Thursday, November 13, 2014

Níl "aon dualgas reachtúil teanga ar an Údarás ná ar an tSeirbhís" Cheadúnais Tiomána!

Tá na hAirí, agus gach Aire ó 2006, ina suí ar an rud seo ó 2006. An mbeidh sé deanta roimh 2016? 
Ina suí ar a dtóineacha bhreá Gaelacha?
Tá an ceadúnas tiomána beacnach as dáta agam agus thosigh mé ag iarraidh fháil amach faoin nós nua atá fógratha len é a athnuachán. Rinne mé "Ceadúnas Tiomána" a fháil tré Google agus cé go raibh suíomh deas ag Comhairle Chontae Chorcaí ba léir go raibh sé as dáta.

Ansin cas mé ar an Bhéarla, (teanga oifigiúil an Rialtas?). Bhí roinnt suíomhanna le fáil ach bhíodar as dáta nó ní raibh an leathannach le fáil. Faoi dheiread d'aimsigh mé an suíomh ag Údarás um Shabháltacht ar Bhoithre (Béarla). Tá cnaipe "Gaeilge" agus brú mé air le dóchas! Ach, mo léan, cé go bhfuil na cinn línte i nGaeilge is i mBéarla chuile rud eile. Rinne mé iarracht a fháil amach conas teangabháil a dhéanamh leo agus arís muna bhfuil Béarla ag duine - agus fiú le Béarla - tá sé an-deachair a fháil amach cén áit ar cheart gearán a dhéanamh. Ach bhí nasc "As Gaeilge" i measc na nascanna go léir, léim mo chroí le h-áthas ach an scéal céanna atá ann agus atá ag an-chuid eagraíochtaí stáit. D'athrigh na cinn-litreacha ar ais chuig an Bhéarla ach bhí píosa beag i nGaeilge.

Seo a bhí scríofa:

As Gaeilge

Cuirfeadh an tÚdarás Um Shábháilteacht Ar Bhóithre seirbhísí ar fáil trí mheán na Gaeilge.


Aithnímid go bhfuil an Ghaeilge in úsáid ag roinnt dár gcustaiméirí agus is mian linn déileáil leo in ár gcéad teanga. Déanfaimid bileoga agus leabhráin a chur ar fail i nGaeilge; beidh tú ábalta iarratas a dhéanamh ar thástáil tiomána i nGaeilge agus cuirfeadh muid an tástáil tiomána i gcrích i nGaeilge de réir mar is gá.

Tabharfaimid freagra duit i nGaeilge má scríobhann tú chugainn i nGaeilge agus labhairoidh muid leat i nGaeilge más mian leat labhairt le ball den fhoireann i nGaeilge.

Beidh leagan den láithreán gréasáin seo ar fáil i nGaeilge in achar ghearr.

Is dócha gur cóir dúinn a bheith buíoch nach i gcló Iodálach atá sep scríofa!

Bhí fadhb agam agus chinn mé ar scríobh chuig an Coimisinéir Teanga mar mheas mé go raibh  an cumhacht aige mar "Tá dualgas reachtúil ar gach comhlacht poiblí atá ainmnithe faoin Acht feidhmiú de réir na Rialachán atá déanta ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta faoi alt 9(1) den Acht."

Scríobh mé chuig a oifig le muinín agus iontaoibh agus ar ndóigh, le fearg áirithe.

"....Beidh orm ceadúnas tiomána a athnúachain go luath agus rinne mé iarracht eolas faoin gcóras nua a fháil ar líne uatha ach níl ach fíor bheagán Gaeilge ar an suíomh acu agus fiú má bhrútar ar an cnaipe “Gaeilge” tá an mion-eolas go léir i mBéarla...

...Níl mise sásta géileadh den short seo rud. Ní raibh aon fhadhb agam-sa roimhe seo ag fáil athnúcháin ar mo cheadúnas ach anois níl sé chomh simplí má tá duine ag iarraidh a chuid ghnó a dhéanamh sa teanga náisiúnta. 

Rinne me mo theastais i nGaeilge fadó agus ní dhearna aon ghnó leo i mBearla ó shin. Ach anois táid ag brú Béarla orm..."

Mar is gnáth fuair mé freagra beacht ón oifig go pras. Ach ní ró-shásta a bhí mé leis an méid a bhí le rá ann.

"..Go raibh maith agat as teagmháil a dhéanamh linn maidir le deacrachtaí atá agat seirbhís i nGaeilge a fháil ón tSeirbhís Náisiúnta um Cheadúnais Tiomána (NDLS).

Tuigtear dúinn go bhfuil an tSeirbhís seo á fheidhmiú ar bhonn chonradh thar ceann an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre. Cé gur comhlacht poiblí é an tÚdarás, níor thug an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta faoi scáth Acht na dTeangacha Oifigiúla é ó bunaíodh é i Meán Fómhair 2006 – go deimhin, níl liosta na gcomhlachtaí nuashonraithe ag an Aire ó Bhealtaine na bliana sin. Tá sé seo curtha ar súile na Roinne againn ar bhonn rialta. Tuigimid go bhfuil sé beartaithe ag an Roinn go ndéanfar gach comhlacht poiblí a thabhairt faoi scáth na reachtaíochta go huathoibríoch trí leasú a dhéanamh ar an Acht, agus níl sin déanta fós. Ciallaíonn seo nach bhfuil aon dualgas reachtúil teanga ar an Údarás ná ar an tSeirbhís, agus nach bhfuil aon chumhacht nó údarás ag an Oifig seo teagmháil a dhéanamh leo ina leith....." 

Ocht mbliaina!

Mar a dúirt Seán Ó Cuirreáin ina ráiteas deireannach roimh éirí mar Coimisinéir Teanga, as dó,  “… más fíor gur go mall a mheileann muilte Dé, is léir gur níos moille fós a mheileann muilte an státchórais, go speisialta i réimse na teanga!” 

Tá na hAirí, agus gach Aire ó 2006, ina suí ar an rud seo ó 2006. An mbeidh sé deanta roimh 2016?