oifigiúil an Rialtas?). Bhí roinnt suíomhanna le fáil ach bhíodar as dáta nó ní raibh an leathannach le fáil. Faoi dheiread d'aimsigh mé an suíomh ag Údarás um Shabháltacht ar Bhoithre (Béarla). Tá cnaipe "Gaeilge" agus brú mé air le dóchas! Ach, mo léan, cé go bhfuil na cinn línte i nGaeilge is i mBéarla chuile rud eile. Rinne mé iarracht a fháil amach conas teangabháil a dhéanamh leo agus arís muna bhfuil Béarla ag duine - agus fiú le Béarla - tá sé an-deachair a fháil amach cén áit ar cheart gearán a dhéanamh. Ach bhí nasc "As Gaeilge" i measc na nascanna go léir, léim mo chroí le h-áthas ach an scéal céanna atá ann agus atá ag an-chuid eagraíochtaí stáit. D'athrigh na cinn-litreacha ar ais chuig an Bhéarla ach bhí píosa beag i nGaeilge.

Seo a bhí scríofa:

As Gaeilge

Cuirfeadh an tÚdarás Um Shábháilteacht Ar Bhóithre seirbhísí ar fáil trí mheán na Gaeilge.


Aithnímid go bhfuil an Ghaeilge in úsáid ag roinnt dár gcustaiméirí agus is mian linn déileáil leo in ár gcéad teanga. Déanfaimid bileoga agus leabhráin a chur ar fail i nGaeilge; beidh tú ábalta iarratas a dhéanamh ar thástáil tiomána i nGaeilge agus cuirfeadh muid an tástáil tiomána i gcrích i nGaeilge de réir mar is gá.

Tabharfaimid freagra duit i nGaeilge má scríobhann tú chugainn i nGaeilge agus labhairoidh muid leat i nGaeilge más mian leat labhairt le ball den fhoireann i nGaeilge.

Beidh leagan den láithreán gréasáin seo ar fáil i nGaeilge in achar ghearr.

Is dócha gur cóir dúinn a bheith buíoch nach i gcló Iodálach atá sep scríofa!

Bhí fadhb agam agus chinn mé ar scríobh chuig an Coimisinéir Teanga mar mheas mé go raibh  an cumhacht aige mar "Tá dualgas reachtúil ar gach comhlacht poiblí atá ainmnithe faoin Acht feidhmiú de réir na Rialachán atá déanta ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta faoi alt 9(1) den Acht."

Scríobh mé chuig a oifig le muinín agus iontaoibh agus ar ndóigh, le fearg áirithe.

"....Beidh orm ceadúnas tiomána a athnúachain go luath agus rinne mé iarracht eolas faoin gcóras nua a fháil ar líne uatha ach níl ach fíor bheagán Gaeilge ar an suíomh acu agus fiú má bhrútar ar an cnaipe “Gaeilge” tá an mion-eolas go léir i mBéarla...

...Níl mise sásta géileadh den short seo rud. Ní raibh aon fhadhb agam-sa roimhe seo ag fáil athnúcháin ar mo cheadúnas ach anois níl sé chomh simplí má tá duine ag iarraidh a chuid ghnó a dhéanamh sa teanga náisiúnta. 

Rinne me mo theastais i nGaeilge fadó agus ní dhearna aon ghnó leo i mBearla ó shin. Ach anois táid ag brú Béarla orm..."

Mar is gnáth fuair mé freagra beacht ón oifig go pras. Ach ní ró-shásta a bhí mé leis an méid a bhí le rá ann.

"..Go raibh maith agat as teagmháil a dhéanamh linn maidir le deacrachtaí atá agat seirbhís i nGaeilge a fháil ón tSeirbhís Náisiúnta um Cheadúnais Tiomána (NDLS).

Tuigtear dúinn go bhfuil an tSeirbhís seo á fheidhmiú ar bhonn chonradh thar ceann an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre. Cé gur comhlacht poiblí é an tÚdarás, níor thug an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta faoi scáth Acht na dTeangacha Oifigiúla é ó bunaíodh é i Meán Fómhair 2006 – go deimhin, níl liosta na gcomhlachtaí nuashonraithe ag an Aire ó Bhealtaine na bliana sin. Tá sé seo curtha ar súile na Roinne againn ar bhonn rialta. Tuigimid go bhfuil sé beartaithe ag an Roinn go ndéanfar gach comhlacht poiblí a thabhairt faoi scáth na reachtaíochta go huathoibríoch trí leasú a dhéanamh ar an Acht, agus níl sin déanta fós. Ciallaíonn seo nach bhfuil aon dualgas reachtúil teanga ar an Údarás ná ar an tSeirbhís, agus nach bhfuil aon chumhacht nó údarás ag an Oifig seo teagmháil a dhéanamh leo ina leith....." 

Ocht mbliaina!

Mar a dúirt Seán Ó Cuirreáin ina ráiteas deireannach roimh éirí mar Coimisinéir Teanga, as dó,  “… más fíor gur go mall a mheileann muilte Dé, is léir gur níos moille fós a mheileann muilte an státchórais, go speisialta i réimse na teanga!” 

Tá na hAirí, agus gach Aire ó 2006, ina suí ar an rud seo ó 2006. An mbeidh sé deanta roimh 2016? 



Friday, October 31, 2014

Raidió na Life ag Oireachtas na Samhna!

Beidh Raidió na Life ag craoladh beo ó mhórfhéile bhliantúil na Gaeilge, Oireachtas na Samhna, an deireadh seachtaine seo, ag tosú Dé hAoine 31ú Deireadh Fómhair. 

Beidh cláracha speisialta ag teacht chugaibh ó óstán Gleneagle i gCill Áirne, croílár na féile thar chúpla lá, agus iad lán go béal le tuairiscí ar an méid atá ag titim amach ag an bhféile, mar aon le díospóireacht speisialta atá eagraithe ag Raidió na Life mar chuid de chlár na féile, ag plé na ceiste “An bhfuil traidisiún dúchais na Gaeilge á chailliúint ag an aos óg?” Beidh an díospóireacht ag tarlú beo i Seomra na Comhdhála in óstán Gleneagle i gCill Áirne idir a 13:00 agus a 14:00 ar an Aoine 31ú Deireadh Fómhair. Fáilte roimh chách freastail agus páirt a ghlacadh sa díospóireacht! Comhchraoladh é seo le Raidío Fáilte, Béal Feiriste!

Dé hAoine:  
14.00 – Tiocfaidh Pádraig Ó Conghaile chugaibh beo ón Oireachtas le heagrán speisialta de ‘Beo ag a 2’
14.30 – Comhchraoladh ón Oireachtas le Raidió Fáilte & Raidió na Life - An nuacht is déanaí ó Oireachtas na Samhna

20.00 - 21.00 – Comhchraoladh ón Oireachtas le Raidió na Life & Raidió Fáilte: Ag plé na ceiste: “An bhfuil traidisiún dúchais na Gaeilge á chailliúint ag an aos óg?”  Laithreoirí Cuan Ó Seireadáin (Raidió na Life) agus Edel Ní Churraoin (Raidió Fáilte)

Dé Sathairn:
12.00 - 13.00 – Athchraoladh ar dhíospóireacht “An bhfuil traidisiún dúchais na Gaeilge á chailliúint ag an aos óg?” 


Is féidir éisteacht le Raidió na Life ar 106.4FM i mórcheantar Átha Cliath, beo ar líne ag raidionalife.ie agus ar ár n-aip do ghutháin chliste atá ar fáil ar shiopaí Google Play agus iTunes.

Wednesday, October 1, 2014

An Stáit Sheirbhís agus an Straitéis! #Gaeilge

Chuir an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh, T.D., fáilte inné (30 Meán Fómhair 2014) roimh na tuarascálacha ar chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 atá foilsithe ag na Ranna Rialtais ábhartha, 12 acu san iomlán, ar an dul chun cinn atá déanta acu le bliain anuas faoin Straitéis.

I measc na rudaí a dúirt an Aire Stáit bhí seo: "Is léir domsa fosta go léiríonn na tuarascálacha ar dhul chun cinn go bhfuil cur chuige soiléir ann maidir le feidhmiú na Straitéise a mbeidh tionchar dearfach aige ar an teanga san fhadtréimhse. Is údar sásaimh dom go n-aithníonn na Ranna Rialtais go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh líon áirithe foirne atá in ann seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge in achan Roinn agus go bhfuil gealltanas tugtha acu go n-aithneofar ina gcuid scéimeanna teanga amach anseo faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 na poist nó na réimsí oibre lena mbaineann riachtanas inniúlachta sa Ghaeilge."

Ach bhi píosa ag an iar-stáit sheirbhíseach, Seán Mag Leannáin, faoin dtuairisc ar an ardán facebook le deanaí. Dúirt sé:

"Foilsíodh tuarascálacha ó na Ranna Stáit éagsúla ar an dul chun cinn atá déanta acu (dar leo fhéin) go dtí seo faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Foilsíodh dhá thuarascáil déag san iomlán ar shuíomh idirlín na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta inniu 30 Meán Fómhair 2014. Ní raibh aon tuarascáil ó cheachar den dá Roinn is mó teagmháil leis an bpobal – An Roinn Coimirce Sóisialaí (nó An Roinn Leasa Shóisialaigh mar is fearr aithne uirthi) agus Na Coimisinéirí Ioncaim. Léigh mé na tuarascálacha uilig agus níor éirigh liom teacht ach ar phost amháin i measc na mílte post sa státseirbhís atá luaite go sonrach mar phost a mbeidh riachtanas inniúlachta sa Ghaeilge ceangailte leis. Comhghairdeas leis an Roinn Dlí agus Cirt as an éacht seo ... Seo mar a chuireann siad síos ar an gaisce uathúil s’acu:
“Tá post amháin mar aistritheoir sa Roinn a bhfuil sé riachtanach go mbeadh sealbhóir an phoist sin dátheangach go feidhmiúil sa Ghaeilge agus sa Bhéarla. Déanfaidh an Roinn, mar chuid dá chreat leanúnach pleanála fórsa oibre, na réimsí sin den Roinn a aithint a mbeadh sé inmhianaithe go mbeadh líofacht dhátheangach iontu, nó gurbh fhearr a chuideodh líofacht dhátheangach iontu le spriocanna gnó a bhaint amach. I gcomhréir le beartas an Rialtais, aithneofar i scéimeanna teanga de chuid na Roinne amach anseo faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla na poist lena mbainfidh riachtanas inniúlachta sa Ghaeilge.”
Tabhair faoi deara go mbaineann na Ranna uilig úsáid as an bhfoirmle chéanna maidir lena gcur chuige sa réimse seo – ie, ‘go n-aithneofar i scéimeanna teanga de chuid na Roinne amach anseo’ na poist a mbeidh an Ghaeilge sonraithe mar riachtanas dóibh."

Bhí píosa ar Nuacht TG4 faoi ar an Máirt 30 Meán Fomhair ina dúirt an Coimisinéir Teanga, Ronán Ó Domhnaill  go bhfuil sé "Thar am ag an rialtas a aithint go sonrach cá bhfuil gá le daoine le Gaeilge sa tseirbhís phoiblí!" Is beag aird a thugtar ar sna meán chló Bhéarla air an tuairisc agus ar ndóigh níl meán chló i nGaeilge le fáil anois dúinn a mbuíochas le Foras na Gaeilge. Mar sin tá an tuairisc ina iomláine anseo agam.

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn: Nollaig 2010 – Iúil 2013

Struchtúir
Tá struchtúir bunaithe ón mbliain 2011 chun feidhmiú na Straitéise a chur chun cinn agus chun monatóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn ina leith. San áireamh sna struchtúir sin, tá an Coiste Rialtais ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht atá faoi chathaoirleacht an Taoisigh, chomh maith leis an nGrúpa Idir-Rannach atá faoi chathaoirleacht an Aire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, agus grúpaí eile d'oifigigh a bhíonn ag plé le hearnálacha éagsúla ar nós oideachas.
Reachtaíocht

Joe McHugh, Aire Stáit
a sheol an tuairisc!
Achtaíodh Acht na Gaeltachta i mí Iúil 2012. Forálann an tAcht do phróiseas pleanála teanga i limistéir a aithneofar go reachtúil mar Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta, Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus Líonraí Gaeilge. Tá dul chun cinn á dhéanamh maidir leis an reachtaíocht thánaisteach a bhaineann leis an bpróiseas pleanála teanga a fhorordaítear san Acht. Síníodh an tOrdú um Thosach Feidhme faoi Acht na Gaeltachta ar an 16 Aibreán 2013. Is ar an lá sin a tháinig Acht na Gaeltachta 2012 i gníomh, a mhéid nach raibh sé i ngníomh cheana féin.

Tá na chéad chéimeanna á nglacadh ag Údarás na Gaeltachta agus ag Foras na Gaeilge féachaint le tús a chur leis an bpróiseas pleanála teanga le heagraíochtaí agus le pobail sna ceantair éagsúla lena mbaineann. I measc na bpríomhbheartas atá á gcur chun cinn ag an Roinn i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge, tá:
  •  Rialacháin ina leagfar amach na critéir pleanála teanga a bheidh le húsáid le measúnú a dhéanamh ar na pleananna teanga a bheidh ullmhaithe do na Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta, do na Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus do na Líonraí Gaeilge.
  •  Fógraí a thabharfaidh sainmhíniú ar thoghranna na 26 Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta.
  •  Treoirlínte ina leagfar amach próiseas trédhearcach chun pleananna teanga a ullmhú agus a fheidhmiú sna limistéir, bailte agus líonraí agus measúnú a dhéanamh orthu.
  •  Córas a fhorbairt chun eagraíochtaí a roghnú le pleananna teanga a ullmhú agus a chur i bhfeidhm.
  •  Dioplóma i bPleanáil Teanga, in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, a fhorbairt lena bheith ar fáil d'fhoireann eagraíochtaí pobail agus comhlachtaí Stáit a mbeidh baint acu leis an bpróiseas pleanála teanga. Tá tús le cur le soláthar an chláir seo i bhfómhar 2013.
  •  Nuashonrú ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht chun taighde atá foilsithe, ón uair gur tugadh faoin Staidéar Teangeolaíoch in 2007, a thabhairt san áireamh. Tá an leagan nuashonraithe den Staidéar Teangeolaíoch le foilsiú i bhfómhar 2013. Tá sé seo idir lámha ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus ag an Institiúid Náisiúnta um Anailís Réigiúnach agus Spásúil in Ollscoil na hÉireann, Má Nuad.
Le hAcht na Gaeltachta, déantar leasú freisin ar struchtúr agus ar fheidhmeanna Údarás na Gaeltachta. Faoin Acht, cuireadh ar ceal an ceanglas gur le toghchán a thoghfaí bord Údarás na Gaeltachta agus rinneadh laghdú ar líon na gcomhaltaí boird ó 20 comhalta go 12. Ceapadh bord nua Údarás na Gaeltachta i mí na Samhna 2012.

Achtaíodh Acht um Choimisiún Thithe an Oireachtais (Leasú) 2013 i mí Feabhra 2013. Forálann an tAcht do leathnú ar ról Choimisiún Thithe an Oireachtais maidir le haistriú reachtaíochta (chun reachtaíocht phríomha agus thánaisteach araon a thabhairt san áireamh). Foráiltear san Acht freisin go bhfoilseoidh Coimisiún Thithe an Oireachtais An Caighdeán Oifigiúil agus go ndéanfaidh sé athbhreithniú tréimhsiúil air.

Oiliúint i nGaeilge agus Measúnú Inniúlachta
Faoi Chomhaontú Seirbhíse idir an Roinn agus an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe a síníodh i mí Feabhra 2013, tá freagracht ar an Roinn i leith cúrsaí oiliúna Gaeilge agus measúnú inniúlachta a sholáthar don Státseirbhís. Tá an Roinn i mbun idirchaidrimh faoi láthair le Ranna agus Oifigí Rialtais chun a riachtanais oiliúna a fháil amach agus bunsonraí a leagan amach i ndáil le riachtanais amach anseo.

Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge agus Gaeltachta
Maoiníonn an Roinn réimse tionscnamh faoina cuid Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge agus Gaeltachta:

  •  Sheol an Roinn an Clár Tacaíochta Teaghlaigh i mí Aibreáin 2012. Faoin gclár seo, tá roinnt tionscnamh á gcur i bhfeidhm atá dírithe ar thacaíocht a chur ar fáil do theaghlaigh atá ag tógáil a bpáistí le Gaeilge. Áirítear orthu sin pacáiste tacaíochta do thuismitheoirí agus soláthar níos fearr faoi Scéim na gCúntóirí Teanga chun cuidiú le páistí i mbunscoileanna Gaeltachta maidir le sealbhú agus saibhriú a gcuid scileanna teanga.
  •  Aistríodh an fhreagracht maidir leis an gcóras ceadaithe do choláistí Gaeilge sa Ghaeltacht ón Roinn Oideachais agus Scileanna go dtí an Roinn seo in 2010. Faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge, rinne 23,840 dalta freastal ar choláistí Gaeilge sa Ghaeltacht in 2012. Bhí ról lárnach ag an Roinn seo, i dteannta CONCOS (Comhchoiste na gColáistí Samhraidh), i gcomhordú na gcúrsaí Cásca sa Ghaeltacht d'ábhar oidí faoi scéim nua a tugadh isteach faoi Cháisc 2013.
  •  Tá maoiniú curtha ar fáil ag an Roinn d'ionaid tacaíochta teaghlaigh in Indreabhán agus ar an gCeathrú Rua i gCo. na Gaillimhe agus tá pleananna á gcur chun cinn chun áis cosúil leo sin a fhorbairt i mBaile an Fheirtéaraigh i gCo. Chiarraí in 2013.
  •  Cuireann an Roinn maoiniú ar fáil do réimse eagraíochtaí laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht chun tacú le cur chun cinn na Gaeilge.
  •  Cuireann an Roinn maoiniú ar fáil do chúrsaí aistriúcháin, ateangaireachta agus dlí in institiúidí tríú leibhéal in Éirinn chun freastal ar riachtanais earcaíochta a thagann chun cinn in Éirinn de bharr Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus sna hinstitiúidí Eorpacha de bharr aitheantas a bheith ag an nGaeilge mar theanga oifigiúil agus oibre de chuid an Aontais Eorpaigh. D'éirigh le 222 mac léinn na cúrsaí seo a chríochnú idir 2006 agus 2012.
  •  Cuireann an Roinn maoiniú ar fáil do Fiontar in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath chun téarmaí Gaeilge a aistriú do bhunachar sonraí téarmaíochta an Aontais Eorpaigh,
  • IATE (Téarmaíocht Idirghníomhach don Eoraip). Tá os cionn 50,000 téarma aistrithe go dtí seo, rud a fhágann go bhfuil an Ghaeilge anois ar an 14ú teanga is mó i mbunachar sonraí téarmaíochta an AE.
  •  Cuireann an Roinn maoiniú ar fáil do chúrsaí Gaeilge in os cionn 30 coláiste tríú leibhéal thar lear agus d'fhreastail os cionn 1,400 mac léinn ar na cúrsaí sin sa tréimhse ó 2011 go 2012. Méadaíonn an tionscnamh seo próifíl na Gaeilge go hidirnáisiúnta agus spreagann turasóireacht chultúrtha, go háirithe chun na Gaeltachta.
  •  Cuireann an Roinn maoiniú ar fáil do réimse tionscnamh ata dírithe ar rochtain níos fearr ar an teanga a chur ar fáil do gach duine, lena n-áirítear digitiú ábhar ar líne ó Chnuasach Bhéaloideas Éireann in Ollscoil na hÉireann, Baile Átha Cliath agus forbairt córas iomlán Téacs-go-hUrlabhra don Ghaeilge (www.abair.ie) i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.
Gníomhaireachtaí Gaeilge faoi choimirce na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta
Foras na Gaeilge
Gníomhaireacht de chuid an Fhorais Teanga Thuaidh Theas é Foras na Gaeilge, ceann de na sé chomhlacht forfheidhmithe a bunaíodh faoin Acht um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann 1999. Dá réir sin, tá ról reachtúil ag Foras na Gaeilge maidir le cur chun cinn na Gaeilge i ngach gné den saol ar fud oileán na hÉireann.

Faoi Acht na Gaeltachta 2012, tá Foras na Gaeilge freagrach as oibriú le pobail i mBailte Seirbhíse Gaeltachta, de réir mar is cuí, agus i Líonraí Gaeilge chun pleananna teanga a ullmhú agus a fheidhmiú sna ceantair sin. Chun critéir pleanála teanga a ullmhú do na Líonraí Gaeilge faoi Acht na Gaeltachta, ghlac ionadaithe ó phobail Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht agus Foras na Gaeilge páirt i ngrúpa fócais arna eagrú ag an Roinn in 2012.

I measc phríomhéachtaí Fhoras na Gaeilge go dáta in 2013, bhí an Foclóir nua Béarla-Gaeilge a seoladh i mí Eanáir 2013. Tá an leagan leictreonach den fhoclóir (www.focloir.ie) in ann freastal ar 85% de na gnáthchuardaigh a dhéanann úsáideoirí agus cuirfear ábhar leis an leagan ar líne ar bhonn leanúnach go dtí go bhfoilseofar an leagan clóite in 2015.

Ina theannta sin, tá faomhadh na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas i mí Iúil 2013 do na socruithe nua maoinithe, in ionad múnla reatha bunmhaoinithe Fhoras na Gaeilge, ina chloch mhíle riachtanach chun a chinntiú go gcuirfear feabhas suntasach ar sholáthar seirbhísí túslíne sa dá dhlínse.
Chun a dhualgais reachtúla a chomhlíonadh, tugann Foras na Gaeilge faoi réimse leathan gníomhaíochtaí. Seo a leanas roinnt samplaí de na gníomhaíochtaí sin:

  •  Chun múineadh na Gaeilge agus múineadh trí Ghaeilge a fhorbairt, cuirtear caighdeán ard áiseanna teagaisc agus foghlama, chomh maith le téacsleabhair, ar fáil. Tá scéimeanna tacaíochta eile ar fáil freisin, mar shampla, GLEO (Gaeilge Labhartha san Earnáil Oideachais) agus deontais do scoláireachtaí i gcoláistí oiliúna.
  •  Déantar freastal freisin ar dhaoine óga lasmuigh de shuíomh na scoile trí Scéim Óige agus Scéim Champaí Samhraidh Fhoras na Gaeilge.
  •  Cuirtear tacaíocht agus oiliúint speisialaithe ar fáil san earnáil phoiblí ar bhonn leanúnach. Mar shampla, tá córas creidiúnaithe d'aistritheoirí agus d'eagarthóirí bunaithe, chomh maith le hacmhainní cosúil le háiseanna aistriúcháin ríomhchuidithe, bunachar sonraí téarmaíochta náisiúnta (www.focal.ie) agus an líne chabhrach FREAGRA.
  •  Faoin Scéim Phobail Ghaeilge 2011-2013, cuirtear maoiniú ar fáil do 19 oifigeach forbartha Gaeilge atá fostaithe ag coistí i gceantair éagsúla ar fud na tíre.
  •  Tá scéimeanna agus tionscadail ar fáil chun úsáid na teanga sna healaíona, sna meáin agus sna hilmheáin a chur chun cinn, mar shampla, Scéim na gComplachtaí Drámaíochta, Scéim na bhFéilte, Scéim na Foilsitheoireachta agus Scéim na dTionscadal Litríochta.
  •  Cuirtear tacaíocht ar fáil d'fhorbairt na Gaeilge san earnáil ghnó tríd an bhfeachtas feasachta Gnó Means Business agus trí scéimeanna cosúil le Scéim na gComharthaí Dátheangacha.
  •  Cuirtear tacaíocht ar fáil trí Chlár na Leabhar Gaeilge do chur chun cinn na léitheoireachta, na scríbhneoireachta agus na foilsitheoireachta Gaeilge.
  •  Tá suíomh tairsí don Ghaeilge á fhorbairt a bheidh ina lárphointe rochtana ar acmhainní Gaeilge ar líne. Cé go ndéanfar é seo a fhorbairt ar bhonn breisíoch, samhlaítear gur in 2014 a sheolfar an chéad chéim den fhorbairt.

Údarás na Gaeltachta
Is é Údarás na Gaeltachta an ghníomhaireacht forbartha réigiúnach don Ghaeltacht. Tá gníomhaíochtaí Údarás na Gaeltachta dírithe ar shaol teangeolaíoch, sóisialta agus eacnamaíoch na Gaeltachta. Tá sé tiomanta do phobal agus eacnamaíocht Ghaeltachta inmharthana a fhorbairt chun an Ghaeilge a spreagadh mar phríomhtheanga pobail an réigiúin.

Faoi Acht na Gaeltachta 2012, tá cúram ar Údarás na Gaeltachta maidir leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a chur i bhfeidhm sa Ghaeltacht. Faoin Acht, tá sé freagrach as oibriú le pobail atá sna Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta agus sna Bailte Seirbhíse Gaeltachta, de réir mar is cuí, chun pleananna teanga a ullmhú sna limistéir sin agus iad a fheidhmiú. Tá Údarás na Gaeltachta ag plé an phróisis pleanála teanga le heagraíochtaí pobail sa Ghaeltacht a mbeidh orthu tionscnaimh pleanála teanga ar leith a chur i bhfeidhm mar chuid dá bpleananna oibre in 2013.
Chun a chuid oibleagáidí reachtúla a chomhlíonadh, tugann Údarás na Gaeltachta faoi réimse leathan gníomhaíochtaí, lena n-áirítear:

  •  Scéimeanna fiontraíochta agus fostaíochta a thacaíonn le tuairim is 7,000 post lánaimseartha ar fud na Gaeltachta. Aontaíodh meicníocht fhoirmiúil do chomhoibriú idir Údarás na Gaeltachta agus Fiontraíocht Éireann i mí an Mheithimh 2013 a rachaidh chun tuilleadh tairbhe d'fhorbairt fiontraíochta sa Ghaeltacht.
  •  Cuirtear maoiniú ar fáil do 30 eagraíocht phobalbhunaithe sa Ghaeltacht.
  •  Oibríonn gréasán de 70 naíonra sa Ghaeltacht faoi choimirce Chomhar Naíonraí na Gaeltachta, chomh maith le hionaid cúraim leanaí a chuireann tionscnaimh
  • luathfhoghlama ar fáil trí Ghaeilge.
  •  Oibríonn Óige na Gaeltachta líonra clubanna óige ar fud na Gaeltachta a dhéanann
  • freastal ar 1,800 duine óg.
  •  Feidhmíonn Ealaín na Gaeltachta, arna chómhaoiniú ag Údarás na Gaeltachta agus an
  • Chomhairle Ealaíon, clár cuimsitheach ealaíon sa Ghaeltacht. 4


An Roinn Oideachais agus Scileanna
Tá dul chun cinn suntasach déanta ag an Roinn Oideachais agus Scileanna maidir leis na gníomhartha oideachais a bhaineann le curaclam, measúnú agus oideachas múinteoirí, mar atá leagtha amach sa Straitéis, a fhorfheidhmiú. Tá forfheidhmiú na ngníomhartha seo ag tarlú in éineacht le forfheidhmiú na Straitéise Náisiúnta Litearthachta agus Uimhearthachta, forbairtí in oideachas tosaigh do mhúinteoirí agus athchóiriú na sraithe sóisearaí.

Forbairt Curaclaim
Tá curaclam nua comhtháite teanga do bhunscoileanna á fhorbairt ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) a chuimseoidh torthaí foghlama don Ghaeilge agus samplaí d'obair na bpáistí chun na caighdeáin atá le baint amach ag foghlaimeoirí a léiriú. Baineann mórfhócas chur i bhfeidhm na Straitéise ag an Roinn le soláthar acmhainní agus ábhair oideachasúla do mhúineadh trí Ghaeilge. Tá raon na n-acmhainní agus na n-ábhar oideachais don teagasc trí Ghaeilge feabhsaithe go mór ag an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG), arna maoiniú ag an Roinn. Cuirfidh comhcheangal COGG leis an CNCM, a fógraíodh i mí na Samhna 2012, le cumas COGG i ndáil leis an obair seo mar go mbeifear ábalta forbairt na gcuraclam ag an CNCM, agus forbairt na n-ábhar i nGaeilge ag COGG a dhéanamh ar bhealach atá comhordaithe go dlúth. Cuirfidh an comhcheangal freisin le cumas COGG comhairle a chur ar fáil agus taighde a dhéanamh maidir le straitéisí agus tacaíochtaí do mhúineadh trí Ghaeilge.

Tá sé beartaithe polasaí na Roinne ar thumoideachas i mbunscoileanna a shoiléiriú. Tá pleananna i bhfeidhm chun an curaclam bunscoile a fhorordú le hionstraim reachtúil a luaithe is féidir agus socruithe a dhéanamh chun tréimhse tumoideachais i nGaeilge a chur i bhfeidhm i mbunscoileanna Gaeilge.

Den chéad uair riamh, bhí scrúduithe caighdeánaithe ar fáil agus in úsáid i mbunscoileanna Gaeilge i Meitheamh 2012. Tá sé i gceist scrúduithe den chineál céanna a bheith ar fáil i scoileanna iar-bhunoideachais Gaeilge ag deireadh an dara bliain.

Mar chuid den tsraith nua shóisearach, tá curaclam athbhreithnithe don Ghaeilge idir lámha ag an CNCM agus beidh sé ar fáil ó Mheán Fómhair 2014. Chomh maith leis sin, tá an tAire Oideachais agus Scileanna ag iarraidh ar an CNCM féachaint ar ghearrchúrsa speisialaithe a chur ar fáil i nGaeilge sa tsraith shóisearach i scoileanna Gaeilge. D'iarr an tAire ar an CNCM freisin comhairle a thabhairt maidir leis an gcaoi inar féidir freastal ar riachtanais daltaí i scoileanna Gaeilge trí aon athchóiriú ar an siollabas/sonraíocht don Ghaeilge sa tsraith shinsearach.

Ag leibhéal na hiar-bhunscoile, tá socruithe measúnaithe tugtha isteach a leagann béim níos mó ar fhorbairt chumas Gaeilge labhartha na ndaltaí ag leibhéal na hiar-bhunscoile. Dáiltear 40% de na marcanna i scrúdú na hArdteistiméireachta sa Ghaeilge ar an scrúdú béil. Shuigh na chéad daltaí a tháinig faoi na socruithe measúnaithe seo a scrúdú Ardteistiméireachta i Meitheamh na bliana 2012. Tá an CNCM le hathbhreithniú a dhéanamh ar eispéiris na ndaltaí ar na socruithe measúnaithe nua roimh dheireadh na bliana 2013. Tá méadú tagtha freisin ar líon na ndaltaí atá ag gabháil don scrúdú béil sa Ghaeilge ag leibhéal an Teastais Shóisearaigh. Beidh measúnú ar chumas labhartha ina riachtanas sna socruithe measúnaithe don Ghaeilge mar chuid den tsraith shóisearach nua.

Tá sé i gceist ag an Roinn tabhairt faoi thaighde in 2013/2014 maidir leis an mbealach a éilítear díolúine ón nGaeilge agus a cheadaítear í. Bainfear leas as an taighde seo san athbhreithniú ar na socruithe reatha i leith na díolúine.

Oideachas do Mhúinteoirí
Tugadh bearta isteach ag an bpointe iontrála agus le linn na gclár in oideachas tosaigh do mhúinteoirí a bhfuil sé mar aidhm acu cumas Gaeilge na n-ábhar oidí a threisiú, chomh maith lena gcumas í a mhúineadh. Áirítear orthu seo bearta chun na bunriachtanais iontrála don Ghaeilge a leasú, méadú i bhfad na gclár oideachais tosaigh do mhúinteoirí agus athchumrú ábhar na gclár. Beidh an socrúchán Gaeltachta do mhúinteoirí faoi oiliúint ina ghné lárnach de na cláir uile oideachais tosaigh do mhúinteoirí. Tá síneadh curtha le tréimhse an tsocrúcháin freisin ó thrí seachtaine go ceithre seachtaine i dtréimhse 2 bhliain. Tá sé i gceist ag an Roinn bearta breise a thabhairt isteach a bhaineann le hoideachas do mhúinteoirí a láidreoidh an soláthar d’oideachas trí mheán na Gaeilge. Airítear orthu seo soláthar de mheascán roghanna ar an láthair agus ar líne don fhorbairt ghairmiúil leanúnach.

Tacú le hoideachas trí Ghaeilge
Tá réimse beart a bhaineann le hoideachas múinteoirí in áit chun tacú le hoideachas trí mheán na Gaeilge. Leanann an tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí de thacaíocht a sholáthar do mhúinteoirí i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna Gaeilge. Ina theannta sin, tugann COGG tacaíocht do sholáthraithe chun cúrsaí a sholáthar atá sainiúil do riachtanais na múinteoirí i scoileanna Gaeilge. Leanann an dioplóma iarchéime sa teagasc trí Ghaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh de chinntiú go bhfuil soláthar ann de mhúinteoirí d'iar-bhunscoileanna Gaeilge. Tá deiseanna ar fáil do mhúinteoirí i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna feabhas a chur ar a gcuid inniúlachta maidir le feidhmiú i gcomhthéacsanna oideachais trí mheán na Gaeilge trí bheith páirteach i gcláir chuí iarchéime ag leibhéal máistreachta. Tá an Roinn ag comhoibriú leis an Roinn Oideachais i dTuaisceart Éireann ar thionscnamh thuaidh theas a dhéanann soláthar do chothú na ngníomhaíochtaí foghlama cumaisc do mhúinteoirí i scoileanna Gaeilge, lena n-áirítear scoileanna Gaeltachta, agus comhroinnt ar shamplaí dea-chleachtais agus ar acmhainní maidir leis an litearthacht agus leis an uimhearthacht.

Scoileanna Gaeltachta
Tá pleananna i bhfeidhm chun mionanailís a dhéanamh le linn 2013-2014 ar na dúshláin ar leith a bhíonn le sárú ag scoileanna Gaeltachta chun roghanna polasaí a aithint don teagasc trí mheán na Gaeilge sna scoileanna seo, go háirithe i gcomhthéacs Acht na Gaeltachta 2012.
Soláthar d'oideachas trí Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht
Ag an mbunleibhéal, déanfar cinneadh maidir leis an ngá atá le gaelscoileanna i gceantair ina bhfuil méadú déimeagrafach ar bhonn tosca déimeagrafacha, éileamh ó thuismitheoirí agus iarratais ar phátrúnacht ó phátrúin féideartha. I gceantair ina bhfuil uimhreacha seasmhacha déimeagrafacha, éascóidh an Roinn aistriú scoileanna reatha Béarla chuig pátrúin nua, lena n- áirítear iad siúd a reáchtálfaidh na scoileanna mar ghaelscoileanna. Ag an leibhéal iar- bhunscoile, leanfaidh an Roinn ag sainaithint na gceantar ina bhfuil gá le gaelcholáiste nua de réir thairseach éilimh (i.e. 400 dalta) atá i bhfad níos ísle ná a comhionann do scoileanna Béarla (i.e. 800 dalta). Tá polasaí réamhghníomhach glactha ag an Roinn i ndáil le bunú scoileanna Gaeilge. Tá tús curtha aici le pleanáil do scoileanna dá leithéid in oirchill an éilimh, in áit a bheith ag fanacht go dtiocfaidh éilimh áitiúla chun cinn. Mar thoradh air sin, tá ceithre cinn as 20 bunscoil atá le bunú faoin mbliain 2015 sainaitheanta ag an Roinn mar scoileanna Gaeilge. Ar an gcaoi chéanna, is scoileanna Gaeilge a bheidh i dtrí cinn as 17 iar-bhunscoil atá le bunú faoin mbliain 2014.

Ardoideachas
Is ar institiúidí aonair ardoideachais, faoi choimirce an Údaráis um Ard-Oideachas, atá an phríomhfhreagracht as aidhmeanna na Straitéise i ndáil le hardoideachas a chur i bhfeidhm. Tagann sé seo le neamhspleáchas reachtúil na n-institiúidí ardoideachais maidir le gnóthaí acadúla agus soláthair clár, chomh maith lena bhfreagracht reachtúil an Ghaeilge a chaomhnú, a chothú agus a shaothrú.

Oideachas do Dhaoine Fásta
Maidir leis an aosoideachas, cuirtear cúrsaí Gaeilge ar fáil saor in aisce do dhaoine fásta trí scéimeanna a mhaoiníonn an Roinn agus a chuireann na Boird Oideachais agus Oiliúna ar fáil. Féadfaidh daoine fásta leas a bhaint freisin as cúrsaí atá deimhnithe ag Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann. Cuireann roinnt de na hinstitiúidí tríú leibhéal cúrsaí Gaeilge ar fáil atá i réimse na gcúrsaí a bhaineann le foghlaim ar feadh an tsaoil. Tá na cúrsaí sin dírithe ar chumas Gaeilge na bhfoghlaimeoirí a fheabhsú.

Roinn an Taoisigh
Tá an Coiste Rialtais ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht athbhunaithe ag an Rialtas reatha. Tá an coiste seo faoi chathaoirleacht an Taoisigh agus tugann grúpa idir-rannach d'oifigigh sinsearacha tacaíocht don choiste. Tagann an coiste le chéile go rialta chun athbhreithniú a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta ar chur i bhfeidhm na Straitéise.

Bíonn na foilseacháin bhliantúla a eisíonn Roinn an Taoisigh ar fáil go dátheangach, mar shampla, na cláir don Lá Náisiúnta Cuimhneacháin, comóradh Éirí Amach na Cásca 1916 agus comóradh Dhónaill Uí Chonaill.

An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála
Aithnítear go cuí stádas na Gaeilge mar theanga oifigiúil agus oibre de chuid an Aontais Eorpaigh i soláthar seirbhísí ateangaireachta, i suíomh gréasáin Uachtaránacht an AE agus i ngníomhaíochtaí agus in ábhair bholscaireachta atá dírithe ar thoscairí agus rannpháirtithe AE in Éirinn agus sa Bhruiséil le linn Uachtaránacht na hÉireann ar an AE.

An Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe
Agus í ag coinneáil a ról foriomlán i ndáil le polasaí oiliúna agus measúnú inniúlachta i nGaeilge laistigh den Státseirbhís, tá an fhreagracht as cur i bhfeidhm oiliúint Ghaeilge agus measúnú inniúlachta Gaeilge leagtha ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ar an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta. Síníodh comhaontú seirbhíse idir an dá Roinn i mí Feabhra 2013 chun feidhm a thabhairt don tionscnamh nua polasaí sin.

Mar chuid den phróiseas pleanála don fhórsa oibre sa Státseirbhís, aithneoidh Ranna agus Oifigí poist/réimsí oibre a mbeidh Státseirbhísigh atá in ann feidhmiú go dátheangach de dhíth iontu. Beidh an-tábhacht leis an bpróiseas sin lena chinntiú go ndéanfar soláthar i gcomórtais earcaíochta amach anseo do cheapacháin a mbeidh inniúlacht i nGaeilge riachtanach dóibh. Sonrófar freisin i scéimeanna teanga amach anseo faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 na poist a mbeidh ceanglas inniúlachta teanga ag baint leo.

An Roinn Sláinte
Tá plean forfheidhmithe ullmhaithe ag an Roinn Sláinte maidir le conas a chuirfear an Straitéis i bhfeidhm in earnáil na sláinte. É sin ráite, ó tharla nach í an Roinn an soláthróir reachtúil de sheirbhísí sláinte agus sóisialta pearsanta, beidh an fhreagracht as soláthar formhór na ngníomhaíochtaí sa phlean ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) agus ar ghníomhaireachtaí sláinte eile de chuid an Stáit. Sa chomhthéacs seo, tá an FSS tiomanta do phróiseas chun foireann phríomhchúraim a fhorbairt a bheidh ábalta seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge i gceantair éagsúla Gaeltachta. Earcóidh an FSS comhaltaí foirne a bheidh líofa i nGaeilge de réir mar a thagann folúntais chun cinn sa Ghaeltacht agus de réir phrótacal earcaíochta FSS ar glacadh leis i mí Aibreáin 2013. Líonfar poist san FSS ina bhfuil inniúlacht i nGaeilge de dhíth de réir an phrótacail earcaíochta.

An Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige
Aithníonn an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige go maith gur gnéithe tábhachtacha d’athbheochan na teanga í an fhoghlaim réamhscoile agus an fhoghlaim neamhfhoirmiúil. Go deimhin, is ar an ngá cur le cumas leanaí foghlaim agus forbairt trí shuímh ar ardchaighdéan a sholáthar atá an fócas sna cláir luathbhlianta a riarann an Roinn. Dá réir, leanfaidh an Roinn ag tabhairt tacaíocht iomlán d’oideachas réamhscoile Gaeilge. Cinnteoidh sí go leanfar ag soláthar an réimse seirbhísí tacaíochta/ábhar Gaeilge a sholáthraítear thar ceann na Roinne sa réimse seo do réamhscoileanna dá leithéid.

Leanfar ag comhlíonadh fheidhmeanna na gCoistí Contae agus Cathrach i gCúram Leanaí (CCC) faoi na socruithe atá ann. Cuirfear struchtúir bhreise tacaíochta ar fáil d'Údarás na Gaeltachta agus d'Fhoras na Gaeilge i ndáil leis na CCC a dhéanann freastal ar cheantair Ghaeltachta agus i ndáil le seirbhísí réamhscoile Gaeilge go ginearálta. Breithneofar go sonrach socruithe nua struchtúrtha a chur ar fáil lena chinntiú go gcuirtear seirbhísí cúraim leanaí ar ardchaighdeán ar fail trí Ghaeilge ar bhealach éifeachtach agus éifeachtúil de réir dea-chleachtas sa réimse seo.

Cinnteoidh an Roinn freisin go nglacfar san áireamh in aon seirbhísí tacaíochta/teagaisc amach anseo san earnáil réamhscoile/naíolainne an gá go mbeidh seirbhísí dá leithéid ar fáil trí Ghaeilge, chomh fada is a bhaineann sé le seirbhísí réamhscoile/naíolainne sa Ghaeltacht agus lasmuigh di.
Maidir le seirbhísí óige, seirbhísí cúraim leanaí, seirbhísí réamhscoile, seirbhísí iarscoile agus líonraí do thuismitheoirí agus leanaí le Gaeilge, tá geallta ag an Roinn, a mhéid agus is féidir faoi na cláir atá faoina cúram, tacú le cur chuige pobalbhunaithe agus sin a fheidhmiú de réir mar a fhorbraíonn pobail a bpleananna teanga faoi Acht na Gaeltachta 2012.

An Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha
D'fhoráil Comhaontú Aoine an Chéasta go n-oibreodh Rialtas na Breataine le húdaráis ábhartha chraoltóireachta na Breataine agus na hÉireann chun go mbeadh TG4 ar fáil níos forleithne i dTuaisceart Éireann. Ón uair gur aistríodh go teilifís dhigiteach in 2012, tá fáil ag 94% de Thuaisceart Éireann ar TG4.

Tá an leithdháileadh airgid ó tháille an cheadúnais go dtí an Scéim um Maoiniú Craolacháin, faoina bhfuil TG4 ar cheann de na tairbhithe is mó, méadaithe ó 5% go 7%.

Chomh maith lena oibleagáidí reachtúla faoin Acht Craolacháin 2009 a chomhlíonadh i ndáil le seirbhísí a sholáthar i nGaeilge, leagfaidh RTÉ amach ina pholasaí Gaeilge agus ina scéim teanga faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 roinnt bearta/gealltanas chun úsáid na Gaeilge a normalú agus a neartú. Tá an polasaí agus an scéim á bhforbairt faoi láthair.

An Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil
I Meitheamh 2013, d'fhoilsigh an Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil treoirlínte reachtúla críochnaitheacha d’údaráis pleanála i dtaca le Pleananna Ceantair Áitiúla (LAP). Spreagfaidh na treoirlínte sin, inter alia, údaráis pleanála a bheidh ag ullmhú LAP lena mbainfidh ceantair Ghaeltachta chun a chinntiú go ndéanfar oidhreacht teanga agus cultúir na gceantar sin a chaomhnú.
I gcomhthéacs an athbhreithnithe a rinneadh ar threoirlínte pleanála 2007 i dtaca le pleananna forbartha, breithneoidh an Roinn an scóip atá ann cur leis an treoir chuimsitheach reatha a bhaineann le ceantair Ghaeltachta.

Is iad na héilimh tosaíochta atá sa réimse seirbhísí comhroinnte (i.e. faoin Athbhreithniú ar Éifeachtacht an Rialtais Áitiúil) an príomhfhócas fós agus breithneofar tuilleadh an aidhm atá ann seirbhísí nua comhroinnte a fhorbairt, chun go mbeadh saineolas speisialaithe cuí ar fáil do gach limistéar Gaeltachta sa réimse pleanála, i bhfoirm idirchaidrimh idir na comhlachtaí lena mbaineann.
Tá moltaí chun an córas pleanála a neartú san áireamh sa Chlár Gnímh do Rialtas Áitiúil Éifeachtach – Tús Áite do na Daoine, a foilsíodh i mí Dheireadh Fómhair 2012. Tabharfaidh an Roinn aird chuí ar na himpleachtaí a bheidh ann do gach limistéar pleanála, ceantair Ghaeltachta ina measc.
Is comhairle reachtúil é Údarás na Gaeltachta maidir le pleanáil forbartha faoin Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 (arna leasú).

An Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta
Aontaíodh meicníocht do chomhoibriú idir Údarás na Gaeltachta agus Fiontraíocht Éireann i Meitheamh 2013 chun borradh a chur faoi fhorbairt fiontraíochta sa Ghaeltacht. Táthar ag leanúint le comhráite maidir le comhoibriú níos fearr idir Údarás na Gaeltachta agus an tÚdarás Forbartha Tionscail faoi choimirce ghrúpa oibre ar a bhfuil oifigigh ó na Ranna ábhartha agus na gníomhaireachtaí forbartha.

An Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais
Tá dul chun cinn suntasach déanta ag an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais le blianta beaga anuas i dtaobh rialacha cúirte a aistriú go Gaeilge. Áirítear orthu seo na Rialacha Cúirte Dúiche 1997 agus na Rialacha Cúirte Cuarda 2001.

Foilseofar an leagan Gaeilge den tríú mórbhailiúchán de na rialacha cúirte, Rialacha na nUaschúirteanna 1986, arb é an ceann deireanach é, in 2013 agus leanfaidh an Roinn ag foilsiú na leaganacha oifigiúla Gaeilge de leasuithe ar na Rialacha seo, chomh maith le leasuithe ar na Rialacha Cúirte Dúiche 1997 agus ar na Rialacha Cúirte Cuarda 2001.

Aithnítear i scéim teanga an Gharda Síochána faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 an ceart atá ag saoránaigh a ngnó a dhéanamh trí Ghaeilge leis an nGarda Síochána. Tá roinnt gealltanas sa scéim freisin maidir le seirbhísí a sholáthar i nGaeilge, lena n-áirítear an gealltanas seirbhís iomlán trí Ghaeilge a bheith ar fáil i stáisiúin Gardaí sa Ghaeltacht. Tá dul chun cinn á dhéanamh maidir leis na gealltanais éagsúla sin a chur i bhfeidhm. Is obair leanúnach atá i gceist.

An Roinn Cosanta
Is é polasaí na bhFórsaí Cosanta seirbhísí ar ardleibhéal a sholáthar dá gcustaiméirí i nGaeilge nó go dátheangach. Tá roinnt gealltanas i scéim teanga na bhFórsaí Cosanta faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 maidir le seirbhísí a sholáthar i nGaeilge. Tá dul chun cinn á dhéanamh maidir leis na gealltanais éagsúla sin a chur i bhfeidhm. Is obair leanúnach atá i gceist.

Monatóireacht ar fheidhmiú na Straitéise
Ó tharla go bhfuil an Straitéis le cur i bhfeidhm ag roinnt príomhpháirtithe leasmhara thar thréimhse fiche bliain, ní mór monatóireacht ar bhonn leanúnach a dhéanamh ar a cur i bhfeidhm. Déanfaidh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, arb í an Roinn í ar a bhfuil an fhreagracht uileghabhálach as an Straitéis, monatóireacht leanúnach ar chur i bhfeidhm na Straitéise i gcomhar leis na príomhpháirtithe leasmhara dá dtagraítear inti.

Cuirtear tuarascálacha ar dhul chun cinn ar fáil don Choiste Rialtais faoin nGaeilge agus faoin nGaeltacht a choinníonn súil fhoriomlán ar dhul chun cinn agus a thuairiscíonn don Rialtas, de réir mar is gá. Déanfar tuilleadh tuarascálacha ar dhul chun cinn ar fheidhmiú na Straitéise a fhoilsiú ar bhonn tréimhsiúil.

Wednesday, June 11, 2014

Feall ar theaghlaigh Gaelacha!

Se litir ó Fheargail Uí Chuilinn éisithe inniu. Scéal tubaisteach do thodhchaí an teanga agus do thacaíochtaí tuismitheoirí le Gaeilge.

A Chara Dhíl,

Is le croí trom a scríobhaim an litir seo chugat. De bharr próiséis cuíchóiriú na heagrais Gaeilge atá faoi stiúir ag Foras na Gaeilge, tá deireadh ag teacht le maoiniú do Chomhluadar Teo. ar an 30 Meitheamh 2014.

Rinne foireann agus coiste stiúrtha Comhluadar tréan-iarracht seirbísí tacaíochta na heagraíochta a chosaint agus a chaomhnú faoin múnla nua ach, tá an cuma ar an scéal nár éirigh linn é sin a bhaint amach. Níor glac Foras na Gaeilge lenár moltaí seirbhísí tacaíochta do theaghlaigh atá ag tógáil clainne le Gaeilge a chosaint agus saineolais agus taithí Comhluadar a chaomhnú.

Dá bhrí sin cuirfear an fhoireann reatha ar iomarcaíocht ag deireadh na míosa agus ní leanfar le tacaíocht ghairmiúil a chur ar fáil ón oifig. É sin ráite, seo leanas roinnt sonraí gur gá duit bheith ar an eolas fúthú:

  • Tá sé beartaithe go leanfar le struchtúir Comhluadar, faoi stiúir deonach an Choiste Stiúrtha.
  • Beidh an Coiste ag lorg foinsí eile airgeadú ionas gur féidir leo leanúint ar aghaidh ag cur imeachtaí ar fáil do na baill.
  • Beidh an bunachar sonraí, le do shonraí teagmhála, srl., fós faoi chúram Comhluadar agus ní scaipfear/díolfar ar aghaidh do shonraí. Leanfar rialacháin Acht um Chosaint Sonraí.
  • Leanfar le hárachas Comhluadar go dtí 2 Deireadh Fómhair 2014. Beidh tuilleadh eolais faoi seo ar ball.
  • Níl sé d’achmhainn ag Comhluadar íoc as cíos na grúpaí tuistí agus leanaí faoi láthair. Déan teagmháil linn má tá ceist agat faoi seo.
  • Beidh Saoire Gaeltachta Comhluadar (9-16 Lúnasa) ag dul ar aghaidh faoi stiúir foireann Ghlór na nGael toisc easpa foirne Comhluadar. Déan teagmháil le Nóra Welby ag nora@glornangael.ie más spéis leat freastal.
  • Má tá ceist ar bith agat ar an gCoiste déan teagmháil le: comhluadar@gmail.com
  • Ní bheidh uimhir fón ag an eagraíocht ón 30 Meitheamh 2014. Cuirfear ar an eolas thú má ta athrú ar an scéal seo.

Tá an-díomá orainn uilig i gComhluadar go bhuil rudaí tagtha chuig an staid seo agus nach dtuigeann Foras Na Gaeilge an dlúth-nasc atá ag an t-aistriú teanga ó ghlúin go glúin le todhcaí an Ghaeilge. Léirigh do míshástacht tríd litir a scríobh chuig: dinny.mcginley@oireachtas.ie nó/agus private.office@dcalni.gov.uk ag lorg maoiniú láithreach ionas go leanfar le seirbhsí riachtanach Comhluadar Teo.

Guím gach rath ort féin agus ar do theaghlach. Is sibhse fíor-thodhcaí na Gaeilge.

Le gach dea-mhéin,
___________________________________
Feargal Ó Cuilinn,
Stiúrthóir
Comhluadar Teo


Tuesday, June 3, 2014

Ag lorg seirbhíse ón Roinn Gnóthaí Eachtracha nó ón Royal Mail!

Tá feachtas na míosa seo ag díriú ar an Roinn Gnóthaí Eachtracha ó dheas agus an Royal Mail ó thuaidh Dé hAoine seo, 6 Meitheamh 2014. Chuirfeadh sé go mór mór leis an bhfeachtas dá bhféadfá glaoch a chur orthu nó/agus litreacha a sheoladh faoi mar atá leagtha amach sa bhileog eolais mar iatán leis seo.

Chabhródh sé go mór mór linn chomh maith dá bhféadfá aiseolas a chur chugainn tríd an suirbhé thíos a líonadh (beidh an t-aiseolas ríthábhachtach leis an bhfeachtas a fhorbairt):


Ní ghlacfaidh an suirbhé ach 2 nóiméad!


Mar eolas fosta agus mar chúnamh leis an Royal Mail, tá liostaí measartha cuimsitheach ar fáil leis na sráidainmneacha agus logainmneacha ar fad ó thuaidh ar fáil ag na naisc thíos:

Tuesday, May 27, 2014

An Lá Stocaireachta ó dheas – Dé Céadaoin, 11 Meitheamh 2014


Beidh Conradh na Gaeilge (agus is dócha eagraíochtaí eile na Gaeilge - an méid atá fágtha!) ag eagrú lá stocaireachta in Óstán Buswells (Béarla)  agus ag tabhairt cuireadh do gach polaiteoir sa Dáil agus sa Seanad chun teacht ar chuairt chugainn san óstán i rith an lae le bualadh le hionadaithe óna ndáilcheantair agus ó na heagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta leis na héilimh seo a leanas a phlé:
Dé Céadaoin 11 Meith 2014

• Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2014 a leasú
(práinn leis seo mar go bhfuil an próiseas tosaithe i dTithe an Oireachtais anois)
Go háirithe:
  • Foráil nua a chur san Acht go mbeidh faoi dheireadh 2016 gach seirbhís ar fáil do phobal na Gaeltachta trí Ghaeilge 
  • Foráil nua a chur san Acht go mbeidh ar a laghad 30% d’fhostaithe nua sa státseirbhís fostaithe don chéad 10 mbliana eile a bheidh in ann cumarsáid sásúil a dhéanamh leis an bpobal trí Ghaeilge
• Cothrom na Féinne don Ghaeilge sa cháinaisnéis
(práinn leis seo mar go bhfuil an cháinaisnéis á shocrú faoi láthair)
  • Na forais le freagracht don Ghaeilge agus don Ghaeltacht a mhaoiniú i gceart, i. stop a chur le haon laghdú eile ar bhuiséad Údarás na Gaeltachta, Foras na Gaeilge agus na ranna cuí agus tús a chur leis na buiséid a mhéadú
• Deireadh a chur leis an maolú ar stádas na Gaeilge mar theanga oifigiúil den Aontas Eorpach

Táid ag iarraidh ar dhaoine sásta freastal bheith leo ar an lá é sin a chuir i n-iúil dóibh roimh ré, cén t-am sa lá (aon am idir 8r.n. agus 6i.n.), agus cén dáilcheantar a bhaineann sí nó sé leis. Déanfaidh siad an teagmháil leis na polaiteoirí cuí ansin ar a son.

Monday, April 28, 2014

Cluain Tarbh: Comhfhreagras leis an Lárionad Airgeadra! "Nil dualgas orainn..."

"Ní fhorchuirtear aon cheanglas teanga faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla ná faoi na Rialacháin i leith bonn comórtha a eisíonn Banc Ceannais na hÉireann."

Conamara, 15 Aibreáin 2014
A Chara,

Fuair mé an t-eolas faoin bonn nua ór ag comóradh míle bliain Cath Chluain Tarbh sa phost le déanaí.

Tá na billeog déaraithe go deas agus tá an-chuid eolais istig ann faoin gcath. Ta an bonn féin go gleoite. Is trua áfach go bhfuil ainm na h-áite ar an mbonn i dteanga nach raibh eolas ag Briain Bóramha féin air nár acu siúd a bhí ag troid leis nó ina choinne!

Tá mise den tuairim gur ceart go mbeadh aon scríobhneoireacht ar bhoinn na hÉireann i dTeanga Náisiúnta na hÉireann ar a laghad - mar atá ar Stampaí na hÉireann.

Tá súil agam go gcuirfidh sibh mo ghearán ós comhair pé choiste a bhfuil déaradh bhoinn comóradh faoina churam aige!!

Mise le meas oraibh.


A chara,

Tagraím don ríomhphost a chuir tú chugainn le déanaí maidir leis an mbonn profa óir €20 ar Chath Chluain Tarbh. Is mór againn do chuid tuairimí maidir leis an mbonn féin agus leis an mbróisiúr.

Is de bhun na reachtaíochta monaíochta iomchuí a chinntear toisí agus dearthaí na mbonn Éireannach. Ní fhorchuirtear aon cheanglas teanga faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla ná faoi na Rialacháin i leith bonn comórtha a eisíonn Banc Ceannais na hÉireann.

Tá do ghearán curtha ar aghaidh chuig an bPainéal Deartha, faoi mar a d'iarr tú.

Le gach dea-ghuí,

Banc Ceannais na hÉireann

Nach bhfuil sé náireach go gcaitheadh dlí a bheith ann sula dtugann siad áit do theanga náisiúnta na tíre?


Friday, April 25, 2014

Toghcháin na hEorpa - ceisteanna faoin nGaeilge!


Seo treoir cheisteanna a furathas le deanaí ó Chonradh na Gaeilge, d'iarrathoirí Toghchán Eorpacha a bheidh á reáchtáil ar fud na tíre ar 22 – 23 Bealtaine 2014. Tá ceisteanna samplacha maidir le todhchaí na Gaeilge agus na Gaeltachta leagtha amach do na hiarrthóirí mar aon le pointí eolais gurb fhiú go mór a chur ar shúile na n-iarrthóirí éagsúla.

Tabhair faoi dearadh go bhfuil suíomh faoi leith ar fáil ag Parlaimint na hEorpa www.toghchain2014.eu agus tá siad ar twitter chomh maith ag @Europarl_GA. Más ar twitter atá tú bhain faidhm as hais clib #EP2014. Ta eolas le fáil anseo in an chuid teangacha.

Tá toghcháin do na Chomhairle Chontae ar siúl ag an am céanna agus tá ceisteanna eile molta do na hiarathóirí sin anseo: Na toghcháin áitiúla agus an teanga!.

Ceist 1
(a) Má thoghtar mar chomhalta de Pharlaimint na hEorpa tú, an labhróidh tú Gaeilge go rialta agus mar ghnáthchleachtas sa Pharlaimint?

(b) Muna bhfuil tú compordach le caighdeán do chuid Gaeilge, an gcuirfidh tú feabhas ar do chuid Gaeilge trí ranganna Gaeilge a ghlacadh nó cúrsa féin-foghlaim ar líne a dhéanamh chun a chinntiú go mbeidh do dhóthain Gaeilge agat chun an ionadaíocht chuí a dhéanamh, ach go háirithe do phobal na Gaeilge agus Gaeltachta, i bParlaimint na hEorpa?

Ceist 2
An bhfuil tú sásta a fhógairt go poiblí mar chuid de d’fheachtas toghchánaíochta gur mian leat go ndéanfaí an maolú ar stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach a chur ar ceal ag deireadh na bliana 2016? Chun go dtarlódh sé sin, bheadh ar Rialtas na hÉireann a chur in iúl do Chomhairle an Aontais Eorpaigh gan mhoill go bhfuil sé ar intinn aige deireadh an mhaolaithe a mholadh ag cruinniú foirmiúil sa bhliain 2015

Cúlra:

  • - Aithníodh an Ghaeilge mar theanga oifigiúil den Aontas Eorpach ón 1 Eanáir 2007.
  • - Cuireadh maolú ar an stádas sin, ar dtús ar feadh tréimhse 5 bliana go dtí deireadh 2011, agus arís go dtí deireadh 2016, ionas nach gá na doiciméid dhlíthiúla ar fad a aistrítear go dtí na teangacha oifigiúla eile a chur ar fáil i nGaeilge. Tugadh easpa saineolaithe Gaeilge mar chúis don mhaolú, ach níl an easpa sin ann a thuilleadh.
  • - Anuas air sin níl an deis chéanna ag ionadaithe na hÉireann an Ghaeilge a úsáid san Aontas Eorpach de dheasca easpa ateangairí.
  • - Is faoi Rialtas na hÉireann atá sé a iarraidh go hoifigiúil ar an Aontas Eorpach gan an maolú ar stádas na Gaeilge a athnuachan agus is gá dóibh an cinneadh sin a ghlacadh go luath má tá an feachtas earcaíochta a mbeadh gá leis idir seo agus 2017 le riaradh i gceart.
  • - Tá daoine á bhfostú ag an Aontas Eorpach faoi láthair (m.sh. tá 10 bpost do dhlítheangeolaithe le líonadh in 2014). Beidh breis is 180 post breise le líonadh roimh 01/01/17 má chuirtear deireadh leis an maolú.
  • - Glacadh leis an Mháltais mar theanga oifigiúil in 2004 agus d’éirigh leo fáil réidh leis an maolú a bhain leis an teanga sin taobh istigh de 3 bliana Baineadh é seo amach trí chonarthaí sealadacha a thabhairt do go leor saineolaithe Máltaise chun deis a thabhairt dóibh an tríú teanga a shealbhú agus iad ag obair le hinstitiúidí an Aontais. Tá an tríú teanga riachtanach le go bhfaighfeá post buan mar shaineolaí teanga.


Cé na buntáistí breise a bheidh ann d’Éirinn má chealaítear an maolú ar stádas na Gaeilge san AE?

  • - Bheadh an Ghaeilge ar chomhchéim le gach ceann eile den 24 teanga oifigiúil san Aontas Eorpach, Máltais, Eastóinis agus Laitvis ina measc.
  • - Chuirfí 183 post ar ardluach ar fáil idir seo agus 2017 (103 aistritheoir, 32 dlítheangeolaí, 42 rúnaithe agus 6 ceann aonaid) gan aon chostas ar Rialtas na hÉireann.
  • - Bheadh buntáiste fadtéarmach maidir le tionchar na hÉireann san Aontas Eorpach de réir mar a rachadh líon áirithe de na daoine seo ar aghaidh go dtí poist a bhaineann le réimsí polasaí san Aontas Eorpach.
  • - Chuirfeadh sé le stádas na Gaeilge in Éirinn, thuaidh agus theas, agus leis an íomhá den teanga sa phobal, ach go háirithe i measc daoine óga in aois scoile agus ag an tríú leibhéil.

Wednesday, April 23, 2014

Na toghcháin áitiúla agus an teanga!

Tá ceisteanna samplacha maidir le todhchaí na Gaeilge agus na Gaeltachta leagtha amach do na hiarrthóirí mar aon le pointí eolais gurb fhiú go mór a chur ar shúile na n-iarrthóirí éagsúla. (Foilsithe ag Conradh na Gaeilge le déanaí)

CEIST 1:
An Roghnaíonn Tú Todhchaí Dár dTeanga?
Nótaí tábhachtacha ar an gceist gur fiú a chur in iúl sula bhfreagraíonn an t-iarrthóir an cheist seo:
  • B’fhiú a chur in iúl don iarrthóir sula dtugann siad freagra gur gá gníomh a dhéanamh má roghnaíonn siad todhchaí dár dteanga & go mbeimid ar ais chucu maidir leis an ngníomh
  • Foilseofar agus scaipfear ainmneacha na n-iarrthóirí ar phobal na Gaeilge agus Gaeltachta a roghnaíonn todhchaí dár dteanga le haitheantas a thabhairt dá dtacaíocht
CEIST 2:
An bhfuil tú toilteanach seirbhís as Gaeilge a chinntiú do phobal na Gaeilge agus Gaeltachta ar comhchaighdeán leis na seirbhísí as Béarla ón údarás áitiúil? m.sh. iarratais pleanála, seirbhísí tithíochta, srl..
Nótaí eile:
  • Ó Dheas: An ndéanfaidh an t-iarrthóir cinnte de go gcuirfear coinníoll i ngach conradh le soláthróirí seirbhíse don údarás áitiúil gur gá dóibh seirbhís as Gaeilge a chur ar fáil, m.sh. Comhlachtaí dramhaíola, comhlachtaí seirbhíse (ar nós Dublin Bikes - níor cuireadh aon choinníoll maidir le húsáid na Gaeilge sa chonradh agus ní féidir rothar a ghlacadh ar iasacht anois as Gaeilge) nó eile
  • Ó Thuaidh: An mbeidh an t-iarrthóir sásta abhcóideacht a dhéanamh go poiblí chun Acht na Gaeilge a reachtú i bParlaimint Westminster le creatlach ceart a bhunú d’fhorbairt na Gaeilge ó thuaidh agus a chinntiú go mbeidh an t-údarás áitiúil ag cur na Gaeilge chun chinn mar atá leagtha amach sa Cheart Eorpach, mar shampla maidir le comharthaí dátheangacha sa cheantar chomhairle bhuirg
CEIST 3:
Ceist áitiúil – m.sh. maidir le comharthaíocht áitiúil, cóiríocht do ghaelscoileanna nó lárionaid Ghaeilge, tacaíocht an údaráis áitiúil d’imeachtaí phobal na Gaeilge, bunseirbhísí & oifigí lonnaithe sa Ghaeltacht, srl..


Fíricí ar an nGaeilge do na hiarrthóirí:
• Tá beagnach 2 mhilliún duine ar oileán na hÉireann a bhfuil cumas éigin sa Ghaeilge acu

• De réir staitisticí, tá: tacaíonn 93% den daonra ó dheas leis an nGaeilge a athbheochan nó a chaomhnú (ESRI & OÉ Magh Nuad ar son Mhichíl Mhic Gréil, 2009); 35% ar son úsáid na Gaeilge ó thuaidh agus 53% ar son deiseanna breise a bheith ag daoine í a fhoghlaim ó thuaidh (Suirbhé Omnibus TÉ); 27% den daonra ó dheas ag tacú leis an nGaeilge mar phríomh-theanga an stáit (Ipsos MRBI ar son an Irish Times)

• Tá os cionn 200 gaelscoil idir bhunscoileanna agus mheánscoileanna ar oileán na hÉireann

• Tá inmharthanacht na Gaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht i mbaol (de réir an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid Na Gaeilge sa Ghaeltacht, 2007)

• Tá luach eacnamúil leis an nGaeilge don gheilleagar, m.sh. is fiú €6 mhilliún don bhaile / chathair a mbíonn an tOireachtas eagraithe ann; is fiú os cionn €136 milliún an Ghaeilge do gheilleagar na Gaillimhe go bliantúil; is fiú os cionn €20 milliúin na coláistí samhraidh Gaeilge don gheilleagar

• Tugann an Ghaeilge buntáistí breise dá lucht labhartha/foghlama, m.sh. bíonn sé níos éasca an tríú agus an ceathrú teanga a shealbhú; bíonn buntáistí cognaíocha ann (i. smaointeoireacht cruthaitheacht, íogaireacht cumarsáide, fadhbanna a réiteach); bíonn léirthuiscint níos fearr ar oidhreacht an oileáin, srl..


Monday, March 24, 2014

Focal ón gCoimisinéir!

Seo alt tabhachtach ag Rónán Ó Domhnail, an Coimisinéir Teangasan Irish Times inniú.

Istig ann tá a chuid tuairimí agus an fealsúnacht atá taobh thiar de "ghluaiseacht na teanga" agus an manadh "Ceart Teanga=Cearta Daonna."

Is fiú go mór é a léamh:

Why minding our language is a priority: Rónan Ó Domhnaill

Agus tú á léamh b'fhéidir gur mhaith leat an píosa seo ó pheann Phóil Uí Mhuirí: "There is a new commissioner in town!"


Wednesday, March 5, 2014

Cúngú & Cúlú!

Níos mó spéise ag an Rialtas i moltaí claonta an státchórais a lagóidh Acht na dTeangacha Oifigiúla in ionad é a láidriú agus a bhainfidh ó ról an Choimisinéara Teanga

Tá dréacht de chinn Bhille na dTeangacha Oifigiúla 2014 feicthe ag Conradh na Gaeilge, tá gach cuma ar an scéal go bhfuil an Rialtas ag déanamh neamhairde de na moltaí a tháinig chun cinn ón bpobal i rith an athbhreithnithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 i mí Eanáir 2012.

Cóilín Ó Cearbhaill
Dúirt Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán nua thofa Chonradh na Gaeilge: “Ar dtús is gá a rá go gcuireann sé iontas ar Chonradh na Gaeilge gur thóg sé dhá bhliain ar an Rialtas dréacht chinn bhille chomh lag, lochtach, díomách a dhréachtú más fíor don dréacht chinn bhille atá feicthe ag Conradh na Gaeilge. Ní thógann siad mianta phobal na Gaeilge agus Gaeltachta san áireamh in aon chor. Níl ann ach cúngú agus cúlú agus níos lú seirbhísí Gaeilge don phobal. Bímid soiléir faoi seo, gur léiriú eile é seo ar an easpa tosaíochta atá ag an Rialtas agus ag an stát chóras reatha ó dheas do chearta lucht labhartha na Gaeilge.”

Creideann Conradh na Gaeilge go mbeadh sé scannalach go síneofaí na tréimhsí 3 bliana do na scéimeanna teanga go 7 mbliana. Ó thosaigh córas na scéimeanna, tá siad lag agus an rud a chuir an Rialtas in iúl i gcónaí ná go n-éireodh siad níos láidre gach trí bliana. Tá molta sa dréacht chinn bhille go síneofaí an tréimhse go 7 mbliana, rud a ligfeadh do na ranna Rialtais éagsúla a ndualgas a sheachaint. B’fhearr i bhfad fáil réidh le córas na scéimeanna agus córas nua a fhorbairt le caighdeáin bunaithe ar rialacháin reachtúla, cosúil leis Na Rialacháin um Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (ALT 9) 2008, nó an córas caighdeáin atá bunaithe acu sa Bhreatain Bheag a úsáid.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: “Más fíor do na leasuithe seo atá molta sa dréacht chinn bhille, beidh sé soiléir nár éist an Rialtas leis an bpobal i rith an athbhreithnithe dhá bhliain ó shin, ná leis an 10,000 duine a bhí i láthair ag Lá Mór na Gaeilge ar 15 Feabhra 2014. Mar shampla, níl dáta leagtha amach sa dréacht chinn bhille go mbeidh gach seirbhís á gcur ar fáil as Gaeilge do phobal na Gaeltachta gan ceist, gan coinníoll. Níl aon spriocanna sásúil ann maidir le hearcaíocht san earnáil phoiblí. Níl ról monatóireachta tugtha d’Oifig an Choimisinéara Teanga ar chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030. Agus níos measa ná sin ar fad, bheadh an Rialtas ag cur dea-oibre agus neamhspleáchais Oifig an Choimisinéara Teanga i mbaol dá mbeadh an oifig curtha faoi Oifig an Ombudsman. Tá an baol ann chomh maith go gcosnóidh an cinneadh seo airgead ar an Stát, mar a d’admhaigh Aire Stáit na Gaeltachta sa Dáil ar 24 Samhain 2011."

Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh ar an Rialtas athmhachnamh a dhéanamh ar na dréacht chinn bhille láithreach, agus i measc na moltaí atá ag an eagras leis an mbille a láidriú tá na moltaí seo a leanas:
• Oifig an Choimisinéara Teanga a fhágáil neamhspleách faoi na socruithe reatha
• Ba chóir go mbeadh sé mar chuid de rialacháin nua san Acht go mbeidh, faoi dheireadh 2016, gach seirbhís ar fáil do phobal na Gaeltachta trí Ghaeilge agus na seirbhísí sin a bheith ar chomhchaighdeán leis na seirbhísí a chuirtear ar fáil trí Bhéarla in áiteanna eile
• Ba chóir go mbeadh rialacháin ann go mbeidh líon áirithe daoine i ngach comhlacht poiblí in ann seirbhís a chur ar fail trí Ghaeilge (ní gá go mbeadh Gaeilge ag gach fostaí nua, ach ba chóir go mbeadh céatadán den fhoireann le Gaeilge ann)
• Go bhforbrófaí córas nua le caighdeán a bheadh bunaithe ar rialacháin reachtúla, ar nós Na Rialacháin um Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (ALT 9) 2008
• Sa chás go gceapann nó go n-údaraíonn comhlacht poiblí cuideachta phríobháideach nó gníomhaireacht de chineál ar bith eile le feidhmiú thar a cheann agus é ag déileáil leis an bpobal ba chóir go mbeadh na dualgais chéanna acu is atá ag an gcomhlacht poiblí le seirbhís a chur ar fáil trí Ghaeilge don fheidhm a cheapfar iad a chur i gcrích ar son an chomhlachta phoiblí
• Ba chóir ról monatóireachta a thabhairt d’Oifig an Choimisinéara Teanga ar chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030

Friday, February 28, 2014

Masla ar an idirlíon!

Fuair mé na moltaí ó Chonradh na Gaeilge maidir le plé le maslaí ar líne. Sé Cuan Ó Seireadáin a cheap é. Ar ndóigh baineann sé leis na meáin éile chomh maith.

Caithfidh gach feachtas ar son na cearta sibhialta déileáil le masla den sórt seo. Is fianaise iad na maslaí pearsanta go bhfuil coinsias na maslaitheoirí faoi bhrú, agus go bhfuil tobar na n-argóintí réasúnta folamh.

Bíonn sé mar aidhm ag na maslaitheoirí an díospóireacht a shracadh i dtreo ina labhraítear faoi rudaí nach mbaineann leis an bhfeachtas, go háirithe maidir leis an gcóras oideachais agus a dtaithí fhulangach féin (mar dhea) air.

Níl aon dualgas orainn coimhlint ar an leibhéal sin.

Déarfadh ná Rómhánaigh i gcónaí gurb iad na hargóintí ad hominem na cinn ba laige: (Seo miniú ar Wikipidia an Bhéarla ar an tearma ad hominem!)

B’fhíor dóibh.

Tá sé riachtanach mar sin:
1) Nach ndéanfaimis masla muid féin riamh. Nach n-úsáidfimid tada ón oidhreacht shaibhir do mhaslaí a dhéanann iarracht coinsias ciontach a mhúscailt ar nós ‘seoinín’ agus srl. Go gcnuasófaí agus go scaipfí liosta do fhreagraí gearra dearfacha ar na maslaí míchearta is coitianta.

2) Go ndéarfaimis arís agus arís eile, go réasúnta agus go féinchinnte, gur feachtas cearta sibhialta é seo.

3) Léiriú, mar sin, go bhfuil rogha le déanamh: Todhchaí (Dearfach) nó Bás (Diúltach).

4) Go dtaispeánfaí, chomh minic agus is féidir, gur muidne an taobh atá dearfach, greannmhar, óg, spreagúil, úr, fuinniúil, saibhirshamhlaíoch, tuisceanach, cineálta, aontaithe, oscailte, fáilteach.

5) Go dtaispeánfaí, chomh minic agus is féidir, gur muidne an taobh a bhfuil fís agus dóchas acu; an taobh atá dírithe ar an dtodhchaí (ceist na gcearta), ní ar an aimsir chaite (an drochthaithí oideachais).

6) Go gcuirfimis fáilte roimh gach tacaíocht a thugtar dúinn go poiblí nó go príobháideach, is cuma cé chomh beag agus atá sé.

7) Go bhfreagróimis, arís agus arís eile, gur díospóireacht fíor-thábhachtach í an díospóireacht oideachais, ach nach féadfar í a phlé gan cearta a phlé chomh maith.

8) Más rud é go ndeireann daoine naimhdeacha rudaí nimhneacha, drochbhéasacha, foréigeanacha a rá, neartaíonn sé sin ár n-argóint go bhfuileamar ag troid in aghaidh luathbhreithiúnais mhí-réasúnta.

9) Tuiscint nach iad na hargóintí iad féin a bhuann cathanna ar son tacaíocht phoiblí go minic, ach an taobh ar féidir leo níos mó torainn a chruthú. Tuiscint go gcaithfidh an torann sin bheith dírithe sa dtreo chéanna i gcónaí: Rialtais atá ag tréigeadh a dhualgas, agus atá ag déanamh neamhairde ar an mórchuid saq phobal anseo agus thar lear a roghnaíonn Todhchaí dár dTeanga.

10) Go mbeadh an bhfoclóir agus na teachtaireachtaí céanna a úsáid ag gach éinne, i ngach díospóireacht, an t-am ar fad.

11) Go mbeadh gearrliosta do na héilimh ar fáil, i bhfoclóir simplí, i mBéarla agus i nGaeilge, agus iad á scaipeadh agus á lua ag gach deis, bíodh sé poiblí nó bíodh sé príobháideach.

12) Go labhróimis faoi “Lá Iontach na Gaeilge”, faoi “Earrach na Gaeilge”.

Thursday, February 27, 2014

Litir don Taoiseach ón 1.5%

"...léirigh taighde atá déanta dúinn ar fhigiúirí oifigiúla ón Roinn Oideachais agus Scileanna go dtógfadh an córas nua sin, dá gcuirfí i bhfeidhm go hiomlán agus ar an bhealach is dearfaí é, thart ar 28 mbliana le líon na foirne riaracháin sa Roinn sin le líofacht i nGaeilge a dhúbailt ón 11⁄2% atá ann faoi láthair go dtí 3%...." (Seán Ó Chuirreáin, Coimisinéir Teanga, 2004-2014 - Ag caint leis an Oireachtas 23/1/2014)

Is fiú go mór an litir seo a léamh chuig an Taoiseach ó Chumann na nOifigeach Forbartha Gaeilge sa tSeirbhís Phoiblí.

Mar is eol do chach is mionlach an-bheag iad sa stáit chóras agus is léir go dtuigeann siad fáth go bhhfuil pobal na Gaelige "Dearg le Fearg".


Bhfuil siad le "gaoth an fhocail a fháil" uaidh?


Monday, February 24, 2014

Slán le Seán - litir bíochais ó phobal labhartha na Gaeilge sa Ghaeltacht agus in Éirinn ina iomláine!

Seo litir buíochas ó Phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge a bronnadh ar Sheán Ó Cuirreáin ar an 23 Feabhra 2014, a lá deireanach mar Coimisinéir Teanga. Nuair a bhí an bronnadh thart bhí siúlóid agóide go Roinn na Gaeltachta áit ar a tugadh litir poiblí chuig an Aire Stáit McGinley.

23 Feabhra, 2014

Seán Ó Cuirreáin, Uas.,
An Chéad Choimisinéir Teanga.

A Sheáin, a chara

An litir a bhronnadh!
Is mian le pobal na Gaeltachta agus lucht labhartha na Gaeilge ar fud na tíre, ár mbuíochas ó chroí a chur in iúl duit, faoin obair thábhachtach a rinne tú go stuama agus le dúthracht mar chéad Choimisinéir Teanga. Le deich mbliana anuas thug d’oifig, faoi do stiúradh, cosaint do phobal na Gaeilge, a raibh a gcearta teanga á gceilt orthu ag an gcóras stáit.

Cé gur trua linn gur éirigh tú as, is móide ár meas ort gur ar bhonn prionsabail a bheartaigh tú an cinneadh sin a ghlacadh. De bharr do sheasaimh mhisniúil ionraic, tá muid dóchasach go mbeidh sé níos éasca ar an gcéad Choimisinéir eile cúraimí na hoifige a chomhlíonadh i mbealach a dhaingneoidh ár gcearta mar Ghaeilgeoirí agus muid ag déileáil leis an státchóras.


Ba mhaith linn gach rath a ghuí ort amach anseo.

Pobal na Gaeltachta agus na Gaeilge.


Seán agus a fhoireann - buíochas agus meas tuilte acu go léir!

Thursday, February 20, 2014

Stop! Gaeilge led thoil!

Fadó fadó, 20 Nol 2010,  rinne mo shuirbhé beag féin ar shuíomhanna na páirtithe poiliticiúla, Ar son na Gaeilge mar dhea! Ní deas an pictiúir a bhí ann, agus anois, faraoir, ní fhéadfá a rá go bhfuil aon athrú ar an scéal. Tá a meas do Phobal na Gaeilge le feiscint go lom soiléir fós ann.
Náire na bPáirtithe (An Tuairisceoir)
Agus muid ag céiliúradh Lá íontach na Gaeilge ar an Sathairn (15 Feabh 2014) rinne Kevin Scannell, ar bhruach an Mississippi thiar, taighde ar an méid ball de na páirtithe a déanann tuíteanna i nGaeilge.

Ní deas an bpictiúir atá ann.
  • @sinnfeinireland: 1.61%
  • @fiannafailparty: 0.43%
  • @labour: 0.32%
  • @FineGaelToday: 0.29%

I ndairírí táid uilig chomh dona lena chéile!

Feachtas béasach
Bhí píosa ag ár gcara, iGaeilge, le déanaí (An éistfear le Pobal na Gaeilge anois? 15 Feabh 2014) ag rá (faoi Lá Mór na Gaeilge!),"Tá go leor éilimh ann agus go leor ar cheart tabhairt faoi go luath. Ó mo thaobh féin de, bheinn sásta gur tús mhaith a bheadh ann dá dtosnódh an Rialtas – agus na pairtithe polatúla eile – ag labhairt linn inár dteanga féin, laithreach."

Agus ansin thosaigh sé feachtas #Gaeilgeledthoil mar fhreagairt ar Lá Mór na Gaeilge "..ag lorg bhúr dtacaíocht chun brú a chur ar pholaiteoirí, ar pháirtí the pholatúla agus an statchóras, thuaidh is theas Gaeilge a úsáid go rialta ar twitter."

Leanann sé, "Feachtas béasach é seo. Táim ag iarraidh ar pháirtithe agus ar pholaiteoirí tús a chur le nós nua ar twitter, labhairt liom i nGaeilge. Blian toghcháin é seo – ba cheart go ndéanfadh sin cúis mar spreagadh. Ní mór é m’éileamh ach leanfaidh mé leis mar is feachtas é seo le spriocanna ar féidir iad a bhaint amach. Ar a laghad 5 tvuít gach lá as Gaeilge. Nó go mbeadh leagan Ghaeilge de gach tvuít." (Tús le feachtas #gaeilgeledthoil!)

Is fiú go mór feachtas béasach mar seo.

Mar sin i bhfocail Choncubhair iGaeilge Uí Liatháin, anois an t-am le rá: "Stop! Tá rogha eile ann. Labhair liom i mo theanga led thoil! #gaeilgeledthoil...dein bhúr dul chun cinn a thuairisciú fén haischlib #gaeilgeledthoil.

"Seo Earrach na Gaeilge! Ar aghaidh linn."

Thursday, February 13, 2014

48 uair a chlog le dul...

48 uair a chloig le dul go dtí go dtosaíonn Lá Mór na Gaeilge agus tá níos mó scéalta ag teacht gach uair a chloig go mbeidh na sluaite ann. 

Ag an bpointe seo tá: 21 bhus in áirithe; tá Thunderclap déanta ar na meáin shóisialta a raibh teacht ar 91,450 duine ar an teachtaireacht; Tá thar 1,300 duine ar an imeacht ar Facebook; tá an scéal faoin lá scaipthe ag SIPTU, CPSU, IMPACT agus INMO, chomh maith leis na ceardchumainn eile luaite sa ríomhphost deireanach.
Tá cúpla nóta thíos maidir le rudaí a bhaineann leis an lá a fuair mé ó na h-eagrathóirí:

• Is fiú meirgí nó plaicird a dhéanamh don lá (ach ná bí buartha mura fhaigheann sibh seans cinn a dhéanamh. Tá thart ar 300 déanta ag an ngrúpa oibre cheana féin!)

Tá an clárama sealadach (agus seo treo na siúlóide):
  • 14.00 – Bailiú ag an nGairdín Cuimhneacháin, Cearnóg Parnell Thuaidh
  • 14.30 – Tús leis an siúl
  • 15.15 –Sráid Theach Laighean (d’fheadfadh muid a bheith suas le 15 nóiméad níos luaithe nó 15 nóiméad níos déanaí ná sin, ag brath ar líon na ndaoine ar an lá)
  • 15.20 – Tús leis na cainteanna & leis an gceol
  • 15.50 – Deireadh

Tá cóip den bhileog eolais mar pictiúr thíos ag an mbun. Tá na h-éilimh ó Halla na Saoirse luaite air. Dar ndóigh, beidh éilimh eile ag grúpaí éagsúla amach anseo ach ba mhaith linn díriú ar na cinn seo go háirithe Dé Sathairn.

Beidh cruinniú le moltaí breise a bhailiú don chéad chuid eile den fheachtas ar siúl 30 nóiméad i ndiaidh dheireadh an léirsithe in Uimhir 6, Sráid Fhearchair. Ní gá a bheith i láthair, go háirithe má tá tú ag imeacht abhaile ar bhus nó má tá do theaghlach leat, ach is deis í le tuilleadh moltaí a bhailiú ón bpobal don fheachtas.


Tá na meáin Ghaeilge tar éis an scéal a scaipeadh go tréan agus táimid fíor-bhuíoch díobh. Tá na meáin áitiúla tar éis a bheith go maith chomh maith. Beifear ag díriú go háirithe ar na meáin náisiúnta sa chéad dhá lá eile (mar eolas tá an físeán is déanaí anseo. Bhí alt maith ag Siobhán Seoighe, i mBéarla, san Independent inné.).

Cliog ar seo len é a léamh níos fearr!