Wednesday, April 23, 2014

Na toghcháin áitiúla agus an teanga!

Tá ceisteanna samplacha maidir le todhchaí na Gaeilge agus na Gaeltachta leagtha amach do na hiarrthóirí mar aon le pointí eolais gurb fhiú go mór a chur ar shúile na n-iarrthóirí éagsúla. (Foilsithe ag Conradh na Gaeilge le déanaí)

CEIST 1:
An Roghnaíonn Tú Todhchaí Dár dTeanga?
Nótaí tábhachtacha ar an gceist gur fiú a chur in iúl sula bhfreagraíonn an t-iarrthóir an cheist seo:
  • B’fhiú a chur in iúl don iarrthóir sula dtugann siad freagra gur gá gníomh a dhéanamh má roghnaíonn siad todhchaí dár dteanga & go mbeimid ar ais chucu maidir leis an ngníomh
  • Foilseofar agus scaipfear ainmneacha na n-iarrthóirí ar phobal na Gaeilge agus Gaeltachta a roghnaíonn todhchaí dár dteanga le haitheantas a thabhairt dá dtacaíocht
CEIST 2:
An bhfuil tú toilteanach seirbhís as Gaeilge a chinntiú do phobal na Gaeilge agus Gaeltachta ar comhchaighdeán leis na seirbhísí as Béarla ón údarás áitiúil? m.sh. iarratais pleanála, seirbhísí tithíochta, srl..
Nótaí eile:
  • Ó Dheas: An ndéanfaidh an t-iarrthóir cinnte de go gcuirfear coinníoll i ngach conradh le soláthróirí seirbhíse don údarás áitiúil gur gá dóibh seirbhís as Gaeilge a chur ar fáil, m.sh. Comhlachtaí dramhaíola, comhlachtaí seirbhíse (ar nós Dublin Bikes - níor cuireadh aon choinníoll maidir le húsáid na Gaeilge sa chonradh agus ní féidir rothar a ghlacadh ar iasacht anois as Gaeilge) nó eile
  • Ó Thuaidh: An mbeidh an t-iarrthóir sásta abhcóideacht a dhéanamh go poiblí chun Acht na Gaeilge a reachtú i bParlaimint Westminster le creatlach ceart a bhunú d’fhorbairt na Gaeilge ó thuaidh agus a chinntiú go mbeidh an t-údarás áitiúil ag cur na Gaeilge chun chinn mar atá leagtha amach sa Cheart Eorpach, mar shampla maidir le comharthaí dátheangacha sa cheantar chomhairle bhuirg
CEIST 3:
Ceist áitiúil – m.sh. maidir le comharthaíocht áitiúil, cóiríocht do ghaelscoileanna nó lárionaid Ghaeilge, tacaíocht an údaráis áitiúil d’imeachtaí phobal na Gaeilge, bunseirbhísí & oifigí lonnaithe sa Ghaeltacht, srl..


Fíricí ar an nGaeilge do na hiarrthóirí:
• Tá beagnach 2 mhilliún duine ar oileán na hÉireann a bhfuil cumas éigin sa Ghaeilge acu

• De réir staitisticí, tá: tacaíonn 93% den daonra ó dheas leis an nGaeilge a athbheochan nó a chaomhnú (ESRI & OÉ Magh Nuad ar son Mhichíl Mhic Gréil, 2009); 35% ar son úsáid na Gaeilge ó thuaidh agus 53% ar son deiseanna breise a bheith ag daoine í a fhoghlaim ó thuaidh (Suirbhé Omnibus TÉ); 27% den daonra ó dheas ag tacú leis an nGaeilge mar phríomh-theanga an stáit (Ipsos MRBI ar son an Irish Times)

• Tá os cionn 200 gaelscoil idir bhunscoileanna agus mheánscoileanna ar oileán na hÉireann

• Tá inmharthanacht na Gaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht i mbaol (de réir an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid Na Gaeilge sa Ghaeltacht, 2007)

• Tá luach eacnamúil leis an nGaeilge don gheilleagar, m.sh. is fiú €6 mhilliún don bhaile / chathair a mbíonn an tOireachtas eagraithe ann; is fiú os cionn €136 milliún an Ghaeilge do gheilleagar na Gaillimhe go bliantúil; is fiú os cionn €20 milliúin na coláistí samhraidh Gaeilge don gheilleagar

• Tugann an Ghaeilge buntáistí breise dá lucht labhartha/foghlama, m.sh. bíonn sé níos éasca an tríú agus an ceathrú teanga a shealbhú; bíonn buntáistí cognaíocha ann (i. smaointeoireacht cruthaitheacht, íogaireacht cumarsáide, fadhbanna a réiteach); bíonn léirthuiscint níos fearr ar oidhreacht an oileáin, srl..


1 comment:

  1. Lena mbaineann sé!!!

    An bhfuil tú fear gnó / bean? An bhfuil tú in aon praiseach airgeadais nó is gá duit
    cistí chun tosaigh do ghnó féin? nó a íoc as do chuid billí nó tús maith
    ghnó? Déan teagmháil linn ar davidmike756@gmail.com. Is féidir leat Téacs freisin nó Call
    Ár Cheannoifig I United staid Meiriceá ar 19513561932.
    a líonadh an eolas:
    Name--
    Amunt--
    Duration--
    Uimhir teileafón-
    tír-
    mhéin,
    Ó: DAVID MIKE Iasacht Company
    19513561932.

    ReplyDelete