Showing posts with label Toghchán. Show all posts
Showing posts with label Toghchán. Show all posts

Friday, April 25, 2014

Toghcháin na hEorpa - ceisteanna faoin nGaeilge!


Seo treoir cheisteanna a furathas le deanaí ó Chonradh na Gaeilge, d'iarrathoirí Toghchán Eorpacha a bheidh á reáchtáil ar fud na tíre ar 22 – 23 Bealtaine 2014. Tá ceisteanna samplacha maidir le todhchaí na Gaeilge agus na Gaeltachta leagtha amach do na hiarrthóirí mar aon le pointí eolais gurb fhiú go mór a chur ar shúile na n-iarrthóirí éagsúla.

Tabhair faoi dearadh go bhfuil suíomh faoi leith ar fáil ag Parlaimint na hEorpa www.toghchain2014.eu agus tá siad ar twitter chomh maith ag @Europarl_GA. Más ar twitter atá tú bhain faidhm as hais clib #EP2014. Ta eolas le fáil anseo in an chuid teangacha.

Tá toghcháin do na Chomhairle Chontae ar siúl ag an am céanna agus tá ceisteanna eile molta do na hiarathóirí sin anseo: Na toghcháin áitiúla agus an teanga!.

Ceist 1
(a) Má thoghtar mar chomhalta de Pharlaimint na hEorpa tú, an labhróidh tú Gaeilge go rialta agus mar ghnáthchleachtas sa Pharlaimint?

(b) Muna bhfuil tú compordach le caighdeán do chuid Gaeilge, an gcuirfidh tú feabhas ar do chuid Gaeilge trí ranganna Gaeilge a ghlacadh nó cúrsa féin-foghlaim ar líne a dhéanamh chun a chinntiú go mbeidh do dhóthain Gaeilge agat chun an ionadaíocht chuí a dhéanamh, ach go háirithe do phobal na Gaeilge agus Gaeltachta, i bParlaimint na hEorpa?

Ceist 2
An bhfuil tú sásta a fhógairt go poiblí mar chuid de d’fheachtas toghchánaíochta gur mian leat go ndéanfaí an maolú ar stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach a chur ar ceal ag deireadh na bliana 2016? Chun go dtarlódh sé sin, bheadh ar Rialtas na hÉireann a chur in iúl do Chomhairle an Aontais Eorpaigh gan mhoill go bhfuil sé ar intinn aige deireadh an mhaolaithe a mholadh ag cruinniú foirmiúil sa bhliain 2015

Cúlra:

  • - Aithníodh an Ghaeilge mar theanga oifigiúil den Aontas Eorpach ón 1 Eanáir 2007.
  • - Cuireadh maolú ar an stádas sin, ar dtús ar feadh tréimhse 5 bliana go dtí deireadh 2011, agus arís go dtí deireadh 2016, ionas nach gá na doiciméid dhlíthiúla ar fad a aistrítear go dtí na teangacha oifigiúla eile a chur ar fáil i nGaeilge. Tugadh easpa saineolaithe Gaeilge mar chúis don mhaolú, ach níl an easpa sin ann a thuilleadh.
  • - Anuas air sin níl an deis chéanna ag ionadaithe na hÉireann an Ghaeilge a úsáid san Aontas Eorpach de dheasca easpa ateangairí.
  • - Is faoi Rialtas na hÉireann atá sé a iarraidh go hoifigiúil ar an Aontas Eorpach gan an maolú ar stádas na Gaeilge a athnuachan agus is gá dóibh an cinneadh sin a ghlacadh go luath má tá an feachtas earcaíochta a mbeadh gá leis idir seo agus 2017 le riaradh i gceart.
  • - Tá daoine á bhfostú ag an Aontas Eorpach faoi láthair (m.sh. tá 10 bpost do dhlítheangeolaithe le líonadh in 2014). Beidh breis is 180 post breise le líonadh roimh 01/01/17 má chuirtear deireadh leis an maolú.
  • - Glacadh leis an Mháltais mar theanga oifigiúil in 2004 agus d’éirigh leo fáil réidh leis an maolú a bhain leis an teanga sin taobh istigh de 3 bliana Baineadh é seo amach trí chonarthaí sealadacha a thabhairt do go leor saineolaithe Máltaise chun deis a thabhairt dóibh an tríú teanga a shealbhú agus iad ag obair le hinstitiúidí an Aontais. Tá an tríú teanga riachtanach le go bhfaighfeá post buan mar shaineolaí teanga.


Cé na buntáistí breise a bheidh ann d’Éirinn má chealaítear an maolú ar stádas na Gaeilge san AE?

  • - Bheadh an Ghaeilge ar chomhchéim le gach ceann eile den 24 teanga oifigiúil san Aontas Eorpach, Máltais, Eastóinis agus Laitvis ina measc.
  • - Chuirfí 183 post ar ardluach ar fáil idir seo agus 2017 (103 aistritheoir, 32 dlítheangeolaí, 42 rúnaithe agus 6 ceann aonaid) gan aon chostas ar Rialtas na hÉireann.
  • - Bheadh buntáiste fadtéarmach maidir le tionchar na hÉireann san Aontas Eorpach de réir mar a rachadh líon áirithe de na daoine seo ar aghaidh go dtí poist a bhaineann le réimsí polasaí san Aontas Eorpach.
  • - Chuirfeadh sé le stádas na Gaeilge in Éirinn, thuaidh agus theas, agus leis an íomhá den teanga sa phobal, ach go háirithe i measc daoine óga in aois scoile agus ag an tríú leibhéil.

Wednesday, April 23, 2014

Na toghcháin áitiúla agus an teanga!

Tá ceisteanna samplacha maidir le todhchaí na Gaeilge agus na Gaeltachta leagtha amach do na hiarrthóirí mar aon le pointí eolais gurb fhiú go mór a chur ar shúile na n-iarrthóirí éagsúla. (Foilsithe ag Conradh na Gaeilge le déanaí)

CEIST 1:
An Roghnaíonn Tú Todhchaí Dár dTeanga?
Nótaí tábhachtacha ar an gceist gur fiú a chur in iúl sula bhfreagraíonn an t-iarrthóir an cheist seo:
  • B’fhiú a chur in iúl don iarrthóir sula dtugann siad freagra gur gá gníomh a dhéanamh má roghnaíonn siad todhchaí dár dteanga & go mbeimid ar ais chucu maidir leis an ngníomh
  • Foilseofar agus scaipfear ainmneacha na n-iarrthóirí ar phobal na Gaeilge agus Gaeltachta a roghnaíonn todhchaí dár dteanga le haitheantas a thabhairt dá dtacaíocht
CEIST 2:
An bhfuil tú toilteanach seirbhís as Gaeilge a chinntiú do phobal na Gaeilge agus Gaeltachta ar comhchaighdeán leis na seirbhísí as Béarla ón údarás áitiúil? m.sh. iarratais pleanála, seirbhísí tithíochta, srl..
Nótaí eile:
  • Ó Dheas: An ndéanfaidh an t-iarrthóir cinnte de go gcuirfear coinníoll i ngach conradh le soláthróirí seirbhíse don údarás áitiúil gur gá dóibh seirbhís as Gaeilge a chur ar fáil, m.sh. Comhlachtaí dramhaíola, comhlachtaí seirbhíse (ar nós Dublin Bikes - níor cuireadh aon choinníoll maidir le húsáid na Gaeilge sa chonradh agus ní féidir rothar a ghlacadh ar iasacht anois as Gaeilge) nó eile
  • Ó Thuaidh: An mbeidh an t-iarrthóir sásta abhcóideacht a dhéanamh go poiblí chun Acht na Gaeilge a reachtú i bParlaimint Westminster le creatlach ceart a bhunú d’fhorbairt na Gaeilge ó thuaidh agus a chinntiú go mbeidh an t-údarás áitiúil ag cur na Gaeilge chun chinn mar atá leagtha amach sa Cheart Eorpach, mar shampla maidir le comharthaí dátheangacha sa cheantar chomhairle bhuirg
CEIST 3:
Ceist áitiúil – m.sh. maidir le comharthaíocht áitiúil, cóiríocht do ghaelscoileanna nó lárionaid Ghaeilge, tacaíocht an údaráis áitiúil d’imeachtaí phobal na Gaeilge, bunseirbhísí & oifigí lonnaithe sa Ghaeltacht, srl..


Fíricí ar an nGaeilge do na hiarrthóirí:
• Tá beagnach 2 mhilliún duine ar oileán na hÉireann a bhfuil cumas éigin sa Ghaeilge acu

• De réir staitisticí, tá: tacaíonn 93% den daonra ó dheas leis an nGaeilge a athbheochan nó a chaomhnú (ESRI & OÉ Magh Nuad ar son Mhichíl Mhic Gréil, 2009); 35% ar son úsáid na Gaeilge ó thuaidh agus 53% ar son deiseanna breise a bheith ag daoine í a fhoghlaim ó thuaidh (Suirbhé Omnibus TÉ); 27% den daonra ó dheas ag tacú leis an nGaeilge mar phríomh-theanga an stáit (Ipsos MRBI ar son an Irish Times)

• Tá os cionn 200 gaelscoil idir bhunscoileanna agus mheánscoileanna ar oileán na hÉireann

• Tá inmharthanacht na Gaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht i mbaol (de réir an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid Na Gaeilge sa Ghaeltacht, 2007)

• Tá luach eacnamúil leis an nGaeilge don gheilleagar, m.sh. is fiú €6 mhilliún don bhaile / chathair a mbíonn an tOireachtas eagraithe ann; is fiú os cionn €136 milliún an Ghaeilge do gheilleagar na Gaillimhe go bliantúil; is fiú os cionn €20 milliúin na coláistí samhraidh Gaeilge don gheilleagar

• Tugann an Ghaeilge buntáistí breise dá lucht labhartha/foghlama, m.sh. bíonn sé níos éasca an tríú agus an ceathrú teanga a shealbhú; bíonn buntáistí cognaíocha ann (i. smaointeoireacht cruthaitheacht, íogaireacht cumarsáide, fadhbanna a réiteach); bíonn léirthuiscint níos fearr ar oidhreacht an oileáin, srl..