Showing posts with label Conradh na Gaeilge. Show all posts
Showing posts with label Conradh na Gaeilge. Show all posts

Friday, January 8, 2016

Gaeilge sa Toghchán!

Beidh fóram oscailte ag Conradh na Gaeilge,  Dé Luain,11 Eanáir, ag 19.00 in Uimhir 6, Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath,  le gníomhartha a aontú chun éilimh phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a bhaint amach san olltoghchán in 2016.

I measc rudaí eile beidh siad ag lorg daoine i ngach dáilcheantar i mBaile Átha Cliath leis na héilimh a chur chun cinn leis na hiarrthóirí ar fad.

Tathar ag súil le slua mór ann.

@CnaG #Togh16 #GE16





Tuesday, June 3, 2014

Ag lorg seirbhíse ón Roinn Gnóthaí Eachtracha nó ón Royal Mail!

Tá feachtas na míosa seo ag díriú ar an Roinn Gnóthaí Eachtracha ó dheas agus an Royal Mail ó thuaidh Dé hAoine seo, 6 Meitheamh 2014. Chuirfeadh sé go mór mór leis an bhfeachtas dá bhféadfá glaoch a chur orthu nó/agus litreacha a sheoladh faoi mar atá leagtha amach sa bhileog eolais mar iatán leis seo.

Chabhródh sé go mór mór linn chomh maith dá bhféadfá aiseolas a chur chugainn tríd an suirbhé thíos a líonadh (beidh an t-aiseolas ríthábhachtach leis an bhfeachtas a fhorbairt):


Ní ghlacfaidh an suirbhé ach 2 nóiméad!


Mar eolas fosta agus mar chúnamh leis an Royal Mail, tá liostaí measartha cuimsitheach ar fáil leis na sráidainmneacha agus logainmneacha ar fad ó thuaidh ar fáil ag na naisc thíos:

Tuesday, May 27, 2014

An Lá Stocaireachta ó dheas – Dé Céadaoin, 11 Meitheamh 2014


Beidh Conradh na Gaeilge (agus is dócha eagraíochtaí eile na Gaeilge - an méid atá fágtha!) ag eagrú lá stocaireachta in Óstán Buswells (Béarla)  agus ag tabhairt cuireadh do gach polaiteoir sa Dáil agus sa Seanad chun teacht ar chuairt chugainn san óstán i rith an lae le bualadh le hionadaithe óna ndáilcheantair agus ó na heagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta leis na héilimh seo a leanas a phlé:
Dé Céadaoin 11 Meith 2014

• Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2014 a leasú
(práinn leis seo mar go bhfuil an próiseas tosaithe i dTithe an Oireachtais anois)
Go háirithe:
  • Foráil nua a chur san Acht go mbeidh faoi dheireadh 2016 gach seirbhís ar fáil do phobal na Gaeltachta trí Ghaeilge 
  • Foráil nua a chur san Acht go mbeidh ar a laghad 30% d’fhostaithe nua sa státseirbhís fostaithe don chéad 10 mbliana eile a bheidh in ann cumarsáid sásúil a dhéanamh leis an bpobal trí Ghaeilge
• Cothrom na Féinne don Ghaeilge sa cháinaisnéis
(práinn leis seo mar go bhfuil an cháinaisnéis á shocrú faoi láthair)
  • Na forais le freagracht don Ghaeilge agus don Ghaeltacht a mhaoiniú i gceart, i. stop a chur le haon laghdú eile ar bhuiséad Údarás na Gaeltachta, Foras na Gaeilge agus na ranna cuí agus tús a chur leis na buiséid a mhéadú
• Deireadh a chur leis an maolú ar stádas na Gaeilge mar theanga oifigiúil den Aontas Eorpach

Táid ag iarraidh ar dhaoine sásta freastal bheith leo ar an lá é sin a chuir i n-iúil dóibh roimh ré, cén t-am sa lá (aon am idir 8r.n. agus 6i.n.), agus cén dáilcheantar a bhaineann sí nó sé leis. Déanfaidh siad an teagmháil leis na polaiteoirí cuí ansin ar a son.

Wednesday, April 23, 2014

Na toghcháin áitiúla agus an teanga!

Tá ceisteanna samplacha maidir le todhchaí na Gaeilge agus na Gaeltachta leagtha amach do na hiarrthóirí mar aon le pointí eolais gurb fhiú go mór a chur ar shúile na n-iarrthóirí éagsúla. (Foilsithe ag Conradh na Gaeilge le déanaí)

CEIST 1:
An Roghnaíonn Tú Todhchaí Dár dTeanga?
Nótaí tábhachtacha ar an gceist gur fiú a chur in iúl sula bhfreagraíonn an t-iarrthóir an cheist seo:
  • B’fhiú a chur in iúl don iarrthóir sula dtugann siad freagra gur gá gníomh a dhéanamh má roghnaíonn siad todhchaí dár dteanga & go mbeimid ar ais chucu maidir leis an ngníomh
  • Foilseofar agus scaipfear ainmneacha na n-iarrthóirí ar phobal na Gaeilge agus Gaeltachta a roghnaíonn todhchaí dár dteanga le haitheantas a thabhairt dá dtacaíocht
CEIST 2:
An bhfuil tú toilteanach seirbhís as Gaeilge a chinntiú do phobal na Gaeilge agus Gaeltachta ar comhchaighdeán leis na seirbhísí as Béarla ón údarás áitiúil? m.sh. iarratais pleanála, seirbhísí tithíochta, srl..
Nótaí eile:
  • Ó Dheas: An ndéanfaidh an t-iarrthóir cinnte de go gcuirfear coinníoll i ngach conradh le soláthróirí seirbhíse don údarás áitiúil gur gá dóibh seirbhís as Gaeilge a chur ar fáil, m.sh. Comhlachtaí dramhaíola, comhlachtaí seirbhíse (ar nós Dublin Bikes - níor cuireadh aon choinníoll maidir le húsáid na Gaeilge sa chonradh agus ní féidir rothar a ghlacadh ar iasacht anois as Gaeilge) nó eile
  • Ó Thuaidh: An mbeidh an t-iarrthóir sásta abhcóideacht a dhéanamh go poiblí chun Acht na Gaeilge a reachtú i bParlaimint Westminster le creatlach ceart a bhunú d’fhorbairt na Gaeilge ó thuaidh agus a chinntiú go mbeidh an t-údarás áitiúil ag cur na Gaeilge chun chinn mar atá leagtha amach sa Cheart Eorpach, mar shampla maidir le comharthaí dátheangacha sa cheantar chomhairle bhuirg
CEIST 3:
Ceist áitiúil – m.sh. maidir le comharthaíocht áitiúil, cóiríocht do ghaelscoileanna nó lárionaid Ghaeilge, tacaíocht an údaráis áitiúil d’imeachtaí phobal na Gaeilge, bunseirbhísí & oifigí lonnaithe sa Ghaeltacht, srl..


Fíricí ar an nGaeilge do na hiarrthóirí:
• Tá beagnach 2 mhilliún duine ar oileán na hÉireann a bhfuil cumas éigin sa Ghaeilge acu

• De réir staitisticí, tá: tacaíonn 93% den daonra ó dheas leis an nGaeilge a athbheochan nó a chaomhnú (ESRI & OÉ Magh Nuad ar son Mhichíl Mhic Gréil, 2009); 35% ar son úsáid na Gaeilge ó thuaidh agus 53% ar son deiseanna breise a bheith ag daoine í a fhoghlaim ó thuaidh (Suirbhé Omnibus TÉ); 27% den daonra ó dheas ag tacú leis an nGaeilge mar phríomh-theanga an stáit (Ipsos MRBI ar son an Irish Times)

• Tá os cionn 200 gaelscoil idir bhunscoileanna agus mheánscoileanna ar oileán na hÉireann

• Tá inmharthanacht na Gaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht i mbaol (de réir an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid Na Gaeilge sa Ghaeltacht, 2007)

• Tá luach eacnamúil leis an nGaeilge don gheilleagar, m.sh. is fiú €6 mhilliún don bhaile / chathair a mbíonn an tOireachtas eagraithe ann; is fiú os cionn €136 milliún an Ghaeilge do gheilleagar na Gaillimhe go bliantúil; is fiú os cionn €20 milliúin na coláistí samhraidh Gaeilge don gheilleagar

• Tugann an Ghaeilge buntáistí breise dá lucht labhartha/foghlama, m.sh. bíonn sé níos éasca an tríú agus an ceathrú teanga a shealbhú; bíonn buntáistí cognaíocha ann (i. smaointeoireacht cruthaitheacht, íogaireacht cumarsáide, fadhbanna a réiteach); bíonn léirthuiscint níos fearr ar oidhreacht an oileáin, srl..


Wednesday, March 5, 2014

Cúngú & Cúlú!

Níos mó spéise ag an Rialtas i moltaí claonta an státchórais a lagóidh Acht na dTeangacha Oifigiúla in ionad é a láidriú agus a bhainfidh ó ról an Choimisinéara Teanga

Tá dréacht de chinn Bhille na dTeangacha Oifigiúla 2014 feicthe ag Conradh na Gaeilge, tá gach cuma ar an scéal go bhfuil an Rialtas ag déanamh neamhairde de na moltaí a tháinig chun cinn ón bpobal i rith an athbhreithnithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 i mí Eanáir 2012.

Cóilín Ó Cearbhaill
Dúirt Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán nua thofa Chonradh na Gaeilge: “Ar dtús is gá a rá go gcuireann sé iontas ar Chonradh na Gaeilge gur thóg sé dhá bhliain ar an Rialtas dréacht chinn bhille chomh lag, lochtach, díomách a dhréachtú más fíor don dréacht chinn bhille atá feicthe ag Conradh na Gaeilge. Ní thógann siad mianta phobal na Gaeilge agus Gaeltachta san áireamh in aon chor. Níl ann ach cúngú agus cúlú agus níos lú seirbhísí Gaeilge don phobal. Bímid soiléir faoi seo, gur léiriú eile é seo ar an easpa tosaíochta atá ag an Rialtas agus ag an stát chóras reatha ó dheas do chearta lucht labhartha na Gaeilge.”

Creideann Conradh na Gaeilge go mbeadh sé scannalach go síneofaí na tréimhsí 3 bliana do na scéimeanna teanga go 7 mbliana. Ó thosaigh córas na scéimeanna, tá siad lag agus an rud a chuir an Rialtas in iúl i gcónaí ná go n-éireodh siad níos láidre gach trí bliana. Tá molta sa dréacht chinn bhille go síneofaí an tréimhse go 7 mbliana, rud a ligfeadh do na ranna Rialtais éagsúla a ndualgas a sheachaint. B’fhearr i bhfad fáil réidh le córas na scéimeanna agus córas nua a fhorbairt le caighdeáin bunaithe ar rialacháin reachtúla, cosúil leis Na Rialacháin um Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (ALT 9) 2008, nó an córas caighdeáin atá bunaithe acu sa Bhreatain Bheag a úsáid.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: “Más fíor do na leasuithe seo atá molta sa dréacht chinn bhille, beidh sé soiléir nár éist an Rialtas leis an bpobal i rith an athbhreithnithe dhá bhliain ó shin, ná leis an 10,000 duine a bhí i láthair ag Lá Mór na Gaeilge ar 15 Feabhra 2014. Mar shampla, níl dáta leagtha amach sa dréacht chinn bhille go mbeidh gach seirbhís á gcur ar fáil as Gaeilge do phobal na Gaeltachta gan ceist, gan coinníoll. Níl aon spriocanna sásúil ann maidir le hearcaíocht san earnáil phoiblí. Níl ról monatóireachta tugtha d’Oifig an Choimisinéara Teanga ar chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030. Agus níos measa ná sin ar fad, bheadh an Rialtas ag cur dea-oibre agus neamhspleáchais Oifig an Choimisinéara Teanga i mbaol dá mbeadh an oifig curtha faoi Oifig an Ombudsman. Tá an baol ann chomh maith go gcosnóidh an cinneadh seo airgead ar an Stát, mar a d’admhaigh Aire Stáit na Gaeltachta sa Dáil ar 24 Samhain 2011."

Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh ar an Rialtas athmhachnamh a dhéanamh ar na dréacht chinn bhille láithreach, agus i measc na moltaí atá ag an eagras leis an mbille a láidriú tá na moltaí seo a leanas:
• Oifig an Choimisinéara Teanga a fhágáil neamhspleách faoi na socruithe reatha
• Ba chóir go mbeadh sé mar chuid de rialacháin nua san Acht go mbeidh, faoi dheireadh 2016, gach seirbhís ar fáil do phobal na Gaeltachta trí Ghaeilge agus na seirbhísí sin a bheith ar chomhchaighdeán leis na seirbhísí a chuirtear ar fáil trí Bhéarla in áiteanna eile
• Ba chóir go mbeadh rialacháin ann go mbeidh líon áirithe daoine i ngach comhlacht poiblí in ann seirbhís a chur ar fail trí Ghaeilge (ní gá go mbeadh Gaeilge ag gach fostaí nua, ach ba chóir go mbeadh céatadán den fhoireann le Gaeilge ann)
• Go bhforbrófaí córas nua le caighdeán a bheadh bunaithe ar rialacháin reachtúla, ar nós Na Rialacháin um Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (ALT 9) 2008
• Sa chás go gceapann nó go n-údaraíonn comhlacht poiblí cuideachta phríobháideach nó gníomhaireacht de chineál ar bith eile le feidhmiú thar a cheann agus é ag déileáil leis an bpobal ba chóir go mbeadh na dualgais chéanna acu is atá ag an gcomhlacht poiblí le seirbhís a chur ar fáil trí Ghaeilge don fheidhm a cheapfar iad a chur i gcrích ar son an chomhlachta phoiblí
• Ba chóir ról monatóireachta a thabhairt d’Oifig an Choimisinéara Teanga ar chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030

Friday, February 28, 2014

Masla ar an idirlíon!

Fuair mé na moltaí ó Chonradh na Gaeilge maidir le plé le maslaí ar líne. Sé Cuan Ó Seireadáin a cheap é. Ar ndóigh baineann sé leis na meáin éile chomh maith.

Caithfidh gach feachtas ar son na cearta sibhialta déileáil le masla den sórt seo. Is fianaise iad na maslaí pearsanta go bhfuil coinsias na maslaitheoirí faoi bhrú, agus go bhfuil tobar na n-argóintí réasúnta folamh.

Bíonn sé mar aidhm ag na maslaitheoirí an díospóireacht a shracadh i dtreo ina labhraítear faoi rudaí nach mbaineann leis an bhfeachtas, go háirithe maidir leis an gcóras oideachais agus a dtaithí fhulangach féin (mar dhea) air.

Níl aon dualgas orainn coimhlint ar an leibhéal sin.

Déarfadh ná Rómhánaigh i gcónaí gurb iad na hargóintí ad hominem na cinn ba laige: (Seo miniú ar Wikipidia an Bhéarla ar an tearma ad hominem!)

B’fhíor dóibh.

Tá sé riachtanach mar sin:
1) Nach ndéanfaimis masla muid féin riamh. Nach n-úsáidfimid tada ón oidhreacht shaibhir do mhaslaí a dhéanann iarracht coinsias ciontach a mhúscailt ar nós ‘seoinín’ agus srl. Go gcnuasófaí agus go scaipfí liosta do fhreagraí gearra dearfacha ar na maslaí míchearta is coitianta.

2) Go ndéarfaimis arís agus arís eile, go réasúnta agus go féinchinnte, gur feachtas cearta sibhialta é seo.

3) Léiriú, mar sin, go bhfuil rogha le déanamh: Todhchaí (Dearfach) nó Bás (Diúltach).

4) Go dtaispeánfaí, chomh minic agus is féidir, gur muidne an taobh atá dearfach, greannmhar, óg, spreagúil, úr, fuinniúil, saibhirshamhlaíoch, tuisceanach, cineálta, aontaithe, oscailte, fáilteach.

5) Go dtaispeánfaí, chomh minic agus is féidir, gur muidne an taobh a bhfuil fís agus dóchas acu; an taobh atá dírithe ar an dtodhchaí (ceist na gcearta), ní ar an aimsir chaite (an drochthaithí oideachais).

6) Go gcuirfimis fáilte roimh gach tacaíocht a thugtar dúinn go poiblí nó go príobháideach, is cuma cé chomh beag agus atá sé.

7) Go bhfreagróimis, arís agus arís eile, gur díospóireacht fíor-thábhachtach í an díospóireacht oideachais, ach nach féadfar í a phlé gan cearta a phlé chomh maith.

8) Más rud é go ndeireann daoine naimhdeacha rudaí nimhneacha, drochbhéasacha, foréigeanacha a rá, neartaíonn sé sin ár n-argóint go bhfuileamar ag troid in aghaidh luathbhreithiúnais mhí-réasúnta.

9) Tuiscint nach iad na hargóintí iad féin a bhuann cathanna ar son tacaíocht phoiblí go minic, ach an taobh ar féidir leo níos mó torainn a chruthú. Tuiscint go gcaithfidh an torann sin bheith dírithe sa dtreo chéanna i gcónaí: Rialtais atá ag tréigeadh a dhualgas, agus atá ag déanamh neamhairde ar an mórchuid saq phobal anseo agus thar lear a roghnaíonn Todhchaí dár dTeanga.

10) Go mbeadh an bhfoclóir agus na teachtaireachtaí céanna a úsáid ag gach éinne, i ngach díospóireacht, an t-am ar fad.

11) Go mbeadh gearrliosta do na héilimh ar fáil, i bhfoclóir simplí, i mBéarla agus i nGaeilge, agus iad á scaipeadh agus á lua ag gach deis, bíodh sé poiblí nó bíodh sé príobháideach.

12) Go labhróimis faoi “Lá Iontach na Gaeilge”, faoi “Earrach na Gaeilge”.

Wednesday, December 11, 2013

Feachtas ar son cearta agus comhionannais do mhuintir na Gaeilge agus Gaeltachta.

Níl aon amhras ach tá géarchéim tar éis teacht chun cinn ó a d’fhógair Seán Ó Cuirreáin, An Coimisinéir Teanga, don Chomhchoiste um Fhormhaoirsiú ar an tSeirbhís Phoiblí agus Achainíocha go raibh sé ag éirí as oifig ar 23 Feabhra 2014. Tá Conradh na Gaeilge ag lorg ár dtacaíocht do na moltaí thíos.

Tá cuireadh a thabhairt dúinn teacht go cruinniú feachtais a bheidh eagraithe Dé Sathairn, 11 Eanáir 2014, ag 12.00i.n. i mBaile Átha Cliath. Go bhfios dúinn is i Halla na Saoirse a bheidh sé!
Bí ann gan teip coimeád an dá píosa den téad le chéile - Tír & Teanga

Is cinnte gurbh fógra éirí as oifig Sheáin an buille is mó don Ghaeilge le fada an lá. "Síleann muid, sa Chonradh, gur gá gníomhú láithreach ar na fadhbanna luaite ag an gCoimisinéir ina chaint don Chomhchoiste Dála. Tá go leor leor daoine i ndiaidh a bheith i dteagmháil linn leis an tuairim chéanna," dúirt úrlabhraí linn inné!

Na Moltaí
Táthar ag moladh feachtas leanúnach le rannpháirtíocht an-láidir ó mhuintir na Gaeilge agus na Gaeltachta leis na héilimh seo a leanas a bhaint amach (1-3 bunaithe ar mholtaí na Coimisinéara féin agus 4-5 bunaithe ar obair idir láimhe cheana féin):
  1. Is gá Acht na dTeangacha Oifigiúla a láidriú agus ní a lagú in 2014 (Oifig an Choimisinéara Teanga a choinneáil neamhspleách agus a láidriú san áireamh)
  2. Is gá dáta a shocrú go mbeidh Gaeilge ag fostaithe an Stáit a bheidh ag freastal ar phobal na Gaeltachta, gan cheist, gan choinníoll – ní féidir leanúint ag tabhairt ar chainteoirí dúchais Gaeilge an Béarla a úsáid agus iad ag déileáil le heagraíochtaí stáit
  3. Go mbeidh an líon earcaíocht san earnáil phoiblí do dhaoine le hinniúlacht i nGaeilge agus i mBéarla araon ardaithe ó 6% go 30% don chéad deich mbliain eile
  4. Nach leanfaí leis an maolú ar stádas na Gaeilge mar theanga oifigiúil den Aontas Eorpach tar éis an 1 Eanáir 2017
  5. An Pobal Gaeilge agus Gaeltachta a aithint mar gheallsealbhóirí i gcur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge ó dheas agus an Straitéis don Ghaeilge ó thuaidh. Is gá na struchtúir riachtanacha ardleibhéil a chur ar bun láithreach idir na húdaráis agus na heagraíochtaí pobail Gaeilge agus Gaeltachta.
Tuigtear go maith go bhféadfaí 10 n-éileamh eile a chur leis an liosta go héasca ach is mian leo díriú ar na moltaí a rinne an Coimisinéir agus éilimh á lorg cheana féin.

Cuirfear an feachtas chun cinn mar fheachtas ar son cearta agus comhionannais do mhuintir na Gaeilge agus Gaeltachta.

Tá siad ag eagrú cruinniú poiblí Dé Sathairn, 11 Eanáir 2014, i mBaile Átha Cliath ag 12.00i.n. le céimeanna an fheachtais a aontú (foilseofar eolas ar an láthair don chruinniú go luath anseo!).

Mar eolas, tá go leor déanta ag gluaiseacht na Gaeilge leis na meáin chumarsáide náisiúnta agus áitiúil ón gCéadaoin len ár n-uafás a chur in iúl don Rialtas (agus feachtas beag eagraithe dírithe ar RTÉ an Bhéarla leis an scéal a chlúdach i gceart) agus idir anois agus an cruinniú, táid ag moladh/ag eagrú:

• Go scríobhadh daoine chuig na nuachtáin faoi chás an Choimisinéara agus na moltaí déanta aige (bheadh seo an-tábhachtach ó 1 Eanáir ar aghaidh ach go háirithe le léiriú don Rialtas go mbeimid glórach agus gníomh faoi seo in 2014)
• Imeacht beag feiceálach a eagrú an tseachtain seo ar na sráideanna i mBaile Átha Cliath
• Tá tús curtha le cruinnithe a lorg le gach Aire ar an bhfochoiste Rialtais leis an Straitéis 20 Bliain a chur i bhfeidhm (i. An Taoiseach agus an Tánaiste san áireamh) faoin ngéarchéim seo.

Deireann an Conradh: "Níl ach moladh againn do ghníomh cróga an Choimisinéara. Ní don chéad uair atá sé ag taispeáint ceannaireachta do phobal na Gaeilge agus Gaeltachta. Creideann muid go láidir gur gá gníomhú anois agus ár dtacaíocht a léiriú dó agus do na moltaí curtha chun cinn aige."

Friday, November 22, 2013

An scoilt!

Fuarthas an ráiteas seo ó Chonradh na Gaeilge mar ríomh-phoist an lá faoi dheireadh! Cád é do thuairim?
Cinneadh Chonradh na Gaeilge Éirí As Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge

Mar eolas do bhallraíocht an Chonartha, ghlac Coiste Gnó Chonradh na Gaeilge leis an rún seo a leanas d’aon ghuth ar 7 Meán Fómhair 2013:

Ós rud é gur scátheagraíocht é Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge is é seasamh Chonradh na Gaeilge nár chóir do Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge dul in iomaíocht le balleagraíocht i bpróiseas maoinithe nua Fhoras na Gaeilge a fógraíodh le déanaí. Sa chás go ndéanfaidh an Chomhdháil cinneadh dul in iomaíocht le ballraíocht cuirfear deireadh le ballraíocht an Chonartha sa scátheagraíocht.

Creideann Conradh na Gaeilge go láidir nach é an ról atá ag scátheagraíocht dul in iomaíocht le balleagraíocht má tá sé ar chumas na heagraíochta sin an obair a dhéanamh - ní hamháin mar gheall gurbh é sin atá luaite i mBunreacht na Comhdhála, ach ar bhonn prionsabail chomh maith. Glacadh le rún ag cruinniú de Bhord Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge ar 18 Samhain 2013 a dheimhníonn go bhfuil an Chomhdháil ag dul in iomaíocht le balleagraíocht i bpróiseas maoinithe nua Fhoras na Gaeilge. Tháinig ballraíocht Chonradh na Gaeilge i gComhdháil Náisiúnta na Gaeilge chun deiridh, mar sin, i ndiaidh an toradh sin a chur in iúl don Bhord.

Nuair a chuala mé faoin scoilt nó easaontas seo ar an raidío dhá oíche ó shin níor thuig mé é, agus i ndairíre ní thuigim anois é. Go dtí seo ní fhaca mé aon ráiteas a léiríonn taobh na Comhdhála den scéal seo.

I ndairíre chuirim-se féin an-chuid den mhilleáin ar an Rialtas agus ar Fhoras na Gaeilge go dtárla an scoilt seo. Cabhróidh sé go mór leis an dearcadh atá á léiriú ag an Rialtas i leith na gluaiseachta, na teanga agus ar ndóigh i leith Phobal na Ghaeltachta. Mar a dúirt an Coimisinéir Teanga le déanaí faoi pholasaithe Rialtais ó 1928 ar aghaidh, "Soiniciúlacht, cur i gcéill agus an mhéar fhada ..... is deacair brí ar bith eile a bhaint as!" Sílim fhéin go gcabhraíonn an easaontas atá léirithe i gcinneadh an Chonradh leis an soiniciúlacht seo.

Tá an ceart ar ndóigh ag an gConradh ag rá nach ceart don Comhdháil dul in iomaíocht le baill na Comhdhála, Ach sa chóras atá leagadh síos ag Foras na Gaeilge feictear dom nach féidir leis an gComhdháil ach dul "cap in hand" mar aon leis an gConradh agus na baill eile lena chuid den phota fíor-bheag atá tugtha ag an Rialtas do Fhoras na Gaeilge a fháil. "Divide et impera," mar a déarfadh Caesar na Róimhe!

Tá obair tabhachtach á dhéanamh ag an gConradh agus ag an gComhdháil don teanga. Ní h-aon chabhrú le dul chun chinn na Gaeilge é an scoilt seo. 

In ainm na glúinte atá tár éis a chuid a caitheamh ar son na teanga agus iad siúd atá le teacht bígí ag caint  agus ag cabhrú le chéile!

Seasamís le chéile!


Monday, December 17, 2012

Cás Mhaolra Seoighe agus Mám Trasna

Macnamh ar dhúnmharú tragóideach agus ar chás agus breitiúntas éagóireach

Bhí ócáid ar siúl i nGaillimh ar an Satharn 15 Nollaig i gcuimhne ar Mhaolra Seoigh, a chuireadh chun báis go héagórach de bharr "Dúnmharuithe Mhám Trasna" 130 bliain ó shin. Bhí Uachtarán na hÉireann, Mícheál D. Ó hUiginn i láthair ag Aifreann i nGaeilge san Ardeaglais agus sna himeachtaí ina dhiaidh. Bhí sciatháin oirthearach na hárd-eaglaise lán don Aifreann.

Bé an tAth Fiontán Ó Monacháin a bhí mar príomh-chéiliuraí ag an Aifreann sin agus an tAth Kieran Waldron, deartháir údar "Maamtrasna, the murders and the mystery," an tAth Jarlath Waldron. Bhí ceol binn á chanadh ag Treasa Ní Cheannabháin i rith an Aifrinn.

Seán Ó Cuirreáin, Coimisinéir Teanga
ag leagadh bláthfhleasc
Ina dhiaidh sin ag ócáid ina leagadh bláthfhleasca ar an áit ar crochadh agus ar cuireadh Maolra Seoighe, cothrom an lae sin 130 bliain ó shin.  Leagadh iad mar seo agus fonn mall a sheinnt ar na píobaí ag Éamon Ó Bróithe.
• Méara na Gaillimhe, Terry O'Flaherty thár cheann phobal na cathrach.
• Méara Chontae na Gaillimhe, Thomas Welby, thar cheann phobal an chontae.
• Johnny Joyce, thar cheann mhuintir Seoighe, a shinsear, a dúnmharíodh i Mám Trasna.
• Seán Ó Cearúil, dlíodóir, thar cheann lucht gairme an dlí.
• Sibéal Davitt, duine de shliocht Cheapach na Creiche, thar cheann mhuintir an cheantair sin atá anois scaipthe ar fud na tíre agus an domhain mhór.
• An Tiarna David Alton thar cheann na daoine sin a fhulaingíonn ar fud an domhain nuair a séantar a gcearta daona.
• Seán Ó Cuirreáin, An Coimisinéir Teanga, thar cheann poball na Gaeltachta agus na Gaeilge.

Níos deanaí sa tráthnóna céanna bhí siompóisiam faoin ábhar i Músaem Cathrach na Gaillimhe. Bhí cainteoirí breatha ann agus tháining slua aisteach chuig an mír seo den cuimhniúcháin le héisteach leo.

Mar thús thug an Ollamh Gearóid Ó Tuathaigh léiriú ar chúlra staire 1882, polataíocht an ama i Sasana agus an gaol a bhí idir pearsa rialtais cúng na haimsire lena chéile mar aon le tabhacht an chás seo sna hochtóidí. Níor éistíodh le Maolra mar níor thuigeadar é agus níor thuig Maolra iad agus mar sin daoradh go héagóireach é.

Ansin chuir an Tiarna Alton cur síos ar a pháirt agus páirt an Tiarna Avebury sa chás agus an troid ar siúil le cinneadh na cúirte a fuair Maolra Seoighe ciontach a chuir ar cheal. Is fiú é a dhéanamh mar chuid den proiséas ag chuir an cairdeas idir Éire agus Shasana a neartú. Chríochnaidh sé a phíosa leis an nath, "Ar scath a cheile a mhaireann na daoine!"

Ba spéisiúl an caint a thug Johnny Joyce, de shliocht clainne Seoighe a dhúnmaraíodh in 1882. Thug sé stair a sheanathair Máirtín, a bhí as baile nuair a thárla an sléacht, agus Paitsí, a gortaíodh ann agus a thárla dóibh. Cuireadh in Ard Aidhin iad beirt agus níor ligeadh thár n-ais chuig a n-áit dhúchais iad. Scaradh óna chéile iad agus ní fios cád a thárla do Paitsí ag an deireadh ach gur chuaigh sé go Meiriceá. Phós Máirtín agus bhí a chlann mac páirteach i gcúrsaí CLG ar thaobh Baile Átha Cliath.  (Bhí Johnny Joyce é féin i bhfoireann buacach Bhaile Átha Cliath sna caogadaí!)

Teaspáineadh ansin scannáin fíor spéisiúil ó RTÉ, "CSÍ Mám Trasna" curtha i láthair ag an léiritheoir Seán Ó Méalóid.

Caoineadh Mhaolra Seoighe
Sa seisiúin ceiste agus díospóireachta a bhí ann ansin deineadh comparáid idir cás Mhaolra Seoighe agus cásanna eile mar Seisear Birmingham agus Clann Mhic Guidhir. Dúradh gur tabhachtach iad na daoine a seasann an fód cé go mbíonn an triomlach ina n-éadan i gcúrsaí coinsiasach!

Cuireadh deireadh leis an sioposium le píosa léitheoireachta as leabhair an Ath Jarlath Waldron ag a deartháir an tAth Kieran. Ba chur síos ar bhás truamhéalach Mhaolra Seoighe é. Ansin bhí dán nua-chumtha, "M'athair, Maolra Seoighe!" ag Ciarán Ó Fátharta léite ag a iníon Muireann, inar samhlaíodh sé meon iníon Mhaolra ar bhás a hathair agus nach mbeidh sé sa bhaile don Nollaig. Ansis sheinn Johnny Óg Connelly píosa nua ceoil a chum sé don ocáid - "Caoineadh Mhaolra Seoighe!"

Críochnaíodh an ocáid le oíche airneáin i gClub Áras na nGael - ceol, sólaistí agus ar ndóigh, deochanna!
Bhí an ocáid eagraithe ag Oifig an Choimisinéara Teanga, Conradh na Gaeilge agus Músaem Cathrach na Gaillimhe.

Thursday, July 19, 2012

Ag cothú na todhchaí!

Seo an caint a thug an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, chuigh Scoil Samhraidh i gCeatharleach ar an 13ú lá Iúil 2012.

A dhaoine uaisle, is mór an onóir agus an phribhléid dom cuireadh a fháil a bheith libh anseo i gCeatharlach le labhairt libh ar an ócáid seo agus an Scoil Samhraidh seo a sheoladh go hoifigiúil.

Ba mhaith liom, ar dtús, buíochas a ghlacadh le Fondúireacht na Gaeilge, leis an Mheitheal Straitéise, Taighde agus Tionscnaimh, agus leis na páirtithe eile a bhfuil baint acu leis an bhfóram díospóireachta seo – Conradh na Gaeilge, Coiscéim agus Gael Linn.

Ní dócha go bhféadfadh téama níos oiriúnaí ná níos tráthúla a bheith agaibh faoi láthair: “Ag cothú na todhchaí: Forbairt na tíre agus na teanga”. Tráth a bhfuil ceisteanna móra faoinár bhflaitheas eacnamaíoch agus airgeadais, ag am a bhfuil méid áirithe ísle brí le brath ina measc siúd ar cás leo todhchaí na teanga, tá sé tráthúil go mbeadh an dá théama sin – tír agus teanga – á gceangal le chéile anseo ag an bhfóram díospóireachta.

Agus le tuilleadh a chur leis an duairceas, an lag trá agus an lagmhisneach a bhaineann le cúrsaí na tíre agus na teanga, nach tráthúil fós gur ar Aoine an 13ú atá an Scoil Samhraidh seo á seoladh! Tá súil agam nach bhfuil aon duine inár measc piseogach. Ar eagla go mbeadh, ní dhéanfaidh mé aon tagairt mórán don snag breac aonair sin a chonaic mé le hais an bhóthair agus mé ag fágáil Chonamara ar ball, ná tagairt ar bith do shiúl faoi dhréimirí nó scátháin a bheith á mbriseadh. Tá ár ndóthain den mhí-ádh, den imní agus den ísle brí inár measc faoi láthair gan tuilleadh a tharraingt orainn féin!

Cé a chreidfeadh dornán beag gairid de blianta ó shin nuair a bhí an Tíogar Ceilteach i mbarr réime, lánfhostaíocht i ngach áit, airgead fairsing agus an saol ar a mian ag cuid mhór den phobal, go bhféadfadh sé tarlú chomh gasta sin go mbeimis san áit a bhfuil muid inniu, le pócaí folmha agus cloigeann tinn, ag brath ar chineáltas na strainséirí…the kindness of strangers…. san IMF, san EU agus san ECB. Agus sa phróiseas sin, nuair a shleamhnaigh muid ó bheith ar mhuin na muice go híochtar neide, chaill muid sciar tábhachtach den fhlaitheas sin a baineadh amach le cruatan, le hanró agus le dua.

Ní ábhar iontais ar bith é, mar sin, go mbeadh brat dorcha an éadochais ag luí go trom orainn, go mbeadh easpa meanman agus misnigh orainn, go mbeimis ar bheag-uchtach agus faoi scamall na héiginnteachta. Mheas muid go bhfaca muid ar feadh seala meascán idir Tír na nÓg agus an Tír Tairngire – the Promised Land – an fearann sin a bhí ‘a sruthadh le bainne agus le mil.’ Agus anois, tá muid ar ais ar ár leataobh agus in áit na leathphingine. Dá mbeadh leathphingin againn.

Tá mé lánchinnte go mbeidh léargas an-suimiúil le fáil sa bhfóram díospóireachta seo anocht agus amárach ar na cúiseanna gur tharla an ghéarchéim mhór náisiúnta agus dhomhanda seo, ach níos tábhachtaí fós, go mbeidh smaointe le cloisteáil faoin mbealach le muid a chur ar ais ar an machaire mín arís. Tá agus beidh na saineolaithe anseo ón saol acadúil agus ó réimse na meán cumarsáide, ón Cheathrú Rua go San Sebastian na Spáinne, ón Bhruiséil go hIndiana, ó sheomraí nuachta an Irish Times go seomraí cumhachta an Bhainc Cheannais. Feictear dom féin go bhfuil sé ríthábhachtach go mbeadh ceisteanna casta eacnamaíocha agus airgeadais á bplé trí Ghaeilge mura mbeadh ann ach le cruthú gur féidir leis an seanteanga ársa seo dul i ngleic go cruinn agus go cumasach le castacht agus le caolchúis na n-argóintí faoin ábhar nua-aimseartha, dúshlánach seo.

Beidh, ar ndóigh, dearcadh á léiriú freisin ar ghnéithe de staid reatha na Gaeilge agus beidh an ceangal idir forbairt na tíre agus na teanga á mheas agus á scrúdú.

Mhair an teanga tré chruatan agus dearóil
Maidir leis an teanga agus an ghéarchéim eacnamaíochta, tá a fhios againn an méid seo: mhair an Ghaeilge trí bhlianta crua agus dearóile roimhe seo, trí ghorta agus cogaí, trí cheannas eachtrach agus trí chúlú geilleagrach, trí thrioblóidí agus éigeandáil. Ní amháin go maireann sí mar rogha theanga ag sciar den phobal i gcoitinne ar fud na tíre ach maireann sí mar theanga bheo phobail i limistéir áirithe Ghaeltachta – curtha ar aghaidh gan bhriseadh ó ghlúin go glúin le thart ar 2,000 bliain.

Ba dhona an mhaise é a cheapadh go dtiocfadh briseadh anois ar shlabhra sin na staire agus is orainne mar phobal agus ar an Stát a thiteann sé a chinntiú nach dtarlóidh sé sin. An nasc teanga sin a shíneann siar isteach sna cianta, b’fhurasta an rud go ligfí dó briseadh ach ba thruamhéalach an toradh a bheadh ar an gcliseadh sin.

Is cinnte gur thubaisteach an beart é dá ligfí don teanga bás a fháil anois. B’uafásach an rud é dá ligfí ar lár an saibhreas seanchais, an tsaíocht agus an cultúr atá i dtaisce inti. Ba bhoichte mar náisiún agus mar phobal muid dá héagmais. Cuid dár n-oidhreacht í an teanga agus cuid d’oidhreacht an domhain mhóir í. Níor cheart dúinn scaoileadh go furasta le gné chomh lárnach sin dár ndúchas.

Leagmhisneach na nEagras
Mar a dúirt mé ar ball, ní ábhar iontais ar bith é go mbeadh muid mar phobal sa tír seo in ísle brí faoi láthair de bharr an chliseadh eacnamaíoch agus baincéireachta. Tá an imní agus an éiginnteacht scaipthe go forleathan agus is beag cúinne nó earnáil nach mbraitheann gaoth fhuar, fheannta an chiorraithe ag bagairt orthu. Tá sin le brath go láidir agus go leanúnach le tamall anois ina measc siúd atá gafa le cur chun cinn na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Go deimhin, ní dóigh liom go bhfaca mé oiread lagmhisnigh nó easpa muiníne riamh roimhe seo i measc cheannairí na n-eagras Gaeilge agus Gaeltachta is atá ann faoi láthair. Tá Bille nua Gaeltacht a stiúradh trí Thithe an Oireachtais le mí anuas agus mar a dúirt mé in agallamh nuachtáin an tseachtain seo caite ní cosúil go bhfuil an fháilte atá a cur roimh an mBille nua sin, go dtí seo ar aon nós, ag baint aon mhacalla as cnoic agus beanna na Gaeltachta agus is cúis imní é sin mar nach féidir reachtaíocht shóisialta a chur i bhfeidhm mura bhfuil muinín agus tacaíocht an phobail i gcoitinne aici.

Ní raibh staid na teanga mar theanga bheo phobail chomh leochaileach riamh is atá anois sa Ghaeltacht. Níl aon cheist ach go mairfidh an teanga sa Ghaeltacht agus níor saolaíodh fós an cainteoir dúchais deiridh. Ach is ceist eile ar fad í an mairfidh sí mar theanga bheo phobail agus an mbeidh sí á cur ar aghaidh ó ghlúin go glúin gan bhriseadh gan bhearna? Chaithfeadh imní a bheith ort nuair a fheiceann tú an brú i dtreo an Bhéarla atá ag teacht ar aos óg na Gaeltachta, gan stad gan staonadh.

Agus lasmuigh den Ghaeltacht, ón méid atá á chloisteáil agam ó lucht ceannais na n-eagras Gaeilge, tá siad spíonta, tuirseach agus tromchroíoch tar éis dóibh a bheith sáite i maorlathas agus iad ag plé le blianta le díospóireacht gan tairbhe faoi shamhail nua maoinithe gan mhaith, gan toradh. Tá a gcuid ama agus fuinnimh suaite ag an mhóriarracht seo agus an fócas iomlán air sin seachas ar an obair ar cheart agus ar mhaith leo a bheith ina bun. Tá siad imníoch anois go bhfuiltear le dul ag lorg samhail úrnua maoinithe [mark 2] agus gan aon dóchas acu go mbeidh toradh níos fearr ar an bpróiseas sin ná mar a bhí ar an gcéanna atá caite ar leataobh anois.

Má deir tú leo misneach a bheith acu, go bhfuil Straitéis 20 Bliain anois ann, cuirfear ceist ort céard iad na céimeanna dearfacha, praiticiúla chun leas na teanga atá tógtha agus curtha i bhfeidhm ó foilsíodh an Straitéis sin nó de thoradh na Straitéise sin?

Comharthaí dearfacha
Os a choinne seo ar fad, tá comharthaí dearfacha go maith ann maidir le húsáid na teanga sa tír faoi láthair. Léirigh staitisticí ón daonáireamh deiridh go raibh méadú 7% ón daonáireamh roimhe sin ar líon na ndaoine sa tír a dúirt go raibh Gaeilge acu. Bhí méadú 7% ar líon na ndaoine lasmuigh den chóras oideachais a dúirt gur úsáid siad an teanga go laethúil. Tháinig méadú 3% ar líon na ndaoine sa Ghaeltacht a dúirt gur úsáid siad an teanga go laethúil, lasmuigh den chóras oideachais.

Claonadh dearfach agus dea-scéala atá sna staitisticí sin. Tá cuid mhór den phobal i gcoitinne ar son chaomhnú agus chur chun cinn na teanga agus tá sin léirithe go soiléir i dtaighde agus i suirbhéanna éagsúla in imeacht na mblianta. Léirigh staidéar a rinne Ollscoil na hÉireann, Má Nuad roinnt bheag blianta ó shin go raibh 93% den phobal ar son chaomhnú nó chur chun cinn na Gaeilge agus bhí níos lú ná 7% glan ina coinne.

Tacaíocht ón Stáit
Níl aon amhras orm ach go bhfuil bearna shuntasach idir mianta an phobail i leith na teanga agus iarracht an státchórais féin i leith na teanga.

Glactar leis nach mairfidh an Ghaeilge mar rogha theanga an phobail sa Ghaeltacht mura bhfuil stádas ag an teanga agus í á húsáid i ngach gné de shaol na tíre, i dTithe an Oireachtais, sna cúirteanna, in obair laethúil na seirbhíse poiblí, i gcúrsaí gnó, creidimh agus spóirt, mar shampla. Agus ní mhairfidh sí sna réimsí sin den saol mura mbeidh pobail Ghaeltachta ann a bhfuil sí mar theanga bheo phobail acu. Tá an dá ghné sin fite fuaite ina chéile agus iad ag brath go hiomlán ar a chéile.

Creidim go bhfuil ceithre rud riachtanach d’fhorbairt na teanga:
 • Cumas teanga a thabhairt don phobal i gcoitinne, tríd an gcóras oideachais ar fud na tíre, agus ó dhúchas i gcás na Gaeltachta. Tá obair ollmhór le déanamh fós sa réimse sin. 
 • Is gá deis úsáide a sholáthar, áit agus spás a chruthú don teanga i ngach cuid agus i ngach gné de shaol na tíre, i gcúrsaí gnó agus eacnamaíocha, i gcúrsaí sóisialta agus spóirt, i gcúrsaí dlí, creidimh, riaracháin, pobail agus eile. 
• Teastaíonn ceannaireacht agus dea-shampla d’úsáid na teanga. Tá sin fíorthábhachtach go háirithe i measc an aosa óig. 
• Agus is gá cosaint a thabhairt don Ghaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht. 

An dtarlóidh na rudaí sin tráth a bhfuil an geilleagar in ísle brí agus muid féin in ísle brí leis? Cuirfear an cheist an acmhainn dúinn caiteachas a dhéanamh ar na nithe seo nuair atá na pócaí folamh go maith? An freagra a bheadh agamsa ná an acmhainn dúinn gan an caiteachas riachtanach sin a dhéanamh? Cén sórt tíre a bheadh againn dá ligfimis dár n-oidhreacht chultúrtha atá mar chuid d’oidhreacht an domhain mhóir bás a fháil. Cén meas a bheadh orainn, nó níos tábhachtaí fós, cén meas a bheadh againn orainn féin dá scaoilfeadh muid le sruth gné chomh lárnach sin dár ndúchas?

Agus creidim go bhfuil sé rí-thábhachtach nach ngéillfeadh muide ar cás linn an teanga ársa seo ach go mbeadh misneach, muinín agus dóchas againne ar fad. Mar a dúirt mé níos luaithe, mhair sí trí bhlianta crua agus dearóile roimhe seo. Is cuma faoi dhorchadas na h-oíche reatha, tagann breacadh an lae arís i gcónaí le h-éirí na gréine .

Deis iontach í an Scoil Samhraidh seo le bheith “ag cothú na todhchaí...ag forbairt na tíre agus na teanga” agus leis na ceisteanna a eascraíonn as sin a phlé. Molaim lucht eagraithe na hócáide agus na cainteoirí ar fad a bhfuil dua curtha acu orthu féin ag ullmhú a gcuid smaointe le cur inár láthair anseo. Tá súil agam go mbainfidh sibh ar fad tairbhe agus taitneamh as imeachtaí an deireadh seachtaine agus is mór an phribhléid dom a fhógairt anois go bhfuil an Scoil Samhraidh seo seolta go hoifigiúil anois. Go raibh maith agaibh ar fad.

Tuesday, March 13, 2012

"Ní thosaíonn páirtnéireacht go maith le cos ar bolg!" Tuíteálaí

"Níl an taithí ag an bhForas a bheith ag obair ag leibheal an phobail!" Duine ón úrlóir. 
"Sin an fáth a bhfuilimid anseo - tá muid ag eisteacht. B'fhearr linn a bheith mar pháirtneirí" - Eamonn Ó hArgáin, Foras na Gaeilge!

Tá tréimhse chomhairliúcháin phoiblí bhreise don "tSamhail Nua Mhaoinithe" (SNM)  ar siúl ag Foras na Gaeilge. Bhí cruinniú in Ostáin i nGaillimh aréir (12 Már 2012). Bhí thart ar 50 i láthair. Bhí tuíteálaí díograsach Ghaelscéal i láthair ag craobhscaoileadh a raibh ag tárlúint ann. (Má tá tú ar twitter is fiú Gaelscéal a leanúint!) Seo hiad a chuid ghiolcaireachtaí mar a chuaigh an cruinniú ar aghaidh. Ní tuairisc iomlán ar an gcruinniú atá anseo ach amháin mar a feictear don duine seo agus a bhí seans agus am aige iad a chuir i dteachtaireacht 140 carachtair.

Bainfidh muid úsáid as an hashtag seo #forassnm

Bhí roinnt ag tuíteáil nach raibh ag an gcruinniú go bhfios dúinn agus seo cuid acu!
@igaeilge:
an bhfuil sé in am le h-aghaidh athbhreithniú ar ról, cur chuige agus éifeacht an Fhorais 12 bliain ó bunaíodh é?
an mbeadh Éamon Ó hArgáin agus a chomhleacaithe I bhForas na G sásta obair iad féin de réir scéimeanna 3 bliana?
cad é an comhréir idir an méid a chaitheann Foras ar an bpobal agus ar an bhForas féin?
56 ag obair ag Foras ach iad fós ag fostú comhlacht caidrimh poiblí ar nós Stillwater chun pr a dhéanamh? Cén chostas? (Stillwater an comhlucht lena mbaineann Cillian Fennel a bhí mar cathaoirleach ar an gcruinniú. Eag)
65 fostaí atá cead aithne don bhForas ó fadó? Vuil an líon sin fós ag teastáil? Scéimeanna 3 bl chun obair an Fhorais a dhéanamh?
scéimeanna 3 bliana, le gach fostaí ar chonradh 3 Bl.?

@raymondkieran
an féidir le Foras oiread agus saineolaí amháin a rolláil amach le tacú leis an tSamhail Nua ghearrMhaoinithe seo -
Ní thosaíonn páirtnéireacht go maith le cos ar bolg
Cathaoirleach ag míniú chlúra an snm

Eamonn Ó hArgáin ón Fhoras ag caint leis an dream i láthair

45 I láthair daoine óga san aireamh

"tá muid ag eisteacht" : Eamonn Ó hArgáin

Beidh an próiséas ag críochnú 2 Aibreán

"maoiniú Fnag ag laghdú", "ag iarraidh níos lú a chaitheamh ar eagraíochta, níos mó ar an phobal"

"níl na tuarastail atá a íoc ag eagraíochtaí eagsúla - níl siad cothrom"

FnaG "ag iarraidh níos mó daoine a fhostú go háitiúil"

FnaG - scéimeanna trí bliana atá i gceist

Eamonn ÓhArgáin ag míniú an choras bunaithe ar scéimeanna atá molta ag an Fhoras

FnaG ag iarraidh fáil amach "cad atá cearr leis an samhail"

"nó cad atá ceart"

am na gceist - Kevin de Barra chun tosaigh - "cur i láthair an Fhorais 'mí-chruinn'"

"an ndearnadh aon taighde aon ar na heagraíochtaí bunaithe maidir le dúbáil" - Kevin de Barra ó Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge

"cá mhéad airgead a tugadh ar ais don roinn anuaraidh" - de Barra

De Barra ag caint go húdarasach agus go paiseanta

Cillian Fennell - "ní fiú dul siar, tá muid san áit ina bhfuil muid, ní hé sin an fath atá muid anseo anocht"

Splanc curtha leis an chruinniú anois - "seafóideach" a deir Peadar Mac Fhlannchadha leis an Chathaoirleach

theip ar an teic - ach muid ar ais

d'éirigh rudaí an téasaí - ach socraithe anois

"Cá bhfuil an dúbáil seo" - Domhnall Ó Loingsigh ó Chontae an Chláir

bhí go leor ceisteanna ann faoin na pleanáilithe teanga 'neamhspleach' atá i láthair - cén chaoi a fuair siad an conradh?

bhí sé fograithe a deir an Foras

Cillian Fennell ag freagairt na gceisteanna

"Níl an taithí ag an bhForas a bheith ag obair ag leibheal an phobail"

"Sin an fáth a bhfuilimid anseo - tá muid ag eisteacht"

"B'fhearr linn a bheith mar pháirtneirí" - Eamonn Ó hArgáin

"páirtnéireacht, ní i gceannas"

"Bhí na heagraíochtaí ag deanamh an obair go deonach sular bunaíodh Foras na Gaeilge nó Bord na Gaeilge"
"Ní féidir le FnaG leanúint ar aghaidh ag maoiniú 19 eagraíocht - níl an t-airgead ann" - Eamonn Ó hArgáin

"amharcann FnaG ar na hiarratais a thagann isteach óna heagraíochta - sin an áit chun dúbáil a aimsiú" Eoghan Mac Cormaic

"Ba chóir go mbeadh leibheal áirithe bunmhaoinithe ann" : Mac Cormaic

"Níl na heagraíochtaí ar bhealach ar bith ag iarraidh an status quo a choinneáil" - Kevin de Barra

"tá seo pléite cheanna" - de Barra

"ach dúirt FnaG nach bhfuair siad aighneachtaí" - de Barra

"níl tuiscint dá laghad ag FnaG ar obair na n-eagraíochtaí" - de Barra

go leor láimhe in airde anois

ESG - scanrtrúil go síleann daoine gur féidir le dream amháin plé leis an eagsúlacht sa chóras oideachais
pointe á thógáil faoi thógáil páistí - an bhfuil aon ag tabhairt aire dhomsa ag tógáil páistí sa Ghaeltacht?

"fág aghainne an rud atá aghainne" - cainteoir Chonamara

Fearghual Mac Thréinfhir ó Choláiste na bhFiann - caithfidh leanúnachas a bheith ann - ní leor 3 bhliain

"Tá daoine dilis d'eagrais" : Mac Thréinfhir

Donncha Ó hÉallaithe - "tá go leor bearnaí ann - tá go leor rudaí ann arbh fhéidir a dhéanamh"

"D'éirigh leis na Breatnaigh ceol nua-aimseartha - ach níor spreag na heagraíochtaí é" : Ó hÉallaithe

Donncha den tuairim gurbh fhéidir le coras bunaithe ar scéimeanna maitheas a dhéanamh

Donncha den tuairim gurbh fhéidir le coras bunaithe ar scéimeanna maitheas a dhéanamh

Sampla 'Pléaraca' á lua ag Donncha Ó hÉallaithe

"Dá mbeinnse ag bráth air eagraíocht Ghaeilge le mo mhorgáiste a íoc, bheinn buartha" : DÓhÉ
"ach tá sé ro-righinn, ba cheart go mbeadh solúbacht ann" : DÓhÉ

"cuid den samhlaíocht a bhí ann imithe" "airgead á fháil ro-éasca" DÓhÉ

"Chuirfinn deireadh le FnaG - mar thús" – DÓhÉ

"ba cheart do na heagraíocht suí síos le chéile agus úsáid níos fearr as an airgead atá ar fáil" DÓhÉ

Traic Ó Braonáin - tá ceol nua-aimseartha ann!!

"Níl an Foras ag iarraidh fáil réidh le heagraíocht ar bith" - ÉÓhA

moladh ó Pheadar Mac Fhlannchadha - tóg an SNM ón tabla.

"Molaim do Fhoras pleann straitiseach a chur le chéile" – PmacF

Liam Ó Maoladha ag caint - ag cur in iúl nach raibh rudaí chomh dearfach - ní raibh rudaí ar bith chomh maith

"níl an rud bríste" LÓM
"Céard a mhólfá féin" – CF

jóc maith faoi Aengus Ó Snodaigh

"ní léir dúinn an raibh aon tionchar ag ár n-aighneachtaí" LÓM

"Bhí na heagraíochtaí sásta dul isteach i seomra" - de Barra

"Níor cuireadh aon airgead ar ais an bhliain seo caite" : EÓhÁ

"Tá an-deighilt idir an Fhoras agus na heagraíocht ro-mhór" - Domhnall Ó Loingsigh

mar gheall ar chúrsaí chadhnra - caithfidh muid ár gclúdach beo a fhágáil anseo - tuilleamh sa pháipéar

Friday, January 27, 2012

Aon lá amháin

Maith dúinn an tSacs-Bhéarla!
Seo an lá deireannach abhneachtaí & suirbhé a chuir isteach don athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Tá deis mhór againn fós an acht a láidriú agus brú a chur leis an gcinneadh chun Oifig an Choimisinéara Teanga a dhúnadh mar oifig neamhspleách agus í a chur faoi Oifig an Ombudsman a athrú.

Ta sé go hiontach an obair ar fad ata déanta agat agus ag pobal na Gaeilge agus Gaeltachta trí chéile le daoine a mhealladh chun suirbhéanna agus aighneachtaí a líonadh agus a chur chuig an Roinn. Chuir an Roinn in iúl do Chonradh na Gaeilge ar an Luain seo caite go raibh 381 suirbhé curtha chucu agus tá a fhios acu ó shin go bhfuil ar a laghad 500 suirbhé sa bhreis ar sin curtha ar aghaidh.

Níl ach 46 aighneacht, áfach, curtha chucu ag an bpointe seo. Is ceart mar sin an brú deireanach a chur orthu agus daoine a mhealladh, ach go háirithe, le haighneachtaí a chur chuig an Roinn mar ábhar práinneach. 

moltaí do na haighneachtaí mar anseo (i bhfoirm MS Word - le cuid mhaith de na moltaí ón Siompóisiam i TCD an Satharn seo caite chomh maith le moltaí ón Tóstal agus an Coimisinéir Teanga  san áireamh). Más féidir linn dá bhféadfá-sa, a léitheoir, TRIÚR ar a laghad a mhealladh le haighneachtaí a chur chuig an Roinn sa chéad 4 lá eile. 

Is féidir teacht ar na haighneacht ar-líne ag: Aighneacht_Ar Line!

Roinn na Gaeltachta ar mhaidin Dé Chéadaoine le cabhair uait!
Dar ndóigh, ní bheidh deireadh leis an bhfeachtas ar an 31 Eanáir. Mar sin bí ag faire ar an eolas faoin gcéad chéim eile!

Thursday, January 12, 2012

Leasú chun feabhais!

Tá sé i gceist ag  Scoil an Dlí agus Oifig na Gaeilge,  Coláiste na Tríonóide, i gcomhar le  Craobh na gCeithre Chúirteanna de Chonradh na Gaeilge (le tacaíocht ó Ghuth na Gaeltachta), Siompóisiam Poiblí a reáchtáil ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 i gColáiste na Tríonóide ar an Satharn 21 Eanáir 2011.
#achtgTCD - an haischlib a úsáidtear don siompóisiam seo

'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003: Leasú chun feabhais' a bheidh mar theideal ar an Siompóisiam seo, atá á chur ar siúl i gcomhthéacs an athbhreithnithe atá fógartha ag an Rialtas maidir le feidhmiú na reachtaíochta agus a héifeachtachta.

Seo mar a leanas leagan amach an tSiompóisiam:
Na Cainteoirí

Seán Ó Cuirreáin

Ar an 23 Feabhra 2004 a ceapadh Seán Ó Cuirreáin ina chéad Choimisinéir Teanga de réir Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.
Athcheapadh ar an mbealach céanna é do thréimhse eile 6 bliana ar an 23 Feabhra 2010.
Tá feidhmeanna agus cumhachtaí an Choimisinéara Teanga leagtha amach san Acht agus tá neamhspleáchas iomlán aige ina ról mar Choimisinéir Teanga.
Aonghus Dwane
Tá Aonghus Dwane ag obair le Coláiste na Tríonóide mar Oifigeach Gaeilge (sheol an Coláiste a scéim teanga i 2010). Is aturnae é, agus nuair a bhí sé ag obair le hOifig an Stiúrthóra Ionchúisimh Phoiblí, bhí sé bainteach le scéim teanga na hoifige sin.
Dáithí Mac Cárthaigh

Is abhcóide é Dáithí Mac Cárthaigh. Chomh maith leis sin tá sé mar chomhordaitheoir Dlí agus Gaeilge le hÓstaí an Rí. Tá sé ina chónaí i Ráth Chairn.
Julian de Spáinn
Tá Julian de Spáinn mar Ard-Rúnaí ar Chonradh na Gaeilge ó 2005 agus roimhe sin bhí sé mar Bhainisteoir ar Sheachtain na Gaeilge Teo. Bhí sé mar Uachtarán ar Aontas na Mac Léinn in Éirinn i 2000/01.
Éamonn Mac Niallais

Tá Éamonn Mac Niallais mar urlabhraí le Guth na Gaeltachta (feachtas neamhpholaitiúil, traspháirtí é Guth na Gaeltachta atá dírithe ar chás na Gaeilge agus na Gaeltachta). Chomh maith leis sin tá Éamonn mar Riarthóir Ionad Ghaoth Dobhair d'Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.


1. 10.00 - 11.45 SEISIÚN 1 
SÚIL SIAR A CHAITHEAMH AR FHORFHEIDHMIÚ NA REACHTAÍOCHTA Ó 2003 I LEITH.
Aitheasc ón gCoimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, maidir le taithí a oifige féin; aitheasc ó ionadaí as Roinn na hEalaíona, na hOidhreachta agus na Gaeltachta agus léargas a fháil ó Oifigeach Gaeilge in eagras poiblí maidir le cur i bhfeidhm na reachtaíochta go hinmheánach in eagras.

2. 12.00-13.30 SEISIÚN 2
LÉARGAIS A FHÁIL AR ÉIFEACHTACHT NA REACHTAÍOCHTA.
Dáithí Mac Cárthaigh BL maidir le cur i bhfeidhm na reachtaíochta sa chóras dlí;
Julian de Spáinn, Ard Rúnaí Chonradh na Gaeilge maidir le dearcadh eagras Ghaeilge ar éifeachtacht na reachtaíochta agus a dtuairimí lena fheabhsú;
Éamonn Mac Niallais ón bhfeachtas pobail Guth na Gaeltachta maidir leis an chaoi a fheidhmíonn an reachtaíocht ar son cearta teanga ar an talamh sna Gaeltachtaí agus na leasuithe a mheasann siad atá de dhíth.

3. 14.00-15.00 SEISIÚN 3
RÉIMSE LEATHAN TUAIRIMÍ AR CHEIST NA REACHTAÍOCHTA, NA H-ATHBHREITHNITHE AGUS A FHEABHSAITHE.
Tá siad siúd bailithe le chéile ó ionadaithe na n-eagras Ghaeilge agus ó dhaoine aonair, trí Fhóram Plé oscailte a éascú. Eimear Ní Chonaola (TG4) a bheidh i mbun an Fhóram Plé.Is í Eimear Ní Chonaola an príomhláithreoir nuachta ar TG4. Is an Spidéal di ó dhúchas agus is céimí í d'Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Beidh sé mar aidhm ag an Siompóisiam páipéar cuimsitheach a chur le chéile, bunaithe ar imeachtaí an lae, ar na ceisteanna uile atá le tabhairt san áireamh agus athbhreithniú an Rialtais ag dul ar aghaidh. Déanfar é seo trí Rapporteur /Tuairisceoir a fháil, a leanfaidh imeachtaí an lae go géar agus a thabharfaidh faoi pháipéar a chur le chéile. Cuirfear é seo ar fáil don Rialtas mar ábhar cúnaimh don phróiseas athbhreithnithe.

Beidh an ócáid seo oscailte do mhic léinn, cleachtóirí dlí agus phobal mór na Gaeilge, mar aon le hionadaithe ó na heagrais Ghaeilge, agus gach éinne le spéis san ábhar, agus beidh fáilte ar leith roimh ionchur san Fhóram Plé.

Cuirfear sólaistí ar fáil. Tosóidh imeachtaí an lae ag 10.00am le fáilte ón Ollamh Gerry Whyte ó Scoil an Dlí, Coláiste na Tríonóide, agus le cúpla focal ó Eithne Reid O’Doherty BL, rúnaí, Craobh na gCeithre Chúirteanna.

Wednesday, July 6, 2011

Fáilte ón gConradh is ó gComhdháil!

Conradh na Gaeilge: An ceart ar fad aige!


D’fháiltigh Conradh na Gaeilge roimh thuairisc an Choimisinéara Teanga maidir le hathbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 foilsithe le déanaí. Tá na moltaí déanta ag an gCoimisinéir sa tuairisc leis an Acht a láidriú ciallmhar, loighciúil agus infheidhmithe. Is é an Coimisinéir an duine is mó ag déanamh monatóireacht ar chur i bhfeidhm an Achta agus ba chóir don Rialtas glacadh go fonnmhar lena chuid moltaí mar sin in aon athbhreithniú ar an Acht.

Donnchadh Ó hAodha
Dar le Donnchadh Ó hAodha, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: “Tá an Conradh ag lorg athbhreithnithe ar an Acht ón Ard-Fheis a bhí againn i mí Aibreáin 2011. Táimid an-sásta go bhfuil na fadhbanna le hAcht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a bhí aitheanta againn san áireamh i dtuairisc an Choimisinéara agus tá moltaí cuimsitheacha ann len iad a réiteach. I measc na réiteach sin moltar sa tuairisc:
  • Go mbeadh dualgais reachtúla á gcur ar chomhlachtaí poiblí a gcuid seirbhísí a sholáthar trí mheán na Gaeilge sa Ghaeltacht ar chomhchaighdeán leis na seirbhísí a chuirtear ar fáil trí Bhéarla in áiteanna eile
  • Chun tabhairt faoin gcastacht a bhaineann leis na seirbhísí curtha ar fáil trí na scéimeanna teanga go dtí seo, go bhforbrófaí córas nua le caighdeán a bheadh bunaithe ar rialacháin reachtúla
  • Go mbeadh soiléiriú déanta ar dhualgais reachtúla teanga sa chás go gceapann nó go n-údaraíonn comhlacht poiblí cuideachta phríobháideach nó gníomhaireacht de chineál ar bith eile le feidhmiú thar a cheann agus é ag déileáil leis an bpobal.
Arsa Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: “Tá an Rialtas ag iarraidh lagú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla an tseachtain seo roimh an athbhreithniú atá geallta i gclár an Rialtais a bheith curtha i gcrích. Tá alt breise san áireamh sa Bhille Um An Dlí Sibhialta (forálacha ilghnéitheacha), 2011 atá os comhair tithe an Rialtais an tseachtain seo go mbeidh sé ceadaithe Acht den Oireachtas a fhoilsiú ar an idirlíon in aon teanga oifigiúil amháin. Is é an Béarla atá i gceist leis an aon teanga oifigiúil amháin anseo agus níl aon chinnteacht tugtha go mbeidh an tAcht foilsithe sa teanga oifigiúil eile, an Ghaeilge, ar an idirlíon gan mhoill nó in aon chor san alt atá os comhair na dTithe. Níl ciall ag baint leis an leasú seo nuair a thógtar san áireamh gur cuireadh an dara rannóg aistriúcháin ar bun i 2009. Nár fearr an t-athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla a chur i gcrích roimh aon athrú agus idir an dá linn cinntiú leis an dá rannóg aistriúcháin go mbeidh na hAchtanna aistrithe i dtréimhse sásúil d’obair an Oireachtais.”

Tá Conradh na Gaeilge ag lorg tacaíocht na n-ionadaithe poiblí do mholtaí an Choimisinéara Teanga chun Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a láidriú agus chun aon athrú ar an Acht a chur ar athlá go dtí go mbeidh athbhreithniú déanta ar an Acht mar a gealladh i gclár an Rialtais.

Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge: Fáilte roimh “mholtaí praiticiúla ciallmhara!”

Fáiltíonn Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge roimh thuairisc an Choimisinéara Teanga a foilsíodh inniu i dtaca le hAthbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.  Tagann an t-athbhreithniú ar an Acht seo leis an athbhreithniú atá á dhéanamh ar an tseirbhís phoiblí i gcoitinne, agus tá sé mar mhír ar Chlár an Rialtais 2011-2016.

Is é príomhchuspóir an Achta ná soláthar níos mó de sheirbhísí i nGaeilge a chur ar fáil ón seirbhís phoiblí ar chaighdeán níos airde.  Faoin Acht cuirtear dualgas reachtúil ar Ranna Stáit agus ar chomhlachtaí poiblí a leithéid de sheirbhísí a sholáthar ar bhealach comhtháite trí chreat pleanála reachtúil, ar a dtugtar  ‘scéim’ a bheidh le hathnuachan gach 3 bliana le haontú an Aire agus ceann an chomhlachta phoiblí i gceist. 

Tharraing an Chomhdháil aird in 2009 ar dheacrachtaí a bhain le comhlachtaí poiblí a bhí ag tarraingt na gcos maidir le daingniú na scéimeanna reachtúla faoin Acht.  Is léir ó thuairisc reatha an Choimisinéara go bhfuil deacrachtaí leanúnacha ag teacht chun solais maidir le feidhmiú na scéimeanna sin toisc an mhoill a bhaineann le daingniú scéimeanna teanga.  Is gá breathnú go géar ar bhealaí nua chun aidhmeanna an Achta a chomhlíonadh, lena n-áirítear rangú ar chomhlachtaí poiblí mar atá molta ag an gCoimisinéir Teanga. 

Is ábhar dóchais é don Chomhdháil go bhfuil forálacha an Achta a bhaineann le cumarsáid i nGaeilge agus na rialacháin a bhaineann le húsáid na dteangacha oifigiúla i stáiseanóireacht agus i gcomharthaíocht na n-eagras stáit á gcur i bhfeidhm go héifeachtach. 

Ábhar díomá é áfach don Chomhdháil gurbh gá don Choimisinéir Teanga dhá thuarascáil speisialta a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais le déanaí maidir le cásanna inar theip ar Chomhlachtaí Poiblí moltaí an Choimisinéara a chur i bhfeidhm tar éis dóibh a ndualgais reachtúla teanga a shárú. 

Kevin De Barra
Fáiltíonn an Chomhdháil le moladh an Choimisinéara maidir le polasaí earcaíochta a cheapadh don státchóras a thabharfadh aitheantas dáiríre d’inniúlacht in dhá theanga oifigiúla an Stáit.  Ag labhairt dó faoi thuairisc an Choimisinéara dúirt Kevin De Barra, Rúnaí Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge: “Tá moltaí praiticiúla ciallmhara curtha ar fáil ag an gCoimisinéir Teanga, agus má leantar iad, cuirfear seirbhísí breise ar fáil trí Ghaeilge, a chinnteoidh an luach ar airgead is fearr do gach saoránach agus le himeacht ama sábhálfar airgead ar an Stát.  Impímid ar an Rialtas tabhairt faoin athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla gan mhoill chun cinntiú go neartófar na seirbhísí trí Ghaeilge a chuireann comhlachtaí poiblí ar fáil”.