Thursday, November 26, 2015

Taisteal gan Gaeilge!

“Is í oidhreacht an Rialtais reatha i leith na Gaeilge ná easpa físe, easpa tacaíochta, easpa ceannaireachta agus easpa maoirseachta."

An t-Aire
"Tógfaidh mé ceisteanna Uimh. 604 agus Uimh. 608 le chéile.
Tá iarrtha ar Chóras Iompair Éireann, lena n-áirítear Bus Éireann, Bus Átha Cliath agus Iarnród Éireann, dréacht scéim teanga a thíolacadh dom faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus tá oifigigh mo Roinne i dteagmháil leis an chomhlacht poiblí ina leith.
Tá sonraí ar fáil ar shuíomh gréasáin Oifig an Choimisinéara Teanga maidir leis na comhlachtaí poiblí go léir a thagann faoi scáth Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. I gcomhthéacs dréachtú Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2015, tá uasdátú á dhéanamh ar Chéad Sceideal an Achta faoi láthair chun na hathruithe móra atá tagtha ar chomhdhéanamh na seirbhíse poiblí le roinnt blianta anuas a bheachtú. Cuimsíonn an próiseas uasdátaithe comhlachtaí poiblí athstruchtúraithe ar nós na mBord Oideachais agus Oiliúna agus na nÚdarás Áitiúil chomh maith le comhlachtaí poiblí atá as feidhm ar nós na mBord Fiontar Contae. De réir an eolais is déanaí atá ar fáil i ndáil leis an phróiseas uasdátaithe, tuigtear dom gurb é tuairim is 400 an líon reatha comhlachtaí poiblí atá le háireamh faoi scáth an Achta.
I láthair na huaire, tá 107 scéim teanga i bhfeidhm, a chlúdaíonn 115 comhlacht poiblí san iomlán. Ina theannta sin, tá plé gníomhach ar siúl le 129 comhlacht poiblí eile chun scéimeanna teanga a aontú leo. Tá sonraí gach scéim daingnithe ar fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisinéara Teanga chomh maith le sonraí maidir leis na comhlachtaí poiblí a bhfuil dréacht scéim teanga iarrtha orthu."
Cháin an Teachta Dála agus Úrlabhraí Gaeilge Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh, an Rialtas go láidir inniú maidir lena gcur chuige náireach i leith na Gaeilge agus a dteip maidir le cuir i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, 12 bhliain i ndiaidh achtú na Reachtaíochta.

Tar éis dó roinnt gearáin a fháil nach raibh an comhlacht leath-stáit "Irish Rail”, mar a dtugtar air go forleathan, ag comhlíonadh a dhualgais maidir leis an nGaeilge, chuir an Teachta Dála ceist Dála ag fiafraí den Aire  Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta,  liosta a chur ar fáil de na comhlachtaí poiblí a thagann faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 nach bhfuil scéim teanga aontaithe ag an Roinn leo.

I ráiteas le déanaí dúirt sé gur "tháinig sé chun solais ón bhfreagra a fuair mé ón Aire Stáit  i Roinn na Gaeltachta, Joe McHugh, nach bhfuil
Córas Iompair Éireann, 
Iarnród Éireann, 
Bus Éireann agus 
Bus Átha Cliath, san áireamh, 
ag comhlíonadh a ndualgais maidir leis an nGaeilge. Masla amach is amach is ea an scéal seo a léiríonn go soiléir an drochmheas atá ag an Rialtas seo ar Shaoránaigh na hÉireann a dteastaíonn uathu maireachtáil trí Ghaeilge.

“Is é mo bharúil gur theip ar Fhine Gael/Páirtí an Lucht Oibre  agus Fianna Fáil rompu, an rud a bhí beartaithe  go reachtúil acu a chur  i gcrích – a  ndualgais maidir leis an Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a chur  i bhfeidhm.

“De réir an eolais is déanaí atá ar fáil, tá tuairim is 400 comhlacht poiblí atá le háireamh faoi scáth an Achta. Is í an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphries, atá freagrach as cinntiú go bhfuil scéim aontaithe le gach comhlacht poiblí, de réir an Achta Teanga.

“I láthair na huaire, tá 107 scéim teanga i bhfeidhm, a chlúdaíonn 115 chomhlacht poiblí san iomlán. Ina theannta sin, tá plé gníomhach ar siúl le 129 gcomhlacht poiblí eile chun scéimeanna teanga a aontú leo.

“Is rud suntasach é, sa bhliain 2015, dhá bhliain déag i ndiaidh achtú na reachtaíochta, nach bhfuil ach 115 chomhlacht le scéim teanga i bhfeidhm, cé go bhfuil 400 in ainm a bheith faoi scáth an Achta. Sin thart ar 70% de na comhlachtaí poiblí nach bhfuil ag feidhmiú de réir an Achta. 2003.

“Is í oidhreacht an Rialtais reatha i leith na Gaeilge ná easpa físe, easpa tacaíochta, easpa ceannaireachta agus easpa maoirseachta.

“Tá níos fearr ná sin tuillte ag Muintir na hÉireann agus ag ár dTeanga ársa.”


No comments:

Post a Comment