Showing posts with label Cóilín Ó Cearbhaill. Show all posts
Showing posts with label Cóilín Ó Cearbhaill. Show all posts

Thursday, February 5, 2015

Cearta teanga in Éirinn agus san Eoraip!


Tá Comhdháil Cearta Teanga, eagraithe ag Conradh na Gaeilgear le bheith ar siúl Dé Máirt, 17 Feabhra 2015, ó 09.30 go dtí 13.30 in Óstán Wynns, Sráid na Mainistreach, Baile Átha Cliath 1.


Pléifear láidriú Bille na dTeangacha Oifigiúla 2015 (leasú) ó dheas a bheidh ag dul tríd Tithe an Oireachtais go luath, na céimeanna atá le glacadh chun deireadh a chur leis an maolú ar úsáid na Gaeilge san Aontas Eorpach agus na deiseanna eile atá ann don Ghaeilge san Eoraip. 

Rafael Ribó na Catalóine
I meas na cainteoirí tá Rafael Ribó i Massó, Ombudsman na Catalóine a bhí ag an gcéad cruinniu de Coimisinéirí Teanga i mBaile Átha Cliath (Bealtaine 2013) agus a tharraing argóint cuíosach searbh idir é féin agus ionadaí Ambasáid na Spáinne!

9.30-10.00
Clárú & Oscailt Oifigiúil 
Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán an Chonartha

10.00 - 11.30
Seisiún 1: Láidriú Acht na dTeangacha Oifigiúla

Cathaoirleach / Chair
• Máirín Ní Ghadhra, RTÉ Raidió na Gaeltachta

Cainteoirí / Speakers
• Rónán Ó Domhnaill, An Coimisinéir Teanga
• Rafael Ribó i Massó, Ombudsman na Catalóine

Painéal / Panel
• Éamon Ó Cuív, TD, Fianna Fáil
• Íte Ní Chionnaith, Conradh na Gaeilge
• Seán Kyne, TD, Fine Gael
• Trevor Ó Clochartaigh, Seanadóir, Sinn Féin

Plé

11.30 - 12.00 Sos

12.00 - 13.30
Seisiún 2:
Deireadh leis an maolú san Aontas Eorpach & deiseanna eile don Ghaeilge san Eoraip

Cathaoirleach / Chair
Eimear Ní Chonaola, TG4

Cainteoir / Speaker
An Dr. Pádraig Breandán Ó Laighin

Painéal / Panel
• Julian de Spáinn, Conradh na Gaeilge
• Liadh Ní Riada, FPE, Sinn Féin
• Lucinda Creighton, TD

Plé


Wednesday, March 5, 2014

Cúngú & Cúlú!

Níos mó spéise ag an Rialtas i moltaí claonta an státchórais a lagóidh Acht na dTeangacha Oifigiúla in ionad é a láidriú agus a bhainfidh ó ról an Choimisinéara Teanga

Tá dréacht de chinn Bhille na dTeangacha Oifigiúla 2014 feicthe ag Conradh na Gaeilge, tá gach cuma ar an scéal go bhfuil an Rialtas ag déanamh neamhairde de na moltaí a tháinig chun cinn ón bpobal i rith an athbhreithnithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 i mí Eanáir 2012.

Cóilín Ó Cearbhaill
Dúirt Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán nua thofa Chonradh na Gaeilge: “Ar dtús is gá a rá go gcuireann sé iontas ar Chonradh na Gaeilge gur thóg sé dhá bhliain ar an Rialtas dréacht chinn bhille chomh lag, lochtach, díomách a dhréachtú más fíor don dréacht chinn bhille atá feicthe ag Conradh na Gaeilge. Ní thógann siad mianta phobal na Gaeilge agus Gaeltachta san áireamh in aon chor. Níl ann ach cúngú agus cúlú agus níos lú seirbhísí Gaeilge don phobal. Bímid soiléir faoi seo, gur léiriú eile é seo ar an easpa tosaíochta atá ag an Rialtas agus ag an stát chóras reatha ó dheas do chearta lucht labhartha na Gaeilge.”

Creideann Conradh na Gaeilge go mbeadh sé scannalach go síneofaí na tréimhsí 3 bliana do na scéimeanna teanga go 7 mbliana. Ó thosaigh córas na scéimeanna, tá siad lag agus an rud a chuir an Rialtas in iúl i gcónaí ná go n-éireodh siad níos láidre gach trí bliana. Tá molta sa dréacht chinn bhille go síneofaí an tréimhse go 7 mbliana, rud a ligfeadh do na ranna Rialtais éagsúla a ndualgas a sheachaint. B’fhearr i bhfad fáil réidh le córas na scéimeanna agus córas nua a fhorbairt le caighdeáin bunaithe ar rialacháin reachtúla, cosúil leis Na Rialacháin um Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (ALT 9) 2008, nó an córas caighdeáin atá bunaithe acu sa Bhreatain Bheag a úsáid.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: “Más fíor do na leasuithe seo atá molta sa dréacht chinn bhille, beidh sé soiléir nár éist an Rialtas leis an bpobal i rith an athbhreithnithe dhá bhliain ó shin, ná leis an 10,000 duine a bhí i láthair ag Lá Mór na Gaeilge ar 15 Feabhra 2014. Mar shampla, níl dáta leagtha amach sa dréacht chinn bhille go mbeidh gach seirbhís á gcur ar fáil as Gaeilge do phobal na Gaeltachta gan ceist, gan coinníoll. Níl aon spriocanna sásúil ann maidir le hearcaíocht san earnáil phoiblí. Níl ról monatóireachta tugtha d’Oifig an Choimisinéara Teanga ar chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030. Agus níos measa ná sin ar fad, bheadh an Rialtas ag cur dea-oibre agus neamhspleáchais Oifig an Choimisinéara Teanga i mbaol dá mbeadh an oifig curtha faoi Oifig an Ombudsman. Tá an baol ann chomh maith go gcosnóidh an cinneadh seo airgead ar an Stát, mar a d’admhaigh Aire Stáit na Gaeltachta sa Dáil ar 24 Samhain 2011."

Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh ar an Rialtas athmhachnamh a dhéanamh ar na dréacht chinn bhille láithreach, agus i measc na moltaí atá ag an eagras leis an mbille a láidriú tá na moltaí seo a leanas:
• Oifig an Choimisinéara Teanga a fhágáil neamhspleách faoi na socruithe reatha
• Ba chóir go mbeadh sé mar chuid de rialacháin nua san Acht go mbeidh, faoi dheireadh 2016, gach seirbhís ar fáil do phobal na Gaeltachta trí Ghaeilge agus na seirbhísí sin a bheith ar chomhchaighdeán leis na seirbhísí a chuirtear ar fáil trí Bhéarla in áiteanna eile
• Ba chóir go mbeadh rialacháin ann go mbeidh líon áirithe daoine i ngach comhlacht poiblí in ann seirbhís a chur ar fail trí Ghaeilge (ní gá go mbeadh Gaeilge ag gach fostaí nua, ach ba chóir go mbeadh céatadán den fhoireann le Gaeilge ann)
• Go bhforbrófaí córas nua le caighdeán a bheadh bunaithe ar rialacháin reachtúla, ar nós Na Rialacháin um Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (ALT 9) 2008
• Sa chás go gceapann nó go n-údaraíonn comhlacht poiblí cuideachta phríobháideach nó gníomhaireacht de chineál ar bith eile le feidhmiú thar a cheann agus é ag déileáil leis an bpobal ba chóir go mbeadh na dualgais chéanna acu is atá ag an gcomhlacht poiblí le seirbhís a chur ar fáil trí Ghaeilge don fheidhm a cheapfar iad a chur i gcrích ar son an chomhlachta phoiblí
• Ba chóir ról monatóireachta a thabhairt d’Oifig an Choimisinéara Teanga ar chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030