Showing posts with label Stádas teanga. Show all posts
Showing posts with label Stádas teanga. Show all posts

Friday, March 13, 2015

Aitheantas & tacaíocht idirnáisiúnta faighte ag Liadh Ní Riada dá seasamh i bParlaimint na hÉorpa

Tá sé ráite ag an FPE Liadh Ní Riada go bhfuil sí tiomanta leanúint ar aghaidh lena chuid oibre chun deireadh a chuir leis an maolú teanga agus gur chuir sé gliondar croí uirthi an méid tacaíocht idirnáisiúnta atá faighte aici ó thosaigh an stailc.

"Ní amháin ach go bhfuair mé tacaíocht iontach don stailc sa bhaile ó soláthraí nuachta cosúil le tuairsc.ie, ach bhí sé iontach le fheiceáil go raibh suim ag soláthraí eile cosúil le Aljazeera ann. Bhí siadsan thar a bheith tábhachtach chun aitheantas idirnáisiúnta a thabhairt don stailc agus an streachailt a bhfuil againn i láthair na huaire maidir le ardú an maolú," arsa Liadh Ní Riada.

"Inné chuaigh Josep-Maria Terricabras, FPE de chuid Esquerra Republicana i dteagmháil liom chun a dhlúthpháirtíocht a léiriú don feachtas.

"Léirigh Josep-Maria an slí ina bhfuil muintir na Catalóine ag obair go dian chun aitheantas oifigiúil a bhaint amach don Chatalóinis ar feadh na blianta fada anuas. Mar sin, tuigeann siad go díreach an tionchar atá ag an idirdhealú teanga laistigh de h-institiúidí Eorpacha.

"Níl dabht ar bith ann ach go mothaíonn ár gcomhghleacaithe ón Chatalóin an frustrachas céanna a mhothaím sa slí nach bhfuil muid ábalta ár dteanga dúchais a úsáid agus muid i mbun ár gcuid oibre. Measaim féin go léiríonn sé easpa meas agus go go mbaineann sé an bonn d´ár gcearta cultúrtha.

"Níl le déanamh ag rialtas na hÉireann ach a iarraidh go foirmeálta ar Chomhairle na nAirí go gcuirfí deireadh leis an maolú sealadadh, atá i bhfeidhm le 10 mbliana. Muna ndéantar anois é ní bheidh deis ann arís go dtí 2020. I mo bharúil tá sin do-ghlactha. 

"Tá achainí agam ag iarraidh ar Enda Kenny é sin a dhéanamh agus is féidir leat d’ainm a chuir leis an n-achainí anseo!


"Tá seans maith ann gur deis atá sa stailc seo obair in aonacht lenár gcomhghleacaithe ón Chatalóin, Tír na mBascach agus ón Ghailís de bharr go bhfuil muid go léir ag troid i gcomhair ár gcearta teanga. Bhéinn thar a bheith sásta obair leo san am atá romhainn.

Mar a stopadh an Feisire Ní Riada ag labhairt ina teanga dúchais sa Pharlaimint níos túisce sa bhí ain alt ag Tuairisc.ie

Thursday, February 5, 2015

Cearta teanga in Éirinn agus san Eoraip!


Tá Comhdháil Cearta Teanga, eagraithe ag Conradh na Gaeilgear le bheith ar siúl Dé Máirt, 17 Feabhra 2015, ó 09.30 go dtí 13.30 in Óstán Wynns, Sráid na Mainistreach, Baile Átha Cliath 1.


Pléifear láidriú Bille na dTeangacha Oifigiúla 2015 (leasú) ó dheas a bheidh ag dul tríd Tithe an Oireachtais go luath, na céimeanna atá le glacadh chun deireadh a chur leis an maolú ar úsáid na Gaeilge san Aontas Eorpach agus na deiseanna eile atá ann don Ghaeilge san Eoraip. 

Rafael Ribó na Catalóine
I meas na cainteoirí tá Rafael Ribó i Massó, Ombudsman na Catalóine a bhí ag an gcéad cruinniu de Coimisinéirí Teanga i mBaile Átha Cliath (Bealtaine 2013) agus a tharraing argóint cuíosach searbh idir é féin agus ionadaí Ambasáid na Spáinne!

9.30-10.00
Clárú & Oscailt Oifigiúil 
Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán an Chonartha

10.00 - 11.30
Seisiún 1: Láidriú Acht na dTeangacha Oifigiúla

Cathaoirleach / Chair
• Máirín Ní Ghadhra, RTÉ Raidió na Gaeltachta

Cainteoirí / Speakers
• Rónán Ó Domhnaill, An Coimisinéir Teanga
• Rafael Ribó i Massó, Ombudsman na Catalóine

Painéal / Panel
• Éamon Ó Cuív, TD, Fianna Fáil
• Íte Ní Chionnaith, Conradh na Gaeilge
• Seán Kyne, TD, Fine Gael
• Trevor Ó Clochartaigh, Seanadóir, Sinn Féin

Plé

11.30 - 12.00 Sos

12.00 - 13.30
Seisiún 2:
Deireadh leis an maolú san Aontas Eorpach & deiseanna eile don Ghaeilge san Eoraip

Cathaoirleach / Chair
Eimear Ní Chonaola, TG4

Cainteoir / Speaker
An Dr. Pádraig Breandán Ó Laighin

Painéal / Panel
• Julian de Spáinn, Conradh na Gaeilge
• Liadh Ní Riada, FPE, Sinn Féin
• Lucinda Creighton, TD

Plé


Wednesday, December 11, 2013

Feachtas ar son cearta agus comhionannais do mhuintir na Gaeilge agus Gaeltachta.

Níl aon amhras ach tá géarchéim tar éis teacht chun cinn ó a d’fhógair Seán Ó Cuirreáin, An Coimisinéir Teanga, don Chomhchoiste um Fhormhaoirsiú ar an tSeirbhís Phoiblí agus Achainíocha go raibh sé ag éirí as oifig ar 23 Feabhra 2014. Tá Conradh na Gaeilge ag lorg ár dtacaíocht do na moltaí thíos.

Tá cuireadh a thabhairt dúinn teacht go cruinniú feachtais a bheidh eagraithe Dé Sathairn, 11 Eanáir 2014, ag 12.00i.n. i mBaile Átha Cliath. Go bhfios dúinn is i Halla na Saoirse a bheidh sé!
Bí ann gan teip coimeád an dá píosa den téad le chéile - Tír & Teanga

Is cinnte gurbh fógra éirí as oifig Sheáin an buille is mó don Ghaeilge le fada an lá. "Síleann muid, sa Chonradh, gur gá gníomhú láithreach ar na fadhbanna luaite ag an gCoimisinéir ina chaint don Chomhchoiste Dála. Tá go leor leor daoine i ndiaidh a bheith i dteagmháil linn leis an tuairim chéanna," dúirt úrlabhraí linn inné!

Na Moltaí
Táthar ag moladh feachtas leanúnach le rannpháirtíocht an-láidir ó mhuintir na Gaeilge agus na Gaeltachta leis na héilimh seo a leanas a bhaint amach (1-3 bunaithe ar mholtaí na Coimisinéara féin agus 4-5 bunaithe ar obair idir láimhe cheana féin):
  1. Is gá Acht na dTeangacha Oifigiúla a láidriú agus ní a lagú in 2014 (Oifig an Choimisinéara Teanga a choinneáil neamhspleách agus a láidriú san áireamh)
  2. Is gá dáta a shocrú go mbeidh Gaeilge ag fostaithe an Stáit a bheidh ag freastal ar phobal na Gaeltachta, gan cheist, gan choinníoll – ní féidir leanúint ag tabhairt ar chainteoirí dúchais Gaeilge an Béarla a úsáid agus iad ag déileáil le heagraíochtaí stáit
  3. Go mbeidh an líon earcaíocht san earnáil phoiblí do dhaoine le hinniúlacht i nGaeilge agus i mBéarla araon ardaithe ó 6% go 30% don chéad deich mbliain eile
  4. Nach leanfaí leis an maolú ar stádas na Gaeilge mar theanga oifigiúil den Aontas Eorpach tar éis an 1 Eanáir 2017
  5. An Pobal Gaeilge agus Gaeltachta a aithint mar gheallsealbhóirí i gcur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge ó dheas agus an Straitéis don Ghaeilge ó thuaidh. Is gá na struchtúir riachtanacha ardleibhéil a chur ar bun láithreach idir na húdaráis agus na heagraíochtaí pobail Gaeilge agus Gaeltachta.
Tuigtear go maith go bhféadfaí 10 n-éileamh eile a chur leis an liosta go héasca ach is mian leo díriú ar na moltaí a rinne an Coimisinéir agus éilimh á lorg cheana féin.

Cuirfear an feachtas chun cinn mar fheachtas ar son cearta agus comhionannais do mhuintir na Gaeilge agus Gaeltachta.

Tá siad ag eagrú cruinniú poiblí Dé Sathairn, 11 Eanáir 2014, i mBaile Átha Cliath ag 12.00i.n. le céimeanna an fheachtais a aontú (foilseofar eolas ar an láthair don chruinniú go luath anseo!).

Mar eolas, tá go leor déanta ag gluaiseacht na Gaeilge leis na meáin chumarsáide náisiúnta agus áitiúil ón gCéadaoin len ár n-uafás a chur in iúl don Rialtas (agus feachtas beag eagraithe dírithe ar RTÉ an Bhéarla leis an scéal a chlúdach i gceart) agus idir anois agus an cruinniú, táid ag moladh/ag eagrú:

• Go scríobhadh daoine chuig na nuachtáin faoi chás an Choimisinéara agus na moltaí déanta aige (bheadh seo an-tábhachtach ó 1 Eanáir ar aghaidh ach go háirithe le léiriú don Rialtas go mbeimid glórach agus gníomh faoi seo in 2014)
• Imeacht beag feiceálach a eagrú an tseachtain seo ar na sráideanna i mBaile Átha Cliath
• Tá tús curtha le cruinnithe a lorg le gach Aire ar an bhfochoiste Rialtais leis an Straitéis 20 Bliain a chur i bhfeidhm (i. An Taoiseach agus an Tánaiste san áireamh) faoin ngéarchéim seo.

Deireann an Conradh: "Níl ach moladh againn do ghníomh cróga an Choimisinéara. Ní don chéad uair atá sé ag taispeáint ceannaireachta do phobal na Gaeilge agus Gaeltachta. Creideann muid go láidir gur gá gníomhú anois agus ár dtacaíocht a léiriú dó agus do na moltaí curtha chun cinn aige."

Monday, February 4, 2013

Ráiteas ón gcruinniú!

Bhí ionadaíocht láidir ó phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta i láthair ag cruinniú arna eagrú ag Conradh na Gaeilge san Óstán Menlo, Gaillimh Dé hAoine (01 Feabhra 2013), ollchruinniú ónar eascair éileamh chun struchtúr riachtanach ardleibhéil a chur ar bun chun a chinntiú go n-aithnítear pobal na teanga mar gheallsealbhóirí i gcur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain donGhaeilge.

 


Julian de Spáin,
ÁrdRúnai CnaG ag
an gCruinniú
Arsa Donnchadh Ó hAodha, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: "Tá ról ag an bpobal i gcur i bhfeidhm na gcinntí a thagann ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta maidir leis An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, ach níl aon ról nó ionadaíocht ag an bpobal sa struchtúr reatha a ghlacann na cinntí féin.
"Is mór an difear atá idir comhairliúchán agus ionchur coincréiteach sna cinntí a ghlactar: ní leor dul i mbun comhairle le pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta mura bhfuil ionadaíocht ag an bpobal sin ar an mbord a dhéanann na cinntí maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise."
Tarlaíonn sé in earnálacha éagsúla go n-aithnítear na geallsealbhóirí agus go mbíonn ionadaíocht acu ag an mbord a ghlacann na cinntí móra, agus tá an t-aitheantas agus an ionadaíocht chéanna á lorg ag pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.
"Níl aon chuid den struchtúr reatha chun An Straitéis 20 Bliain a chur i bhfeidhm a aithníonn ríthábhacht ionchur an phobail agus a chinnteoidh go mbeidh an Straitéis curtha i bhfeidhm ón mbun aníos. Dá réir, níl pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ar an talamh á thabhairt san áireamh nuair atá cinntí tromchúiseacha, tábhachtacha á nglacadh agus is léir do Chonradh na Gaeilge go bhfuil seilbh ar an Straitéis á cailliúint ag an bpobal."

Tá Conradh na Gaeilge ag moladh go gcuirfí Aonad Pleanála ar bun le cinntiú go mbeidh seilbh ag an bpobal agus ag na húdaráis ar An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge le chéile agus le cinntiú go mbeidh pleanáil chomhtháite, éifeachtach, éifeachtúil i gceist ón mbun aníos. Thiocfadh leis an Aonad Pleanála teacht roimh fhadhbanna trí aontas a fháil ar cheisteanna móra a bheidh tionchar acu ar an bpobal, áit a chuirfeadh na coistí idir-rannacha tuairiscí os comhair an Aonaid Phleanála agus dhéanfaí cinntí ansin, a bheadh molta don Aire Gaeltachta le glacadh nó le diúltú leo.

Léirigh an cruinniú gur cúis mhór imní í i measc phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta, an cinneadh a ghlac An Roinn Oideachais agus Scileanna le déanaí leis an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) a chur faoin gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM)(Béarla).

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: "Is ionann an cinneadh seo chun COGG a chur faoin CNCM agus ionsaí eile ar institiúidí Gaeilge a bhfuil an-mhuinín ag pobal na Gaeilge agus Gaeltachta astu, ach creideann Conradh na Gaeilge go láidir nach mbeadh an oiread sin fadhbanna le hAcht na Gaeltachta, le haistriú Oifig an Choimisinéara Teanga, le haistriú COGG agus eile más rud é gur pléadh agus gur aontaíodh na cinntí seo roimh ré, le tuairimí na n-údarás agus an phobail Ghaeilge agus Ghaeltachta araon san áireamh.

"Tá ag teipeadh ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge mórán tionchar a imirt ar an bpobal toisc nach bhfuil ceannasaíocht ná úinéireacht ag an bpobal Gaeilge agus Gaeltachta ar a cur i bhfeidhm; níl ionadaíocht ag an bpobal ar na boird a dhéanann na cinntí maidir leis an reachtaíocht teanga agus dá réir, níl an saineolas ná taithí an phobail ar an talamh ag baint le cinntí an Rialtais chun na húdaráis a threorú sa treo ceart chun an Ghaeilge a chothú mar is cóir."

Bhí aontas sa chruinniú go gcaithfear an bearna idir an pobal agus an chumhacht a dhúnadh maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus chuige seo, bhí an cruinniú ag éileamh go n-aithneofar an pobal Gaeilge agus Gaeltachta mar gheallsealbhóirí i gcur i bhfeidhm na Straitéise; go gcuirfí Aonad Pleanála ar bun le cinntiú go mbeidh seilbh ag an bpobal agus ag na húdaráis ar an Straitéis le chéile; agus go n-éascódh an struchtúr riachtanach ardleibhéal seo an chumarsáid agus an comhoibriú idir na húdaráis agus na heagraíochtaí pobail Gaeilge agus Gaeltachta.

• Seo tuairisc ar ó Gaelscéal


Fuarathas amach faoi chinneadh Fhoras na Gaeilge i leith maoiniú Ghaelscéal díreach nuair a bhí an cruinniú thart. 
Mas mian leat i féidir cabhrú leis an bhfeachtas trén aiciní seo a shiniú!






Monday, January 21, 2013

#Tnag13: “Beart de réir Briathair”

“Beart de réir Briathair” an téama a bheidh ag Tóstal na Gaeilge 2013, a thionólfar i mBaile Átha Cliatha ar Dé Sathairn, 16 Feabhra 2013 ó 9:30am – 5pm.

San óstán Hilton (Béarla), Plás Charlemont, Baile Átha Cliath 2, a bhaileoidh pobal Gaeilge na tíre agus cairde na Gaeilge lena chéile ag Tóstal na Gaeilge chun plé a dhéanamh ar mhór nithe an lae i dtaobh na Gaeilge agus an tsochaí Gaelach.  

Tá clár cuimsitheach curtha le chéile ag lucht eagraithe an Tóstail, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, agus ar maidin pléifear beartais an Rialtais i leith na Gaeilge.  Díreoidh dhá phainéal éagsúla ar na beartais is déanaí atá curtha chun cinn ag an Rialtas faoi Acht na Gaeltachta 2012.

“Ag Tógáil Clainne Trí Ghaeilge” a bheidh mar theideal ar an gcéad seisiún plé, áit a bpléifear na deacrachtaí agus na dúshláin a bhaineann leis an seachadadh teanga ó ghlúin go glúin laistigh den teaghlach. 

Gormfhlaith Ní Thuairisg
Faoi chathaoirleacht an iriseora Gormfhlaith Ní Thuairisg de chuid Raidió na Gaeltachta a bheidh an seisiún sin, agus orthu siúd a bheidh ag roinnt a dtuairimí ar an lá beidh: Feargal Ó Cuilinn, Ceannasaí Comhluadar; Dr Briain Ó Curnáin, saineolaí ar chanúineolaíocht agus socheolaíocht na Gaeilge le hInstitiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath; Aoife Ní Shéagha, Léachtóir sa Phleanáil Teanga le OÉ, Gaillimh; agus Sorcha Ní Chéilleachair, Cathaoirleach Thuismitheoirí na Gaeltachta – Conamara.

“An Ghaeltacht in 2013” a bheidh faoi chaibidil sa dara seisiún faoi chathaoirleacht Rónán Mhic Con Iomaire, Leascheannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta.  Spreagfar neart plé faoin ábhar seo leis na haoichainteoirí: Seosamh Mac Donncha, OÉ Gaillimh, Stiofán Ó Cualáin, Údarás na Gaeltachta; Treasa Ní Mhainín, Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta; mar aon le hionadaí ón Roinn Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta

Tar éis briseadh don lón reáchtálfar dhá sheisiún eile, áit a bpléifear “Tionchar Bheartais an Rialtais ar an nGaeilge” agus “Freagrachtaí na Stát i leith thodhchaí na teanga”.   Beidh idir ionadaithe poiblí tofa agus ceannasaithe áisíneachtaí stáit i mbun díospóireachta, agus an plé sin faoi shúil ghéar Eimear Ní Chonaola, Nuacht TG4.

Fógrófar clár iomlán an Tóstail sna seachtainí beaga romhainn ar Gaelport agus beidh tuilleadh sonraí agus plé ar fáil ar na meáin shóisialta faoin haischlib #Tnag13.

Thursday, July 19, 2012

Ag cothú na todhchaí!

Seo an caint a thug an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, chuigh Scoil Samhraidh i gCeatharleach ar an 13ú lá Iúil 2012.

A dhaoine uaisle, is mór an onóir agus an phribhléid dom cuireadh a fháil a bheith libh anseo i gCeatharlach le labhairt libh ar an ócáid seo agus an Scoil Samhraidh seo a sheoladh go hoifigiúil.

Ba mhaith liom, ar dtús, buíochas a ghlacadh le Fondúireacht na Gaeilge, leis an Mheitheal Straitéise, Taighde agus Tionscnaimh, agus leis na páirtithe eile a bhfuil baint acu leis an bhfóram díospóireachta seo – Conradh na Gaeilge, Coiscéim agus Gael Linn.

Ní dócha go bhféadfadh téama níos oiriúnaí ná níos tráthúla a bheith agaibh faoi láthair: “Ag cothú na todhchaí: Forbairt na tíre agus na teanga”. Tráth a bhfuil ceisteanna móra faoinár bhflaitheas eacnamaíoch agus airgeadais, ag am a bhfuil méid áirithe ísle brí le brath ina measc siúd ar cás leo todhchaí na teanga, tá sé tráthúil go mbeadh an dá théama sin – tír agus teanga – á gceangal le chéile anseo ag an bhfóram díospóireachta.

Agus le tuilleadh a chur leis an duairceas, an lag trá agus an lagmhisneach a bhaineann le cúrsaí na tíre agus na teanga, nach tráthúil fós gur ar Aoine an 13ú atá an Scoil Samhraidh seo á seoladh! Tá súil agam nach bhfuil aon duine inár measc piseogach. Ar eagla go mbeadh, ní dhéanfaidh mé aon tagairt mórán don snag breac aonair sin a chonaic mé le hais an bhóthair agus mé ag fágáil Chonamara ar ball, ná tagairt ar bith do shiúl faoi dhréimirí nó scátháin a bheith á mbriseadh. Tá ár ndóthain den mhí-ádh, den imní agus den ísle brí inár measc faoi láthair gan tuilleadh a tharraingt orainn féin!

Cé a chreidfeadh dornán beag gairid de blianta ó shin nuair a bhí an Tíogar Ceilteach i mbarr réime, lánfhostaíocht i ngach áit, airgead fairsing agus an saol ar a mian ag cuid mhór den phobal, go bhféadfadh sé tarlú chomh gasta sin go mbeimis san áit a bhfuil muid inniu, le pócaí folmha agus cloigeann tinn, ag brath ar chineáltas na strainséirí…the kindness of strangers…. san IMF, san EU agus san ECB. Agus sa phróiseas sin, nuair a shleamhnaigh muid ó bheith ar mhuin na muice go híochtar neide, chaill muid sciar tábhachtach den fhlaitheas sin a baineadh amach le cruatan, le hanró agus le dua.

Ní ábhar iontais ar bith é, mar sin, go mbeadh brat dorcha an éadochais ag luí go trom orainn, go mbeadh easpa meanman agus misnigh orainn, go mbeimis ar bheag-uchtach agus faoi scamall na héiginnteachta. Mheas muid go bhfaca muid ar feadh seala meascán idir Tír na nÓg agus an Tír Tairngire – the Promised Land – an fearann sin a bhí ‘a sruthadh le bainne agus le mil.’ Agus anois, tá muid ar ais ar ár leataobh agus in áit na leathphingine. Dá mbeadh leathphingin againn.

Tá mé lánchinnte go mbeidh léargas an-suimiúil le fáil sa bhfóram díospóireachta seo anocht agus amárach ar na cúiseanna gur tharla an ghéarchéim mhór náisiúnta agus dhomhanda seo, ach níos tábhachtaí fós, go mbeidh smaointe le cloisteáil faoin mbealach le muid a chur ar ais ar an machaire mín arís. Tá agus beidh na saineolaithe anseo ón saol acadúil agus ó réimse na meán cumarsáide, ón Cheathrú Rua go San Sebastian na Spáinne, ón Bhruiséil go hIndiana, ó sheomraí nuachta an Irish Times go seomraí cumhachta an Bhainc Cheannais. Feictear dom féin go bhfuil sé ríthábhachtach go mbeadh ceisteanna casta eacnamaíocha agus airgeadais á bplé trí Ghaeilge mura mbeadh ann ach le cruthú gur féidir leis an seanteanga ársa seo dul i ngleic go cruinn agus go cumasach le castacht agus le caolchúis na n-argóintí faoin ábhar nua-aimseartha, dúshlánach seo.

Beidh, ar ndóigh, dearcadh á léiriú freisin ar ghnéithe de staid reatha na Gaeilge agus beidh an ceangal idir forbairt na tíre agus na teanga á mheas agus á scrúdú.

Mhair an teanga tré chruatan agus dearóil
Maidir leis an teanga agus an ghéarchéim eacnamaíochta, tá a fhios againn an méid seo: mhair an Ghaeilge trí bhlianta crua agus dearóile roimhe seo, trí ghorta agus cogaí, trí cheannas eachtrach agus trí chúlú geilleagrach, trí thrioblóidí agus éigeandáil. Ní amháin go maireann sí mar rogha theanga ag sciar den phobal i gcoitinne ar fud na tíre ach maireann sí mar theanga bheo phobail i limistéir áirithe Ghaeltachta – curtha ar aghaidh gan bhriseadh ó ghlúin go glúin le thart ar 2,000 bliain.

Ba dhona an mhaise é a cheapadh go dtiocfadh briseadh anois ar shlabhra sin na staire agus is orainne mar phobal agus ar an Stát a thiteann sé a chinntiú nach dtarlóidh sé sin. An nasc teanga sin a shíneann siar isteach sna cianta, b’fhurasta an rud go ligfí dó briseadh ach ba thruamhéalach an toradh a bheadh ar an gcliseadh sin.

Is cinnte gur thubaisteach an beart é dá ligfí don teanga bás a fháil anois. B’uafásach an rud é dá ligfí ar lár an saibhreas seanchais, an tsaíocht agus an cultúr atá i dtaisce inti. Ba bhoichte mar náisiún agus mar phobal muid dá héagmais. Cuid dár n-oidhreacht í an teanga agus cuid d’oidhreacht an domhain mhóir í. Níor cheart dúinn scaoileadh go furasta le gné chomh lárnach sin dár ndúchas.

Leagmhisneach na nEagras
Mar a dúirt mé ar ball, ní ábhar iontais ar bith é go mbeadh muid mar phobal sa tír seo in ísle brí faoi láthair de bharr an chliseadh eacnamaíoch agus baincéireachta. Tá an imní agus an éiginnteacht scaipthe go forleathan agus is beag cúinne nó earnáil nach mbraitheann gaoth fhuar, fheannta an chiorraithe ag bagairt orthu. Tá sin le brath go láidir agus go leanúnach le tamall anois ina measc siúd atá gafa le cur chun cinn na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Go deimhin, ní dóigh liom go bhfaca mé oiread lagmhisnigh nó easpa muiníne riamh roimhe seo i measc cheannairí na n-eagras Gaeilge agus Gaeltachta is atá ann faoi láthair. Tá Bille nua Gaeltacht a stiúradh trí Thithe an Oireachtais le mí anuas agus mar a dúirt mé in agallamh nuachtáin an tseachtain seo caite ní cosúil go bhfuil an fháilte atá a cur roimh an mBille nua sin, go dtí seo ar aon nós, ag baint aon mhacalla as cnoic agus beanna na Gaeltachta agus is cúis imní é sin mar nach féidir reachtaíocht shóisialta a chur i bhfeidhm mura bhfuil muinín agus tacaíocht an phobail i gcoitinne aici.

Ní raibh staid na teanga mar theanga bheo phobail chomh leochaileach riamh is atá anois sa Ghaeltacht. Níl aon cheist ach go mairfidh an teanga sa Ghaeltacht agus níor saolaíodh fós an cainteoir dúchais deiridh. Ach is ceist eile ar fad í an mairfidh sí mar theanga bheo phobail agus an mbeidh sí á cur ar aghaidh ó ghlúin go glúin gan bhriseadh gan bhearna? Chaithfeadh imní a bheith ort nuair a fheiceann tú an brú i dtreo an Bhéarla atá ag teacht ar aos óg na Gaeltachta, gan stad gan staonadh.

Agus lasmuigh den Ghaeltacht, ón méid atá á chloisteáil agam ó lucht ceannais na n-eagras Gaeilge, tá siad spíonta, tuirseach agus tromchroíoch tar éis dóibh a bheith sáite i maorlathas agus iad ag plé le blianta le díospóireacht gan tairbhe faoi shamhail nua maoinithe gan mhaith, gan toradh. Tá a gcuid ama agus fuinnimh suaite ag an mhóriarracht seo agus an fócas iomlán air sin seachas ar an obair ar cheart agus ar mhaith leo a bheith ina bun. Tá siad imníoch anois go bhfuiltear le dul ag lorg samhail úrnua maoinithe [mark 2] agus gan aon dóchas acu go mbeidh toradh níos fearr ar an bpróiseas sin ná mar a bhí ar an gcéanna atá caite ar leataobh anois.

Má deir tú leo misneach a bheith acu, go bhfuil Straitéis 20 Bliain anois ann, cuirfear ceist ort céard iad na céimeanna dearfacha, praiticiúla chun leas na teanga atá tógtha agus curtha i bhfeidhm ó foilsíodh an Straitéis sin nó de thoradh na Straitéise sin?

Comharthaí dearfacha
Os a choinne seo ar fad, tá comharthaí dearfacha go maith ann maidir le húsáid na teanga sa tír faoi láthair. Léirigh staitisticí ón daonáireamh deiridh go raibh méadú 7% ón daonáireamh roimhe sin ar líon na ndaoine sa tír a dúirt go raibh Gaeilge acu. Bhí méadú 7% ar líon na ndaoine lasmuigh den chóras oideachais a dúirt gur úsáid siad an teanga go laethúil. Tháinig méadú 3% ar líon na ndaoine sa Ghaeltacht a dúirt gur úsáid siad an teanga go laethúil, lasmuigh den chóras oideachais.

Claonadh dearfach agus dea-scéala atá sna staitisticí sin. Tá cuid mhór den phobal i gcoitinne ar son chaomhnú agus chur chun cinn na teanga agus tá sin léirithe go soiléir i dtaighde agus i suirbhéanna éagsúla in imeacht na mblianta. Léirigh staidéar a rinne Ollscoil na hÉireann, Má Nuad roinnt bheag blianta ó shin go raibh 93% den phobal ar son chaomhnú nó chur chun cinn na Gaeilge agus bhí níos lú ná 7% glan ina coinne.

Tacaíocht ón Stáit
Níl aon amhras orm ach go bhfuil bearna shuntasach idir mianta an phobail i leith na teanga agus iarracht an státchórais féin i leith na teanga.

Glactar leis nach mairfidh an Ghaeilge mar rogha theanga an phobail sa Ghaeltacht mura bhfuil stádas ag an teanga agus í á húsáid i ngach gné de shaol na tíre, i dTithe an Oireachtais, sna cúirteanna, in obair laethúil na seirbhíse poiblí, i gcúrsaí gnó, creidimh agus spóirt, mar shampla. Agus ní mhairfidh sí sna réimsí sin den saol mura mbeidh pobail Ghaeltachta ann a bhfuil sí mar theanga bheo phobail acu. Tá an dá ghné sin fite fuaite ina chéile agus iad ag brath go hiomlán ar a chéile.

Creidim go bhfuil ceithre rud riachtanach d’fhorbairt na teanga:
 • Cumas teanga a thabhairt don phobal i gcoitinne, tríd an gcóras oideachais ar fud na tíre, agus ó dhúchas i gcás na Gaeltachta. Tá obair ollmhór le déanamh fós sa réimse sin. 
 • Is gá deis úsáide a sholáthar, áit agus spás a chruthú don teanga i ngach cuid agus i ngach gné de shaol na tíre, i gcúrsaí gnó agus eacnamaíocha, i gcúrsaí sóisialta agus spóirt, i gcúrsaí dlí, creidimh, riaracháin, pobail agus eile. 
• Teastaíonn ceannaireacht agus dea-shampla d’úsáid na teanga. Tá sin fíorthábhachtach go háirithe i measc an aosa óig. 
• Agus is gá cosaint a thabhairt don Ghaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht. 

An dtarlóidh na rudaí sin tráth a bhfuil an geilleagar in ísle brí agus muid féin in ísle brí leis? Cuirfear an cheist an acmhainn dúinn caiteachas a dhéanamh ar na nithe seo nuair atá na pócaí folamh go maith? An freagra a bheadh agamsa ná an acmhainn dúinn gan an caiteachas riachtanach sin a dhéanamh? Cén sórt tíre a bheadh againn dá ligfimis dár n-oidhreacht chultúrtha atá mar chuid d’oidhreacht an domhain mhóir bás a fháil. Cén meas a bheadh orainn, nó níos tábhachtaí fós, cén meas a bheadh againn orainn féin dá scaoilfeadh muid le sruth gné chomh lárnach sin dár ndúchas?

Agus creidim go bhfuil sé rí-thábhachtach nach ngéillfeadh muide ar cás linn an teanga ársa seo ach go mbeadh misneach, muinín agus dóchas againne ar fad. Mar a dúirt mé níos luaithe, mhair sí trí bhlianta crua agus dearóile roimhe seo. Is cuma faoi dhorchadas na h-oíche reatha, tagann breacadh an lae arís i gcónaí le h-éirí na gréine .

Deis iontach í an Scoil Samhraidh seo le bheith “ag cothú na todhchaí...ag forbairt na tíre agus na teanga” agus leis na ceisteanna a eascraíonn as sin a phlé. Molaim lucht eagraithe na hócáide agus na cainteoirí ar fad a bhfuil dua curtha acu orthu féin ag ullmhú a gcuid smaointe le cur inár láthair anseo. Tá súil agam go mbainfidh sibh ar fad tairbhe agus taitneamh as imeachtaí an deireadh seachtaine agus is mór an phribhléid dom a fhógairt anois go bhfuil an Scoil Samhraidh seo seolta go hoifigiúil anois. Go raibh maith agaibh ar fad.

Thursday, March 22, 2012

Ag tógáil do theaghlaigh le Gaeilge!


Plé agus taighde ann ar na fadhbanna a bhaineann leis, agus conas iad a shárú

Fairis na mílte teaghlach sa Ghaeltacht, cónaíonn na céadta teaghlach Gaelach eile taobh amuigh den Ghaeltacht sna bailte, sna cathracha, agus thar lear.

Anailís agus cur síos atá sa leabhar seo, Thógamar le Gaeilge Iad, ar na teaghlaigh Gaelacha seo i gcoitinne, agus go háirithe ar na fadhbanna lena gcaithfidh siad streachailt gach lá, idir scolaíocht, comhluadar, rialtas áitiúil, seirbhísí pobail, acmhainní foghlama agus siamsaíochta, meáin, cearta sibhialta agus eile.

Ach tuar dóchais atá sa leabhar seo, atá foilsithe ag Coiscéim. Taispeántar an chaoi ina bhfuil pobal cainteoirí dúchais ag teacht chun cinn sna cathracha, ainneoin easpa tacaíochta ó na húdaráis, agus mar atá an eagraíocht Comhluadar, a thosaigh sna nóchaidí le cúpla scór teaghlach, anois ag freastal ar bhreis agus 650 teaghlach.

Thar aon rud eile, ámh, tugann an leabhar seo dóchas do dhuine ar bith atá ag déanamh machnaimh ar thógáil clainne le Gaeilge. Cuirtear síos, ní amháin ar na míbhuntáistí, ach ar na buntáistí agus an luach saothair a bhaineann le páistí a thógáil le Gaeilge. Taispeántar freisin go bhfuil daoine go leor ag glacadh leis an dúshlán seo cheana féin.

Pointí
• Tá Gaeilge á labhairt mar theanga teaghlaigh ar fud na hÉireann agus thar lear.
• Tá eagla mar sin féin ar go leor tuismitheoirí (go háirithe siúd nach cainteoirí dúchais iad) go bhfuil a bpáistí ag foghlaim drochGhaeilge (rud nach fíor, den chuid is mó).
• Tá roinnt tuismitheoirí den tuairim go bhfuil drochthionchar ag scoileanna ar Ghaeilge a bpáistí.
• Maireann roinnt teaghlaigh Gaelacha faoi scáil dhorcha Hugo Hamilton. Chun lipéad na héadulaingthe a sheachaint, roghnaíonn roinnt tuismitheoirí gan socraithe daingne teanga a bheith acu ina dteaghlaigh, rud a mhilleann cúrsaí teanga iontu go tapa.
• Is féidir páistí a chur ag labhairt Gaeilge gan dua ná strus, ach an cur chuige ceart a bheith agat.
• Foghlaimeoirí, seachas cainteoirí dúchais, is ea cuid suntasach de na tuismitheoirí nua.
• Níl mórán freastail á dhéanamh ar dhéagóirí le Gaeilge go fóill.

Wednesday, March 14, 2012

Ceadúnas Teilifíse!

Taobh istigh dhá bhliain le cúnamh Dé!
Ní féidir ceadúnas teilifíse a íoch tré Ghaeilge ar an bhfón nó ar líne. Roime seo bhí sé de nós agam íoch as seo sa phost agus ar ndóigh níl aon fhadhb ó thaobh na Gaeilge de é sin a dhéanamh ach níl aon rogha ag Poball na Gaeilge é a íoch sna slí is simplí an fiche aoise déag!

Rinne mé gearán leis an gCoimisinéar Teanga ach toisc nach bhfuil aon dualgas reachtúil ann, áfach, níl an t-údarás aige aon bhrú a chuir ar an Post ina leith.


Ar ndóigh, dá mbeadh an scéim teanga daingnithe, seans go mbeadh an obair seo tosaithe níos túisce, ach mar a léirigh an Coimisinéir Teanga le déanaí, tá folús á chruthú mar nach bhfuil scéimeanna á ndaingniú.


Scríobh mé chucu mar sin!

A chara,

Fuair mé fógra uaibh faoin athnuacháin mo cheadúnais teilifíse. Bhí sé (mar is ceart) i nGaeilge agus Béarla agus bhí mé sásta íoch as. An bealach is éasca é a dhéanamh ná ar-líne agus chuaigh mé díreach go http://www.tvlicence.ie (sic) mar a mholann sibh ar an bhfógra. Ach ní féidir liom an ceadúnas a íoch ansin mar níl leagan Gaeilge ansin agaibh.

Molainn sibh glaoch ar 1890228528 agus mar an gcéanna ní féidir liom é a íoch ansi ach an oiread mar is i mBéarla amháin atá sé.

Tá mé sásta an ceadúnas a íoch nuair atá sib-se sásta chóras ceart cruinn íochíochta i nGaeilge a thabhairt dom.

Mise le meas oraibh

Eoin Ó Riain

From: Patrick Coffey
Date: 13 Márta 2012 15:29:08 MAG
Subject: RE: Ceadúnas teilifíse!

Eoin

A chara

Go raibh maith agat as an ríomhphoist a chuir tú chugainn ar 06 March 2012 maidir le seirbhís trí Ghaeilge a fháil ar ár suíomh idirlín _www.tvlicence.ie agus ár Ionad Glaonna 1890 228 528

Mar a duirt tú, níl leagan Gaeilge den Ionad Glaonna ná www.tvlicence.ie ar fáil anois agus tá brón orm nach bhfuil siad ann fós.
Tá An Post meáite ar rogha a thabhairt dár gcustaiméirí a gcuid ghnó a dhéanamh linn trí mheán na Gaeilge. Chuige seo, tá sé ar intinn againn leagan Gaeilge dár suíomh a chur ar fáil agus tá sé seo á fhorbairt faoi láthair. Caithfimid na hÁit-Ainmneacha go léir sa bhunachar sonraí a aistriú go Gaeilge. Nuair a bheidh an tasc mór sin déanta againn, cuirfimid an leagan Gaeilge den suíomh idirlín ar fáil laistigh dhá bhliain le cúnamh Dé

Táimid ag baint triail as iárionad glaonna nua as Gaeilge agus Béarla faoi láthair. Nuair a bheidh I.T. sásta leis, beidh sé ar fáil faoin mBealtaine 2012 le cúnamh Dé.

Is mise le meas

Pat Coffey

**************************************************************************************************
This e-mail and its attachments, is confidential and is intended for the addressee(s) only. If you are not the intended recipient, disclosure, distribution or any action taken in reliance on it is prohibited and may be unlawful. Please note that any information expressed in this message or its attachments is not given or endorsed by An Post unless otherwise indicated by an authorised representative independently of this message. An Post does not accept responsibility for the contents of this message and although it has been scanned for viruses An Post will not accept responsibility for any damage caused as a result of a virus being passed on.

An Post, incorporated with limited liability, registered in Ireland, registered number 98788, Registered Office: General Post Office, O'Connell Street, Dublin 1.
**************************************************************************************************

Saturday, March 3, 2012

Meas ar theanga ar dá thaobh den Mhuir Meann!

Agus Árd Fheis Fianna Fáil san RDS ag an deireadh seachtaine rinne mé scuaird ar suíomhanna na páirtithe "móra" in Éirinn agus sa Bhreatain Bheag! Cén meas atá acu ar an dteanga 'náisiúnta!" Chuaigh mé chuig na suíomhanna éagsúla agus rinne mé iarracht an cnaipe teanga a fháil agus a bhrú. Seo na torthaí!

Sé Fine Gael an Páirtí is mó sa Dáil  le 74 suíocháin, agus seo an leathanach atá acu. Ní bheadh fhios agat go raibh teanga náisíunta ar bith sa tír. Dár leis an suíomh seo is teanga marbh í an Ghaeilge!
Níl fiú agus cnaipe "Gaeilge" le fáil ar an suíomh seo!
Scríobh mé chuig an páirtí seo faoin easpa Gaeilge ar an suíomh agus fuair mé an fhreagra seo, focal ar fhocal.




".... One of my colleagues who normally would translate replies for me is currently out ill. Rather than waiting further for the person to come back before sending you a reply I decided to reply to you personally, albeit in English. 

You may a fair point regarding the website. I have passed on your comment. It is something I myself have raised and will continue to."


An dara pháirtí is laidre sa Dáil is sea Páirti an Lucht Oibre (35). Arís níl aon leagan Gaeilge den suíomh ann acht tá mírín an-bheag ag a bun faoin titeal "Our Principles" agus tá trí nasc ann:
• Core Party Principles
• As Gaeilge
• Polski
Polainnis agus Gaeilge ar chomh chéim!
Tá mé ag ceapadh nach bhfuil ach 19 suíochán ag Fianna Fáil sa Dáil anois. Toisc an stair atá leis an bPáirtí sin, "The Republican Party" mar a ghlaotar ortha (i mBearla ar an suíomh acu!) cheapfá go mbeadh leagan Gaeilge ag an suíomh acu. Le dóchas brúann tú ar an nasc "Gaeilge" agus faigheann tú é seo:
Cinn teidil i nGaeilge an "fheoil" i mBéarla!
Athraíonn cuid de na cinn teidil, ach ní iad go léir. Mar shampla ní féidir liom mé fhéin a chlarú mar ball de Fhianna Fáil i nGaeilge.

Tá 14 baill ag Sinn Féin sa Dáil agus tá an ainm ag an bpáirtí sin go bhfuil sé go mór ar son na Gaeilge. Deineann ceannaire an pháirtí sin an-iarracht an "cupla focail" a rá sna díospóireachtaí. Mar sin cheapfá go mbeadh aitheantas faoi leith agus so-fheicthe ar a suíomh. Ach, mo léan, níl sé mórán níos fearr ná suíomh Fianna Fáil.
Béarla agus beagáinín den Gaeilge tríd!
Ó bheith ag breathnú ar shuíomhanna na páirtithe móra sa Dáil tá sé soiléir, ró-shoiléir, gur cuma leo ár dteanga Náisiúnta.

Má feictear soir chuig an Bhreatain Bheag, atá fós sa Ríocht Aontaithe, tá trí pháirtí mór sa tír sin. An ceann is mó is sea Lucht Oibre. Feictear an difríocht chomhluath agus a théann tú chuig an suíomh. 
Fáilte roimh an mBreatnais
Cé nach bhfuil gach rud i mBreathnais bheadh fhios agat gur páirtí den Bhreatain Bheag é Llafur cé gur chuid de pháirtí mó Westminster é.

Ait go leor siad na Conservatives and dara páirtí is mó i gComthionóil na Breataine Bige. Tá suíomh an-chosúil le ceann Fine Gael in Éireann níl Breatnais ar bith sa suíomh ná nasc chuig leathnach sa teanga sin.
Fine Gael na Breataine Bige!
Sé Plaid Cymru an triú páirtí sa Bhreatain Bheag. Páirtí náisiúnach gan leaitscéal ar bith hiad agus deineann siad an iarracht is fearr gan amhras. Má bhrútar an nasc "Cymraeg" tógtar chuig suíomh breá Breatnach. Gach alt, gach ceann teidil sa Bhreatnais.
Rud nár thárla in Éirinn!

Mo náire ar Fine Gael, Lucht Oibre, Fianna Fáil, Sinn Féin! 

Mar a deireann Éire i bhfocail an Phiarsaigh,

"Mór mo náir mo chlann féin ag díol a Máthair..."

Monday, February 20, 2012

"Níl aon riachtanas dlíthiúil..." Bus Átha Cliath

..seachas na Gael?
Chuireas teachtaireacht chuig Bus Éireann le déanaí faoi nach Bus Átha Cliath ach Dublin Bus atá ar a suíomh acu. Tá jab mhaith déanta anois acu de na comharthaí ama ag na stáid bhus sa cathair (taobh amuigh de botúin ait ó am go chéile mar seo ag an Nollaig. Ach bhí ar an Coimisinéir Teanga brú a chuir ortha é sin a dhéanamh.  Níl Gaeilge ar bith ar an suíomh acu (Dublin Bus) afach!

Seo an comhfhreagras:

A Chara
Bhí sé de nós agam dul chuig busathacliath.ie chun teacht ar eolas faoin clár ama na mbusanna i mBaile Átha Claith ach níl sé ag obair anois! Ar athraing sibh bur ainm in iomlán go Béarla anois. Cé fáth?
Déanam an rud céanna le Iarnród Éireann agus cé nach bhfuil iarnrodeireann.ie ann anois chuireann sé go uaithoibríoch chuig an suíomh agus URL nua mé.
Le meas

Eoin, a chara,
Go raibh maith agat as ucht ár gcuid airde a tharraing ar an ábhar seo. Tá an suíomh gréasáin www.busathacliath.ie i mbun feidhme. Is féidir le fostaithe de chuid Bus Átha Cliath breathnú air go hinmheánach ag baint úsáide as ríomhairí na cuideachta agus tá iniúchadh á dhéanamh againn faoi láthair ar an bhfáth nach féidir breathnú ar an suíomh go seachtrach.
Is mise le meas,
Maria
Maria Brennan
Acting Media and Communications Manager
Media and Communications Department, Dublin Bus,

Maria,
Gura maith agat.
Feicim nach bhfuil an eolas le fáil i nGaeilge ar an suíomh. Céard iad na pleannana atá agaibh leis an obair sin a dhéanamh agus go mbeidh muid i ndán an eolas a léamh agus ticéidí a órdú i nGaeilge ann?
Beir bua!

Eoin, a chara,

Níl suíomh gréasáin Bhus Átha Cliath ar fáil ach i mBéarla amháin faoi láthair.

Ag an bpointe seo, níl sé i gceist againn leagan Gaeilge den suíomh gréasáin a chruthú. Tá roinnt cúiseanna leis seo:
  • Tá Bus Átha Cliath gafa le staid airgeadais deacair de thoradh an chúlaithe. Bheadh costas suntasach i gceist le haistriúchán a dhéanamh ar an bhfaisnéis agus na háiseanna uile atá ar fáil ar ár suíomh gréasáin i láthair na huaire.
  • Bheadh acmhainn tiomnaithe ag teastáil le suíomh gréasáin Gaeilge a choinneáil chun a chinntiú go gcoimeádfaí an fhaisnéis suas chun dáta agus cruinn. Mar shampla, is féidir an chuid News Story den suíomh gréasáin againn a nuashonrú ar an toirt anois le faisnéis seirbhíse. Mar an soláthraí iompair phoiblí is mó i mBaile Átha Cliath, tá ár gcuid seirbhísí faoi réir athruithe um bainistiú tráchta ar bhonn laethúil. Má tharlaíonn tionóisc sa chathair, is minic go gcuirtear seirbhísí ar mhalairt slí ar gearrfhógra agus seans nach leanfadh sé seo ach achar gairid ama. Déantar ár rannóg News Story a nuashonrú go gasta leis an bhfaisnéise seo do chustaiméirí agus bheadh acmhainn bhreise de dhíth chun leagan Gaeilge den rannóg úd a sholáthar chun a chinntiú go n-aistreofaí an cineál seo faisnéise go cruinn ar bhonn tráthúil.
  • Níl aon riachtanas dlíthiúil ann leagan Gaeilge den suíomh gréasáin a sholáthar.

Tá súil agam nach gcruthaíonn sé seo aon mhíchaoithiúlacht duit.
Is mise, le meas,

Maria Brennan
Acting Media and Communications Manager

Is minic a faightear freagraí mar sin.

De gnath is ceist "aistriúchán" ó Bhéarla go Gaeilge, atá i gceist ach cén fáth nach féidir stuif a scríobh i nGaeilge agus a aistriú go Bearla. Meas tú cén cineál a deanadh faoi "chostas aistriúcháin" ansin?

Tuesday, February 7, 2012

Níl práinn leis an nGaeilge! (Ceoláras Náisiúnta!)

Seo píosa a roinn Seanán Ó Coistín le Díograiseoirí na Gaeilge le deanaí! is cosúil gur scríobh sé chuig an Ceoláras Náisiúnta (Béarla)

"A chairde, seo an freagra a bhfuair mé ó cheannasaí margaíochta an Cheolárais Náisiúnta, Rosita Wolfe, nuair a d'iarr mé uirthi rogha Gaeilge a chuir ar na hinnill ticéid -


"Many thanks for your email Seanan but unfortunately this is not a priority for us at the moment
Will get back to you in due course if it becomes of interest.
Kind regards
Rosita

Rosita Wolfe"

Is gá dúinn a léiriú di go bhfuil éileamh ann. Seolaigí teachtaireachtaí béasta chuig rosita.wolfe@nch.ie agus cuir in iúl di gur mhaith libh rogha Gaeilge ar na hinnill ticéid."

Más féidir a natch cainte béarla  a úsáid is freagra "clasaiceach" é gan aon amhras. Tá sé ioncurtha le litir a fuair mé ó Éircom ar litir a sheol mé i nGaeilge chucu fadó "Now we are no-longer a state company we have no statuary obligation to respond to correspondence in Irish!"